Language of document :

Caingean arna tabhairt an 26 Feabhra 2024 – Global Legal Action Network agus CAN-Europe v an Coimisiún

(Cás T-120/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Global Legal Action Network (Gaillimh, Éire), Climate Action Network Europe (CAN-Europe) (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaí: H. Leith, Abhcóide)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh an Choimisiúin (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’), a seoladh trí litir an 14 Nollaig 2023, lenar dhiúltaigh sé d’iarraidh ar athbhreithniú inmheánach dár dáta an 23 Lúnasa 2023 arna dtabhairt ag na hiarratasóirí de bhun Airteagal 10 de Choinbhinsiún Aarhus 1 ;

a ordú don Choimisiún na costais arna dtabhú ag na hiarratasóirí sna himeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear earráid sa chinneadh atá faoi chonspóid nuair a diúltaíodh do Roinn IV den iarraidh ar athbhreithniú inmheánach toisc é a bheith do-ghlactha. Bhí aon chinneadh nach bhféadfadh na forais i Roinn IV den iarraidh ar athbhreithniú inmheánach tacú le hiarraidh na n-iarratasóirí ar athbhreithniú inmheánach earráideach freisin. D’eascair na hearráidí seo as cur i bhfeidhm na tástála dlí mícheart agus/nó as earráidí follasacha measúnaithe.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid sa chinneadh atá faoi chonspóid nuair a diúltaíodh do fhorais na n-iarratasóirí, toisc iad a bheith gan bhunús, lena lorgaíodh athbhreithniú inmheánach ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1319 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 20231 . Eascraíonn ceithre chuid as an saincheist dlí seo, a léiríonn gur cuireadh an tástáil dlí mhícheart i bhfeidhm agus/nó gur bunaíodh an cinneadh atá faoi chonspóid ar earráidí follasacha measúnaithe.

An chéad chuid, lena n-éilítear earráid sa chinneadh atá faoi chonspóid nuair a chinneadh nach bhfuil dualgas dlíthiúil infheidhme measúnú a dhéanamh ar laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda a mbeadh riachtanach chun téamh domhanda a choinneáil ag 1.5o C (lena mbaineann dualgas measúnú a dhéanamh ar indéantacht bealaí astaíochtaí chun é a dhéanamh, lena n-áirítear indéantacht spleáchas ar teicneolaíocht cealú dé-ocsáid charbóin arna nglacann bealaí áirithe). Bhí earráid sa chinneadh atá faoi chonspóid freisin nuair a tugadh le tuiscint gur cuireadh a mhéid a bhfuil sé indéanta brath ar theicneolaíocht cealú dé-ocsáid charbóin san áireamh

An dara chuid, lena n-éilítear earráid sa chinneadh atá faoi chonspóid nuair a maíodh nach bhfuil dualgas dlíthiúil ar an Aontas Eorpach chun a spriocanna astaíochtaí 2030 a shocrú go seasta le tomhas reasúnta do chion cothrom dos na laghduithe astaíochtaí domhanda a mbeadh riachtanach chun téamh domhanda a choinneáil ag 1.5o C.

An triú chuid, lena n-éilítear earráid sa chinneadh atá faoi chonspóid nuair a diúltaíodh foras an athbhreithniú inmheánach á áitiú go bhfuil dualgas ar an Aontas, i dtreo tomhas reasúnta dá chion cothrom, méid iomlán a laghduithe astaíochtaí ar féidir leis a bhaint amach sa bhaile. Níor dhíospóid an cinneadh atá faoi chonspóid an dualgas a bheith ann nó iarracht a léiriú go raibh na leithdháiltí astaíochtaí bliantúla socraithe i gcomhréir leis an dualgas sin.

An ceathrú chuid, lena n-éilítear earráid sa chinneadh atá faoi chonspóid nuair a diúltaíodh foras an athbhreithniú inmheánach á áitiú gur theip ar mheasúnacht a thacaíonn le leithdháiltí astaíochtaí bliantúla cearta bunúsacha a bhreithniú, nó a thionchar ar chearta bunúsacha athraithe aeráide nó an ranníocaíocht a bheadh mar thoradh ar spriocanna astaíochtaí an Aontais. Rinne an cinneadh atá faoi chonspóid tagairt don aird arna tugadh sa mheasúnú sin amháin, do roinnt cearta bunúsacha ach ní iad ar fad. Ní dheantar measúnú ar chor ar bith sa mheasúnú ar an méid a mbeadh tionchar ag athrú aeráide (lena n-áirítear an t-athrú aeráide a chuirfeadh spriocanna astaíochtaí an Aontais leis) ar na cearta bunúsacha sin.

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail, arna leasú le Rialachán (AE) 2021/1767 (IO 2006 L 264, lch. 13).

1 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1319 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2126 chun athbhreithniú a dhéanamh ar leithdháiltí astaíochtaí bliantúla na mBallstát don tréimhse ó 2023 go 2030 (IO 2023 L 163, lch. 9).