Caingean arna tabhairt an 22 Meán Fómhair 2022 – Crown Holdings and Crown Cork & Seal Deutschland v an Coimisiún
(Cás T-587/22)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Crown Holdings, Inc. (Yardley, Pennsylvania, na Stáit Aontaithe), Crown Cork & Seal Deutschland Holdings GmbH (Seesen, an Ghearmáin) (ionadaithe: A. Burnside, C. Graf York von Wartenburg, A. Kidane agus D. Strohl, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:
Cinneadh C(2022) 4761 final ón gCoimisiún Eorpach an 12 Iúil 2022 a bhaineann le himeacht faoi Airteagal 101 CFAE (Case AT.40.522 – Metal Packaging) a mhéid a bhaineann sé leis na hiarratasóirí; agus
a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí seo a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí sé shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún prionsabal patere legem quam ipse fecisti, prionsabal ginearálta dhlí an Aontais, trí ghlacadh le hathdháileadh an cháis ó Údarás Cónaidhme Iomaíochta na Gearmáine (“Bundeskartellamt”) ag imeacht, mar sin, ó rialacha cleachtais seanbhunaithe mar a leagtar amach san fhógra ón gCoimisiún maidir le comhoibriú laistigh de líonra Eorpach na n-údarás iomaíochta.
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún ionchais dhlisteanacha na n-iarratasóirí go raibh sé chun rialacha cleachtais seanbhunaithe a chomhlíonadh, trí ghlacadh le hathdháileadh an cháis ón Bundeskartellamt.
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún prionsabal na coimhdeachta trí ghlacadh le hathdháileadh an cháis ag céim chomh déanach sin in imeachtaí an Bundeskartellamt.
An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún cearta cosanta na n-iarratasóirí trí ghlacadh le hathdháileadh an cás ón Bundeskartellamt roinnt blianta tar éis go ndeachaidh an tréimhse tosaigh dáilte dhá mhí in éag.
An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear gur mhainnigh an Coimisiún, trí ghlacadh le hathdháileadh an cháis tar éis go ndeachaidh an tréimhse tosaigh dáilte dhá mhí in éag, freastail ar chuspóirí chur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta, cuspóirí na deimhneachta dlíthiúla, an ionchais dhlisteanaigh, agus cearta cosanta na n-iarratasóirí mar ba chuí, agus gur sháraigh sé prionsabal na comhréireachta leis an méid sin.
An séú saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún prionsabal an dea-riaracháin trí ghlacadh le hathdháileadh an cháis ón Bundeskartellamt tar éis go ndeachaigh an tréimhse tosaigh dáilte dhá mhí in éag.
____________