Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2024 – Quatrotec Electrónica v EUIPO – Woxter Technology (WOXTER)

(Cás T-792/22) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí maidir le cúlghairm – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh WOXTER – Airteagal 58(1)a de Rialachán 2007/1001 – Inghlacthacht fianaise arna tíolocadh den chéad uair os comhair an Bhoird Achomhairc – Cruthúnas ar fhíorúsáid – Measúnú ar an bhfianaise)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Quatrotec Electrónica, SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: I. Valdelomar Serrano, J. L. Rodríguez Fuensalida y Carnicero, P. Ramells Higueras, A. Figuerola Moure agus P. Muñoz Moreno, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Gája, Gníomhaire)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Woxter Technology Co. Ltd (Causeway Bay, Hong Cong, an tSín)

Ábhar

Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 28 Meán Fómhair 2022 (Cás R 323/2022-4) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Quatrotec Electrónica, SL na costais a íoc.

____________

1     IO C 45, 6.2.2023