Caingean arna tabhairt an 20 Nollaig 2023 – Interapothek v EUIPO – Q4 Media (miababy)
(Cás T-1169/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Interapothek, SA (Santomera, an Spáinn) (ionadaí: M. González Aleixandre, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Q4 Media (Poiana Câmpina, an Rómáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar thrádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘miababy’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 507 117
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 31 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 1529/2023-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú don chosantóir na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc;
mar mhalairt air sin (má dhéanann an páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc idiragairt), a ordú don chosantóir agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc i gcomhpháirt agus go leithleach.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________