Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Svea Hovrätt, Patent-och marknadsöverdomstolen (an tSualainn) arna taisceadh an 15 Feabhra 2023 — Parfümerie Akzente GmbH v KTF Organisation AB

(Cás C-88/23, Parfümerie Akzente)

Teanga an cháis: an tSualainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Svea Hovrätt, Patent- och marknadsöverdomstolen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Parfümerie Akzente GmbH

Cosantóir: KTF Organisation AB

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 3(2) de Threoir 2000/31/CE 1 , ag féachaint do dhlí an Aontais i gcoitinne agus a chur chun feidhme éifeachtach a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta a bhaineann le neamhchur i bhfeidhm rialacha náisiúnta sa raon feidhme, lena n-áirítear rialacha náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2005/29/CE 2 chun feidhme, i gcás ina bhfuil an soláthraí seirbhíse bunaithe i mBallstát eile agus go soláthraíonn sé seirbhísí na sochaí faisnéise ó Bhallstát eile agus nach bhfuil aon cheanglas ann le heisceacht a chur i bhfeidhm faoi fhorálacha náisiúnta lena gcuirtear Airteagal 3(4) de Threoir 2000/31 chun feidhme?

An gcumhdaítear le raon feidhme Threoir 2000/31/CE margú táirge ar shuíomh gréasáin an díoltóra agus díol ar líne táirge a líomhnaítear a bheith lipéadaithe de shárú ar na ceanglais is infheidhme maidir leis an táirge i mBallstát an tomhaltóra? 

I gcás freagra dearfach ar an dara ceist, an bhfuil ceanglais den chineál sin a bhaineann leis an soláthar agus leis an táirge ann féin eisiata freisin ón raon feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 2(h)(ii) de Threoir 2000/31/CE, i gcás inar cuid riachtanach den mhargaíocht agus den díol ar líne é soláthar an táirge féin, nó más rud é go meastar gur cuid choimhdeach agus dhoscartha den mhargaíocht agus den díol ar líne é soláthar an táirge féin?

Agus breithniú á dhéanamh ar Cheisteanna 2 agus 3, cén tábhacht atá leis an bhfíoras go dtagann na ceanglais is infheidhme maidir leis na hearraí féin ó fhorálacha náisiúnta lena ndéantar reachtaíocht earnálach an Aontais a chur chun feidhme agus a chomhlánú, lena n-áirítear Airteagal 8(2) de Threoir 75/324/CEE 1 agus Airteagal 19(5) de Rialachán Uimh. 1223/20092 , lena gcuirtear an táirge ar an margadh nó lena gcuirtear an táirge ar fáil don úsáideoir deiridh sa Bhallstát faoi réir chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir leis an táirge?

____________

1 Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach,sa Mhargadh Inmheánach (an Treoir maidir le trádáil leictreonach) (IO 2000 L 178, lch. 1).

1 Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoracha 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma’) (IO 2005, L 149, lch. 22).

1 Treoir 75/324/CEE ón gComhairle an 20 Bealtaine 1975 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le dáileoirí aerasóil (IO 1975 L 147, lch. 40).

1 Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO 2009 L 342, lch. 59).