Language of document :

Caingean arna tabhairt an 24 Feabhra 2024 – CQ v CESE

(Cás T-117/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: CQ (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)

Cosantóir: Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh an 5 Bealtaine 2023 lena ndiúltaítear ar iarraidh ar chúnamh an iarratasóra a chur ar neamhní, iarraidh arna cur isteach an 15 Eanáir 2020;

a ordú cúiteamh an dochar morálta a mheas ‘ex aequo et bono” go EUR 60 000;

a ordú don chosantóir na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 24 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (‘an Rialachán’ as seo amach) agus sárú ar chinneadh CESE Uimh. 200/14 A a bhaineann le nósanna imeachta chun ciapadh síceolaíoch agus gnéasach ag an obair a chosc laistigh den Rúnaíocht CESE agus ar chinneadh Uimh. 635/05 A an 7 Nollag 2005 lena leagtar síos forálacha ginearálta cur chun feidhme maidir le nósanna imeachta araíonachta agus maidir le fiosrúcháin riaracháin.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 12a den Rialachán, sárú ar chinneadh CESE Uimh. 200/14 agus earráid measúnaithe.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar na coimircí nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 41 den Chairt agus sárú ar an bprionsabal um thréimhse ama réasúnta.

____________