Language of document :

Caingean arna tabhairt an 28 Feabhra 2024 Guangzhou Wanglaoji Grand Health v EUIPO – Multi Access (Léiriú ar thrí charachtar Sínise)

(Cás T-128/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Guangzhou Wanglaoji Grand Health Co. Ltd (Guangzhou, an tSín) (ionadaí: P. Groß, lawyer)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Multi Access Ltd (Road Town, Oileáin Bhriotanacha na Maighdean)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc an Aontais Eorpaigh (Léiriú ar thrí charachtar Sínise) – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 13 497 052

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de chuid EUIPO an 19 Nollaig 2023 i gCás R 322/2023-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a dhearbhú go bhfuil an marc a chonspóidtear neamhbhailí ar bhonn Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle;

a ordú do EUIPO agus do Multi Access Limited, i gcás ina gcinneann an dara ceann acu go ndéanfaidh sé idiragairt sna himeachtaí seo, a gcostais féin a íoc;

a ordú do EUIPO agus do Multi Access Limited, i gcás ina gcinneann an dara ceann acu go ndéanfaidh sé idiragairt sna himeachtaí seo, na costais arna dtabhú ag an iarratasóir, lena n-áirítear na costais arna dtabhú ag an dara ceann os comhair an Bhoird Achomhairc, a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle (Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle anois).

____________