Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Márta 2023 – adp Merkur v EUIPO – psmtec
(SEVEN SEVEN 7)
(Cás T-408/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “SEVEN SEVEN 7” – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe “Seven” – Foras coibhneasta maidir le diúltú – Airteagal 8(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Easpa fíorúsáide a bhaint as an trádmharc – Airteagal 47(2) de Rialachán 2017/1001)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir(í): adp Merkur GmbH (Espelkamp, an Ghearmáin) (ionadaí: K. Mandel, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Söder agus M. Eberl, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: psmtec GmbH (Illertissen, an Ghearmáin)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní agus go modhnófaí cinneadh an dara Bord Achomhairc de EUIPO an 26 Aibreán 2022 (Cás R 1498/2021-2).
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean;
2. Íocfaidh gach páirtí a chostais féin.
____________
1 IO C 318, 22.8.2022.