Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Márta 2024 – DZ Bank v BRA

(Cás T-404/21)1

(Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta – Aontas Baincéireachta - Sásra Réitigh Aonair d'Institiúidí Creidmheasa agus do Ghnólachtaí Infheistíochta Áirithe (SRA) – Ciste Réitigh Aonair (CRA) – Cinneadh BRA maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante le haghaidh 2021 – Oibleagáid cúiseanna a lua – Cosaint bhreithiúnach éifeachtach – Cóir chomhionann – Prionsabal na comhréireachta – Corrlach breithmheasa BRA – Pléadáil maidir le neamhdhleathacht – Corrlach breithmheasa an Choimisiúin – Éifeachtaí an bhreithiúnais a theorannú ó thaobh ama de)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: DZ Bank AG Deutsche Zentral-Genossenschaftsbank, Frankfurt am Main, roimhe seo DVB Bank SE (Frankfurt am Main, An Ghearmáin) (ionadaithe: H. Berger, M. Weber agus D. Schoo, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: J. Kerlin, T. Wittenberg agus D. Ceran, Gníomhairí, le cúnamh ó H. G. Kamann, F. Louis, P. Gey agus L. Hesse, Dlíodóirí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: D. Triantafyllou agus A. Steiblytė, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh SRB/ES/2021/22 ón mBord Réitigh Aonair (BRA), an 14 Aibreán 2021, maidir le ríomh na rannaíocaíochtaí ex ante le haghaidh 2021 leis an gCiste Réitigh Aonair ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé leis mar chomharba dlíthiúil ar DVB Bank SE.

An chuid oibríochtúil

Tá Cinneadh SRB/ES/2021/22 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 14 Aibreán 2021 maidir le ríomh ranníocaíochtaí ex ante don bhliain 2021 leis an gCiste Aonair Réitigh ar neamhní a mhéid a bhaineann sé le DZ Bank AG Deutsche Zentral-Genossenschaftsbank, Frankfurt am Main mar chomharba dlíthiúil ar DVB Bank SE.

Déantar éifeachtaí Chinneadh SRB/ES/2021/22, a mhéid a bhaineann sé le DZ Bank AG Deutsche Zentral-Genossenschaftsbank, Frankfurt am Main, mar chomharba dlíthiúil ar DVB Bank SE, a choimeád ar bun go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, laistigh de thréimhse réasúnta. ní fhéadfaidh sé a bheith níos faide ná sé mhí ó dháta fógartha an bhreithiúnais seo, de chinneadh nua ó BRA lena socraítear ranníocaíocht ex ante na bunaíochta sin don Chiste Aonair Réitigh don tréimhse ranníocaíochta 2021.

I dteannta a chostais féin, ordaítear do BRA iad siúd arna datbhú ag DZ Bank AG Deutsche Zentral-Genossenschaftsbank, Frankfurt am Main a íoc.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc.

____________

1 IO C 349, 30.8.2021.