Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 13 Márta 2024 – Sulberg Services v an Chomhairle

(Cás T-409/23) 1

(Caingean maidir le mainneachtain gníomhú – Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Ráiteas lena gcuirtear deireadh leis an mainneachtain gníomhú– Níl gá le breith a thabhairt)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Sulberg Services Ltd (Road Town, Tortola, Oileáin Bhriotanacha na Maighdean) (ionadaí: H. Sbert Pérez, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Limonet, H. Marcos Fraile agus P. Mahnič, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 265 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta a aithint gur ghníomhaigh an Coimisiún Eorpach go mídhleathach trína mhainneachtain le leasú a dhéanamh ar ráitis ar na cúiseanna le hainm Anastasia Ignatova a chur ar na liostaí atá in Iarscríbhinn den Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch 16), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014, a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch 6).

An chuid oibríochtúil

Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh.

Ordaítear don Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.

____________

1     IO C, C/2023/49, 9.10.2023.