Language of document :

Caingean arna tabhairt an 23 Feabhra 2024 – Lattanzio KIBS agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-113/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Lattanzio KIBS SpA (Milan, an Iodáil), CY, CV agus CW (ionadaithe: B. O’Connor Abhcóide Sinsir agus M. Hommé, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 a bhaineann leis na himeachtaí maidir leis an gcéad iarratasóir a eisiamh ó bheith rannpháirteach i nósanna imeachta dámhachtana le haghaidh soláthairtí poiblí agus deontais arna rialú le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (‘an Rialachán Airgeadais’) 1 agus Rialachán (AE) 2018/1877 2 nó ó bheith roghnaithe le haghaidh cur chun feidhme cistí arna rialú leo (Tag. Ares (2023)8545235) a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún Eorpach (agus d’aon idiragraí a d’fhéadfadh a bheith ann) costais na n-imeachtaí sin a sheasamh.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ocht saincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún earráid fhollasach mheasúnaithe ar na fíorais agus ar an dlí trí bhreithiúnas Chúirt Choiriúil Milano an 13 Iúil 2021 (‘Rialú Milano’) a aicmiú mar bhreithiúnas ciontachta críochnaitheach lenar ciontaíodh an dara agus an tríú iarratasóir in éilliú.

Áitítear go ndearna an Coimisiún earráidí follasacha measúnaithe arbh iad ba bhunús leis an gcinneadh earráideach gur breithiúnas ciontachta críochnaitheach a bhí i Rialú Milano.

Líomhnaíonn na hiarratasóirí freisin go ndearna an Coimisiún earráidí follasacha measúnaithe a bhí tábhachtach maidir le dlí na hIodáile.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 136(1)(d)(ii) den Rialachán Airgeadais trína chinneadh, ar bhonn earráid fhollasach mheasúnaithe, gur bonn bailí a bhí i Rialú Milano lena bhféadfaí an chéad iarratasóir a eisiamh ó rannpháirtíocht i nósanna imeachta dámhachtana arna rialú le Rialachán 2018/1046 agus Rialachán 2018/1877.

Foráiltear leis an Airteagal 136(1)(d)(ii) sin go gceanglaítear le heisiamh go bhfuil breithiúnas críochnaitheach ciontachta ann lena suitear go bhfuil an t-eintiteas nó an duine ciontach in éilliú.

Áitítear nach féidir a mheas gur breithiúnas ciontachta críochnaitheach é Rialú Milano, agus níor ciontaíodh leis an dara ná an tríú iarratasóir in éilliú; dá bhrí sin, ní fhéadfadh an Coimisiún an chéad iarratasóir a eisiamh go dlíthiúil faoi Airteagal 136(1)(d)(ii) den Rialachán Airgeadais.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an gCoimisiún ina oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le hábhar agus cineál an dlí náisiúnta a mheas.

Mhaígh an Coimisiún sa chinneadh atá faoi chonspóid go bhfuil brí uathrialach ag an téarma ‘breithiúnas ciontachta críochnaitheach’ i ndlí an Aontais Eorpaigh agus go fóill, áitíonn na hiarratasóirí gur theip air sainmhíniú a thabhairt nó bunús dlí a léiriú don mheasúnú sin.

Ina theannta sin, líomhnaítear gur mhainnigh an Coimisiún aicmiú Rialú Milano i ndlí na hIodáile a mheas.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 136(4) den Rialachán Airgeadais tríd an gcéad iarratasóir a eisiamh ar bhonn cinnidh – arna chur ó bhail ag earráid fhollasach mheasúnaithe – go raibh cumhachtaí cinnteoireachta nó rialaithe ag an dara agus ag an tríú iarratasóir air.

I dtuairim na n-iarratasóirí, níor leor na gnéithe a ndearna an Coimisiún measúnú orthu faoi Airteagal 136(4) den Rialachán Airgeadais chun a shuí gur comhlíonadh coinníollacha na forála sin agus cuireadh ó mhaith iad le léiriú earráideach an Choimisiúin ar Rialú Milano.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh Coimisiún cúiseanna a thabhairt chun bonn a chur leis na conclúidí ar thángthas orthu sa chinneadh atá faoi chonspóid.

Áitíonn na hiarratasóirí ina leith sin gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 296 CFAE agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Áitítear freisin gur mhainnigh an Coimisiún cúiseanna a thabhairt i dtaca leis an dá chonclúid a raibh tionchar cinntitheach acu ar an gcinneadh deiridh.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta, a aithnítear in Airteagal 136(3) den Rialachán Airgeadais, agus mar phrionsabal ginearálta de dhlí an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 5(4) CAE, trí Airteagail 2 agus 3 den chinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh.

Bhí an cinneadh a rinneadh maidir leis an gcinneadh eisiatach a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin DG NEAR agus ainmneacha agus faisnéis phearsanta an dara agus an tríú iarratasóir a chlárú i mbunachar sonraí an Chórais Luathbhraite agus Eisiaimh, dar leis na hiarratasóirí, díréireach go follasach.

Áitítear freisin, nár thug an Coimisiún aird ar thosca in Airteagal 136(3) den Rialachán Airgeadais.

An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 136(6) den Rialachán Airgeadais trí mhainneachtain machnamh a dhéanamh ar bhearta feabhais arna moladh ag an gcéad iarratasóir.

Cuirtear in iúl gur theip ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar iarrataí ó na hiarratasóirí le linn na n-imeachtaí sáraíochta ar shoiléiriú a lorg maidir leis na bearta feabhais a d’fhéadfadh a bheith ar fáil dóibh.

Theip ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar fhianaise leordhóthanach arna cur ar fáil ag na hiarratasóirí dó agus a bhféadfaí a mheas mar bhearta feabhais.

An t-ochtú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún ceart an cheathrú hiarratasóir chun éisteacht a fháil, arna ráthú le hAirteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Dá bhrí sin, áitítear ar deireadh, gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 41(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha trí gan a chur in iúl don cheathrú hiarratasóir go raibh measúnú á dhéanamh aige ar a phearsa agus gan an ceart chun cosanta a thabhairt dó.

____________

1 Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012

1 Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (IO 2018 L 307, lch. 1).