Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Márta 2024 – Braunschweiger Versorgungs v EUIPO – B.F. Energy (BF energy)
(Cás T-245/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh BF energy – Focalmharc náisiúnta níos luaithe BS Energy – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh agus marcanna fíortha náisiúnta níos luaithe BS ENERGY – Foras coibhneasta le diúltú – Éagmais riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Braunschweiger Versorgungs AG & Co. KG (Brunswick, an Ghearmáin) (ionadaí: C. Drzymalla, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Markakis, Gníomhaire)
Páirtithe eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: B.F. Energy Srl (an Róimh, an Iodáil)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go háirithe, an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 17 Feabhra 2023 (Cás R 1646/2022-2) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 235, 3.7.2023.