Caingean arna tabhairt an 30 Lúnasa 2023 – Laura Food v EUIPO – Bella Tawziaa II (Thé Vert de Chine AL ASSAD HBOUB R3505 Chaara 4011)
(Cás T-541/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Laura Food Srl (Rozzano, an Iodáil) (ionadaí: C. Bercial Arias, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Bella Tawziaa II SLU (Marbella, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Thé Vert de Chine AL ASSAD HBOUB R3505 Chaara 4011” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 239 841
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 12 Meitheamh 2023 i gCás R 2017/2022-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
seasamh leis an achomharc agus an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní go páirteach;
a ordú don chosantóir agus don idiragraí, más amhlaidh an cás, na costais arna dtabhú ag an iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________