Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Fhrainc) a taisceadh an 4 Aibreán 2024 – RT, ED v Ineo Infracom

(Cás C-249/24, Ineo Infracom)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: RT, ED

Cosantóir: Ineo Infracom

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An bhfuil an dara fomhír d’Airteagal 1(1) de Threoir 98/59/CE ón gComhairle maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát um hiomarcaíochtaí comhchoiteanna 1 le léiriú sa chaoi gurb ionann iomarcaíochtaí ar chúiseanna eacnamaíochta bunaithe ar dhiúltú na bhfostaithe forálacha comhaontaithe chomhchoitinn maidir le gluaiseacht a chur i bhfeidhm ar a gconradh fostaíochta agus foirceannadh an chonartha fostaíochta ag an bhfostóir ar chúis nó ar chúiseanna nach mbaineann leis na fostaithe iad féin, ionas nach mór é a chur san áireamh agus líon iomlán na n-iomarcaíochtaí á ríomh?

I gcás freagra dearfach ar an gcéad cheist sin, i gcás inar mó líon iomlán na n-iomarcaíochtaí ná líon na n-iomarcaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 1(a) den Treoir sin, an bhfuil Airteagal 2(2) go 2(4) de Threoir 98/59/CE le léiriú sa chaoi go dtugtar díolúine don fhostóir ó na hoibleagáidí chun dul i gcomhairle le hionadaithe na bhfostaithe agus iad a chur ar an eolas má théann sé i gcomhairle leis an gcomhairle fostaithe agus má chuireann sé í ar an eolas sula dtugtar comhaontú comhchoiteann inmheánach maidir le gluaiseacht i gcrích le ceardchumainn ionadaíocha, de bhun Airteagal L. 2242-21 et seq. den Chód Saothair?

____________

1 IO 1998 L 225, lch. 16.