Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Landgerichts Berlin (an Ghearmáin) a taisceadh an 23 Feabhra 2023 – GM agus ON v PR

(Cás C-109/23, Jemerak 1 )

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Berlin

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: GM, ON

Cosantóir: PR

Na ceisteanna a tharchuirtear: 1

An sáraíonn nótaire de chuid na Gearmáine an toirmeasc ar sheirbhísí comhairleacha dlí a sholáthar go díreach nó go hindíreach do dhuine dlítheanach atá bunaithe sa Rúis i gcás ina bhfíordheimhníonn sé conradh chun árasán [réadmhaoin chónaithe (Wohnungseigentum)] a cheannach idir an duine sin, mar dhíoltóir, agus náisiúnach de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh?

An sáraíonn ateangaire de chuid na Gearmáine an toirmeasc ar sheirbhísí comhairleacha dlí a sholáthar i gcás, chun críocha an fhíordheimhnithe sin a dhéanamh ar an gconradh ceannaigh, ina nglacann sé le tasc ón nótaire sin aistriúchán a dhéanamh ar an ábhar a bhaineann le himeachtaí an fhíordheimhnithe sin d’ionadaí an duine dhlítheanach atá bunaithe sa Rúis nach bhfuil Gearmáinis ar a leor-thoil aige?

An sáraíonn an nótaire an toirmeasc ar sheirbhísí comhairleacha dlí a sholáthar go díreach nó go hindíreach, i gcás ina dtugann sé faoi ghníomhartha fíordheimhnithe agus go gcuireann sé i gcrích iad, ar gníomhartha fíordheimhnithe iad dá bhforáiltear le dlí d’fhonn an conradh ceannaigh a fhorghníomhú (mar shampla, íocaíocht an phraghais ceannaigh a phróiseáil trí chuntas eascró arna bhainistiú ag an nótaire, doiciméid a iarraidh chun morgáistí agus eirí eile ar ábhar an díolacháin a chur ar ceal, na doiciméid a thíolacadh d’Oifig Chlárlann na Talún (don Grundbuch) atá riachtanach chun teideal a aistriú))?

____________

1     Tugtar ainm dlítheanach don chás seo, arb ainm é nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1     Léiriú ar Airteagal 5n(2) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (an Rialachán maidir le Smachtbhannaí ar an Rúis) (IO 2014, L 229, lch. 1), sa leagan is infheidhme ón 7 Deireadh Fómhair 2022 i leith.