Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski rayonen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 7 Aibreán 2023 – “Toplofikatsia Sofia” EAD

(Cás C-222/23, Toplofikatsia Sofia)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski rayonen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir sna himeachtaí a bhaineann le horduithe íocaíochta: “Toplofikatsia Sofia” EAD

An chúirt a rinne an tarchur

An gcaithfear Airteagal 62(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála 1 , arna léamh i gcomhar leis an gcéad mhír d’Airteagal 18 agus le hAirteagal 21 CFAE, a léiriú sa chaoi nach bhféadfaí an coincheap i ndáil le “sainchónaí” duine nádúrtha a dhíorthú ó fhorálacha sa dlí náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil an seoladh buan atá ag náisiúnaigh an Stáit ar tugadh ábhar os comhair a chúirteanna i gcónaí sa Stát sin agus nach bhféadfaí é a aistriú go dtí áit eile san Aontas Eorpach?

An gcaithfear Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012, arna léamh i gcomhar leis an gcéad mhír d’Airteagal 18 agus le hAirteagal 21 CFAE, a léiriú sa chaoi go gceadaítear reachtaíocht náisiúnta agus cásdlí náisiúnta ar dá réir nach bhféadfaidh cúirt i Stát diúltú ordú íocaíochta a eisiúint i gcoinne féichiúnaí atá ina náisiúnach den Stát sin agus a bhfuil tuairim réasúnta ina leith nach dtagann sé faoi dhlínse idirnáisiúnta na cúirte toisc gur dócha go bhfuil sainchónaí ag an bhféichiúnaí i mBallstát eile den Aontas, rud is léir ó dhearbhú an fhéichiúnaí don údarás inniúil go bhfuil seoladh cláraithe aige sa Stát sin? Más ea, an mbaineann an dáta a rinneadh an dearbhú sin le hábhar?

I gcás go n-eascraíonn dlínse idirnáisiúnta na cúirte ar tugadh ábhar os a comhair ó fhoráil nach Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 í, an gcaithfear an chéad mhír d’Airteagal 18 CFAE, arna léamh i gcomhar leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta agus cásdlí náisiúnta ar dá réir, cé nach bhfuil sé ceadaithe ordú íocaíochta a eisiúint ach amháin i gcoinne duine nádúrtha a bhfuil gnáthchónaí air sa Stát ar tugadh ábhar os comhair a chúirteanna, nach bhféadfadh an cinneadh gur shuigh an féichiúnaí, más náisiúnach den Stát sin é, go bhfuil cónaí air i Stát eile a bheith bunaithe ar an bhfíoras amháin gur thug sé don chéad Stát seoladh cláraithe (seoladh “reatha”) atá i Stát eile den Aontas Eorpach, i gcás nach bhfuil an féichiúnaí in ann a léiriú gur bhog sé go hiomlán go dtí an Stát eile sin agus nach bhfuil aon seoladh aige i gcríoch an Stáit a bhfuil ábhar os comhair a chúirteanna? Más ea, an mbaineann an dáta a rinneadh an dearbhú maidir leis an seoladh reatha le hábhar?

Más é freagra an chéad chuid den tríú ceist ná go bhfuil sé ceadaithe ordú íocaíochta a eisiúint, an gceadaítear faoi Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012, arna léamh i gcomhar leis an léiriú ar Airteagal 22(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála 1 arna dhéanamh sa bhreithiúnas i gCás C-325/11, Alder,2 agus i gcomhar leis an bprionsabal maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach dhlí an Aontais agus an neamhspleáchas náisiúnta á fheidhmiú maidir le nósanna imeachta de, do chúirt náisiúnta i Stát nach féidir náisiúnaigh a seoltaí cláraithe i gcríoch an Stát sin a thabhairt suas agus a aistriú go Stát eile, i gcás ina bhfuil iarratas i ndáil le hordú íocaíochta a eisiúint os a comhair in imeachtaí nach bhfuil an féichiúnaí páirteach iontu, faisnéis a fháil de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2020/1784 ó na húdaráis sa Stát ina bhfuil seoladh cláraithe ag an bhféichiúnaí faoina sheoladh sa Stát sin agus faoin dáta cláraithe ann, d’fhonn cinneadh a dhéanamh maidir le gnáthchónaí iarbhír an fhéichiúnaí sula n-eisíonn sí an cinneadh críochnaitheach sa chás?

____________

1 IO 2012 L 351, lch. 1.

1 IO 2020 L 405, lch. 40.

1 ECLI:EU:C:2012:824.