Language of document :

Caingean arna tabhairt an 23 Bealtaine 2022 – Aven v an Chomhairle

(Cás T-301/22)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Petr Aven (Virginia Water, An Ríocht-Aontaithe) (ionadaithe: T. Marembert agus A. Bass, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh 2022/3371 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/3361 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráid measúnaithe. Maíonn an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, nach gcomhlíonann aon chuid den fhianaise a thug an Chomhairle ar aird ceanglais chásdlí na hEorpa i dtaobh chaighdeán agus cháilíocht na fianaise agus, ar an dara dul síos, nach bhfuil aon cheann de dhearbhuithe chúiseanna na Comhairle dea-bhunaithe agus dá bhrí sin nach féidir leo critéir a) agus d) de Chinneadh 2014/145/CBES sa leagan atá i bhfeidhm faoi láthair a shásamh, critéir dá dtagraítear an Chomhairle go sainráite ina ráiteas ar na cúiseanna.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear pléadáil mhídhleathach an chritéir sin mar gheall ar shárú dúbailte ar phrionsabal na comhréireachta. Measann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go bhfuil an critéar ar a raibh an Chomhairle ag brath go follasach míchuí i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú agus, ar an dara dul síos, go raibh an fhéidearthacht ann chun úsáid a bhaint as modhanna nach bhfuil chomh sriantach sin.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear easpa bunúis dlí, ar an bhforas nach bhfuil nasc leordhóthanach bunaithe idir an chatagóir daoine aonair a chumhdaítear leis an gcritéar sin agus Cónaidhm na Rúise.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear earráid mheasúnaithe, ar an bhforas nár chruthaigh an Chomhairle gur fear gnó tábhachtach é an t-iarratasóir, ná go bhfuil tionchar aige, ná go bhfuil sé gníomhach in earnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shubstaintiúil ioncaim do rialtas Chónaidhm na Rúise.

____________

1     Cinneadh (CBES) 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 59, lch. 1).

1     Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 58, lch. 1).