Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 9 Eanáir 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski rayonen sad – an Bhulgáir) – ZD ‘BUL INS’ AD v PV
(Cás C-387/23 1 , BUL INS)
(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 53(2) agus Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte – Ceanglas na cúiseanna a lua a thugann bonn cirt don ghá le freagra ón gCúirt Bhreithiúnais – Easpa sonraí leordhóthanacha – Do-ghlacthacht fhollasach)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Sofiyski rayonen sad
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: ZD ‘BUL INS’ AD
Cosantóir: PV
An chuid oibríochtúil
Tá an iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski rayonen sad (Cúirt Dúiche Sóifia, an Bhulgáir), a rinneadh le Cinneadh an 26 Meitheamh 2023, do-ghlactha go follasach.
____________
1 IO C 321, 11.9.2023.