Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 9 Feabhra 2024 – Derivados del Flúor v an Coimisiún

(Cásanna Uamtha T-500/14 go T-504/14) 1

(Caingean le haghaidh neamhniú – Státchabhair – Cabhair arna deonú ag údaráis na Spáinne i bhfabhar grúpálacha um leas eacnamaíoch (GLE) áirithe agus a n-infheisteoirí – Córas cánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe chun longa a cheannach (córas léasa cánach na Spáinne) – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair neamh-chomhoiriúnach i bpáirt leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear a aisghabháil i bpáirt – Dul in éag páirteach ar ábhar na díospóide – Ní gá breith a thabhairt go páirteach – Do-ghlacthacht fhollasach pháirteach – Buntáiste – Cineál roghnaitheach – Cabhair nua – Éifeacht trádála idir na Ballstáit – Mí-úsáid cumhachta – Cóir chomhionann – Ionchais dhlisteanacha – Deimhneacht dhlíthiúil – Caingean atá i bpáirt gan aon bhunús dlí go follasach)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir i gCás T-500/14: Derivados del Flúor, SA (Bilbao, an Spáinn) (ionadaí: J. Prieto Tejo, Dlíodóir)

Iarratasóir i gCás T-501/14: Fami-Cuatro de Inversiones, SA (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: J. Prieto Tejo, Dlíodóir)

Iarratasóir i gCás T-502/14: Torrevisa, SA (Torrevieja, an Spáinn) (ionadaithe: J. Bonet Léon agus F. Garcia Sarabia, Dlíodóirí)

Iarratasóir i gCás T-503/14: Euroways, SL (Hospitalet de Llobregat, an Spáinn) (ionadaithe: J. Bonet Léon agus F. Garcia Sarabia, Dlíodóirí)

Iarratasóir i gCás T-504/14: Sertrans Catalunya, SA (Barcelona, an Spáinn) (ionadaithe: J. Bonet Léon agus F. Garcia Sarabia, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Carpi Badía agus P. Němečková, Gníomhairí, le cúnamh ó M. Segura Catalán, Dlíodóir)

Ábhar

Lena gcaingne de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí Cinneadh 2014/200/AE den Choimisiún an 17 Iúil 2013 maidir le Státchabhair SA.21233 C/11 (ex NN/11, ex CP 137/06) arna chur chun feidhme ag an Spáinn – Córas cánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe, ar a dtugtar ‘Córas Léasa Cánach na Spáinne’ (IO 2014 L 114, lch. 1) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Ní gá a thuilleadh breithniú a dhéanamh ar na hachomhairc a mhéid a dhírítear iad ar Airteagal 1 de Chinneadh 2014/200/AE ón gCoimisiún an 17 Iúil 2013 maidir le Státchabhair SA.21233 C/11 (ex NN/11, ex CP 137/06) arna chur chun feidhme ag an Spáinn – Córas cánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe, ar a dtugtar freisin ‘Córas Léasa Cánach na Spáinne’, sa mhéid is go n-ainmnítear leis na grúpálacha um leas eacnamaíoch agus a n-infheisteoirí mar thairbhithe aonair na cabhrach dá dtagraítear sa Chinneadh sin, agus Airteagal 4(1) den Chinneadh céanna, a mhéid a cheanglaítear leis ar Ríocht na Spáinne méid iomlán na cabhrach dá dtagraítear sa Chinneadh sin a aisghabháil ó infheisteoirí na ngrúpalacha um leas eacnamaíoch a bhain tairbhe as.

Diúltaítear don chuid eile de na caingne.

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 282, 25.8.2014.