Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Feabhra 2024 – an Danmhairg v an Coimisiún

(Cás T-364/20) 1

(Státchabhair – Maoiniú poiblí do nasc seasta iarnróid-bóthair Chaolas Fehmarn – Cabhair arna deonú ag an Danmhairg do Femern – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach – Caingean le haghaidh neamhniú – Cineál inscartha – Inghlacthacht – Coincheap ‘gnóthas’ – Coincheap ‘gníomhaíocht eacnamaíoch’ – Foirgniú agus oibriú nasc seasta iarnróid-bóthair – Éifeacht ar thrádáil idir na Ballstáit agus saobhadh iomaíochta)

Teanga an cháis: an Danmhairgis

Páirtithe

Iarratasóir: Ríocht na Danmhairge (ionadaithe: C. Maertens agus M. Søndahl Wolff, Gníomhairí, le cúnamh ó R. Holdgaard agus J. Pinborg, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaí: S. Noë, Gníomhaire)

Idiragraithe, i dtaca leis an iarratasóir: Ríocht na Beilge (ionadaithe: L. Van den Broeck, Gníomhaire, le cúnamh ó J. Vanden Eynde, Dlíodóir), Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (ionadaithe: J. Möller agus R. Kanitz, Gníomhairí), Ard-Diúcacht Lucsamburg (ionadaithe: A. Germeaux agus T. Schell, Gníomhairí)

Ábhar

Trína caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann Ríocht na Danmhairge go ndéanfaí Cinneadh C(2020) 1683 final ón gCoimisiún an 20 Márta 2020 maidir le Státchabhair SA.39078 –2019/C (ex 2014/N) arna chur chun feidhme ag an Danmhairg le haghaidh Femern A/S (IO 2020 L 339, lch. 1), a chur ar neamhní, a mhéid a d’aicmiú sé, sa chéad abairt d’Airteagal 2 de, mar státchabhair, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, bearta arb é atá iontu instealltaí caipitil agus teaglaim d’iasachtaí Stáit agus ráthaíochtaí Stáit i bhfabhar Femern A/S.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Ríocht na Danmhairge a costais féin, agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach, a íoc.

Ordaítear do Ríocht na Beilge, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus d’Ard-Diúcacht Lucsamburg a gcostais féin a íoc.

____________

1     IO C 287, 31.8.2020.