Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Meitheamh 2022 – bet-at-home.com Entertainment v EUIPO (bet-at-home)
(Cás T-640/21)1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh — Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh bet-at-home — Dearbhfhorais le diúltú — Easpa leithleachais — Carachtar tuairisciúil — Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir : bet-at-home.com Entertainment GmbH (Linz, an Ostair) (ionadaí: R. Paulitsch, Dlíodóir)
Cosantóir : Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Nicolás Gómez agus D. Hanf, Gníomhairí)
Maidir le:
Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar cinneadh an chéad Bhoird Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 5 Lúnasa 2021 (Cás R 2143/2020-1) a athbhreithniú.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean.
2. Ordaítear do bet-at-home.com Entertainment GmbH na costais a íoc.
____________
1 IO C 471, 22.11.2021 .