Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Feabhra 2024 – BAWAG PSK v BCE

(Cás T-667/21)1

(Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa – An dara fomhír d’Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 – Feidhmiú díreach ag BCE ar chumhacht údaráis inniúil faoi fhorálacha ábhartha dhlí an Aontais Eorpaigh – Ús ionsúite a fhorchur le dlí na hOstaire i gcás sárú ar Airteagal 395 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 – Inniúlacht BCE – Airteagal 65(1) agus Airteagal 70 de Threoir 2013/36/AE – Comhréireacht)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: BAWAG PSK Bank für Arbeit und Wirtschaft und Österreichische Postsparkasse AG (an Vín, an Ostair) (ionadaithe: H. Bälz, D. Bliesener, M. Bsaisou agus G. Tönningsen, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Banc Ceannais Eorpach (ionadaithe: K. Lackhoff, J. Poscia agus M. Ioannidis, Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht na hOstaire (ionadaithe: J. Schmoll agus F. Koppensteiner, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh BCE-SSM-2021-ATBAW-7-ESA-2018-0000126 an 2 Lúnasa 2021 a chur ar neamhní, cinneadh a rinneadh de bhun Airteagal 4(1)(d) agus (3) agus Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha do BCE maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO 2013 L 287, lch. 63), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 395(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO 2013 L 176, lch. 1, agus ceartúcháin IO 2013 L 208, lch. 68, agus IO 2013 L 321, lch. 6) agus Airteagal 97(1) (2) de Bundesgesetz über das Bankwesen (Bankwesengesetz) (An Dlí maidir leis an earnáil baincéireachta) an 30 Iúil 1993 (BGBl. 532/1993), arna leasú ag an Bundesgesetz, mit dem das Bankwesengesetz, das Börsegesetz 2018, das Finalitätsgesetz, das Finanzmarkt-Geldwäsche-Gesetz, das Sanierungs- und Abwicklungsgesetz, das Wertpapieraufsichtgesetz 2018 und das Zentrale Gegenparteien-Vollzugsgesetz geändert werden (Dlí Cónaidhme lena leasaítear an tAcht Baincéireachta, an Dlí maidir le Stocmhalartán 2018, an tAcht Cuspóir, an Dlí maidir le Sciúradh Airgid i Margaí Airgeadais, an tAcht um Athshlánú agus Leachtú, an tAcht um Maoirseacht ar Urrúis 2018 agus Dlí an 28 Bealtaine 2021 maidir le Forfheidhmiú Contrapháirtithe Lárnacha (BGBl. I, 98/2021).

An chuid oibríochtúil

Cuirtear cinneadh an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) ECB/SSM/2021-ATBAW-7-ESA-2018-0000126, an 2 Lúnasa 2021, ar neamhní.

Ordaítear do BCE a chostais féin a íoc agus na costais a thabhaíonn BAWAG PSK Bank für Arbeit und Wirtschaft und Österreichische Postsparkasse AG a íoc;

Ordaítear do Phoblacht na hOstaire a costais féin a íoc.

____________

1     IO C 502, 13.12.2021.