Caingean arna tabhairt an 24 Aibreán 2023 – EFFAS v EUIPO – CFA Institute
(CEFA Certified European Financial Analyst)
(Cás T-213/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: European Federation of Financial Analysts’ Societies (EFFAS) (Frankfurt am Main, an Ghearmáin) (ionadaí: E. Manresa Medina, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: CFA Institute (Charlottesville, Virginia, na Stáit Aontaithe)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “CEFA Certified European Financial Analyst” – Iarratas ar chlárú Uimh. 14 902 341
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 21 Feabhra 2023 i gCás R 1418/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní.
a ordú do EUIPO agus don idiragraí a d’fhéadfadh bheith ann, costais na n-imeachtaí seo uilig a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________