Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Samhain 2023 – Pumpyanskiy v an Chomhairle

(Cás T-734/22) 1

(Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo cistí – Liosta na ndaoine, na n-eintitis agus na gcomhlachtaí lena mbaineann reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíochta – Ainm an iarratasóra a choinneáil ar an liosta – Athrú ar na himthosca fíorasacha agus dlíthiúla ba chúis le glacadh na mbeart sriantach – An coincheap ‘caidreamh’ – Earráid mheasúnaithe)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Alexander Dmitrievich Pumpyanskiy (Ginéiv, an Eilvéis) (ionadaithe: T. Bontinck, A. Guillerme, L. Burguin agus M. Brésart, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M.-C. Cadilhac, V. Piessevaux agus A. Boggio-Tomasaz, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Carpus Carcea, C. Georgieva agus C. Giolito, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean, iarrann an t-iarratasóir, ar thaobh amháin, ar bhonn Airteagal 263 CFAE, go gcuirfí ar neamhní, ar an gcéad dul síos, Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle, an 14 Meán Fómhair 2022, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 149) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle, an 14 Meán Fómhair 2022, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022. L 239, lch. 1), ar an dara dul síos, Cinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle, an 13 Márta 2023, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023. L 75I, lch. 134) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 ón gComhairle an 13 Márta 2023, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 75I, lch. 1) agus, ar an tríú dul síos, Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle, an 13 Meán Fómhair 2023, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 226, lch. 104) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle, an 13 Meán Fómhair 2023, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 226, lch. 3), a mhéid a choinnítear leis na gníomhartha sin a ainm ar na liostaí atá i gceangal leis na gníomhartha sin agus, ar an taobh eile, ar bhonn Airteagal 268 CFAE, go gcúiteofaí an damáiste neamhábhartha ar bhain dó toisc gur glacadh na gníomhartha sin.

An chuid oibríochtúil

Cuirtear ar neamhní Cinneadh (CBES) 2022/1530, an 14 Meán Fómhair 2022, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle, an 14 Meán Fómhair 2022, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, Cinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle an 13 Márta 2013, lena leasaítear Cinneadh 201/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 ón gComhairle, an 13 Márta 2023, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle, an 13 Meán Fómhair 2023, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle, an 13 Meán Fómhair 2023, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a mhéid ar coinníodh ainm an Uasail Alexander Dmitrievich Pumpyanskiy ar liosta na ndaoine, na n-eintitis agus na gcomhlachtaí lena mbaineann na bearta sriantacha sin;

Diúltaítear don iarratas ar chúiteamh as an damáiste a rinneadh arna thíolacadh ag an Uasal Pumpyanskiy;

Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a costais féin agus costais an Uasal Pumpyanskiy a íoc;

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc.

____________

1 IO C 24, 23.1.2023.