Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Nollaig 2023 – Vi.ni.ca v EUIPO – Venica & Venica (agricolavinica. Le Colline di Ripa)
(Cás T-627/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘agricolavinica. Le Colline di Ripa’ – Focalmharc níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh ‘VENICA’ – Foras coibhneasta le neamhbhailíocht – Easpa dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) agus Airteagal 60(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001))
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Vi.ni.ca Srl – soc. agr. (Ripalimosani, an Iodáil) (ionadaí: S. Di Pardo, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: R. Raponi, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Venica & Venica di Gianni e Giorgio Venica Ss soc. agr. (Dolegna del Collio, an Iodáil)
Maidir le:
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go bunúsach, go ndéanfaí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Iúil 2022 (Cás R 90/2022-4) a chur ar neamhní agus a athrú.
An chuid oibríochtúil
1. Cuirtear an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Iúil 2022 (Cás R 90/2022-4) ar neamhní;
2. Ordaítear do EUIPO na costais a íoc.
____________
1 IO C 451, 28.11.2022.