Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Feabhra 2024 – Timothy Jacob Jensen Studios v EUIPO (DESIGNERS TRUST)
(Cás T-92/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach – Focalmharc DESIGNERS TRUST – Dearbhfhoras le diúltú – Easpa saincháilíochta – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Timothy Jacob Jensen Studios A/S (Højslev, an Danmhairg) (ionadaí: J. Løje, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (représentants: E. Markakis agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 29 Samhain 2022 (Cás R 1149/2022-4) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean.
2. Ordaítear do Timothy Jacob Jensen Studios A/S na costais a íoc.
____________
1 IO C 121, 3.4.2023.