Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Feabhra 2024 – Azalee Cosmetics v EUIPO – L’Oréal (UK) (LA CREME LIBRE)
(Cás T-765/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh LA CRÈME LIBRE – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe LIBRE – Foras coibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Azalee Cosmetics (Páras, an Fhrainc) (ionadaí: I. Tribouillet, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Ivanauskas agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: L’Oréal (UK) Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaithe: A. Ortiz López agus M. Polo Carreño, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 7 Deireadh Fómhair 2022 (Cás R 229/2022-1) a chur ar neamhní go páirteach.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean.
2. Ordaítear do Azalee Cosmetics na costais a íoc.
____________
1 IO C 45, 6.2.2023.