Language of document :

Caingean arna tabhairt an 8 Nollaig 2023 – Mndoiants v an Chomhairle

(Cás T-1149/23)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Sergueï Mndoiants (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: F. Bélot agus P. Tkhor, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 a chur ar neamhní sa mhéid is go gcoimeádtar ainm an iarratasóra ar an liosta san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2014/145 ón gComhairle an 17 Márta 2014;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) ón gComhairle an 13 Meán Fómhair a chur ar neamhní sa mhéid is go gcoimeádtar ainm an iarratasóra ar an liosta in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 2014/269 ón gComhairle an 17 Márta 2014;

De rogha ar sin, ar bhonn Airteagal 277 CFAE, a dhearbhú nach bhfuil an critéar ainmniúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh (CBES) 2014/145, chomh maith le hAirteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) 2014/269, arna leasú ag Cinneadh (CBES) 2023/1094 agus ag Rialachán (AE) 2023/1089 ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023, infheidhme maidir leis an iarratasóir de bharr a neamhdhleathacht;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil, ar an oibleagáid cúiseanna a lua, ar an oibleagáid athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh agus ar an gceart éisteachta. Áitíonn an t-iarratasóir nach dtugann na heilimintí a sholáthraíonn an Chomhairle údar leis na smachtbhannaí ina choinne agus a n-éadroime san áireamh. Ina theannta sin, leanna an Chomhairle gan na heilimintí agus na barúlacha arna soláthar ag an iarratasóir i láthair a chur san áireamh, ag sárú a oibleagáid, leis sin, athbhreithniú agus athmheastóireacht a dhéanamh, chomh maith le ceart éisteachta an iarratasóra.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid mheasúnaithe. Ní leor na heilimintí ar fad a bhfuil an Chomhairle ag brath orthu chun an t-iarratasóir a choimeád ar an liosta agus ní shuíonn siad gur fear gnó a bhfuil tionchar aige é an t-iarratasóir a bhfuil gníomhaíochtaí ar bun aige sa Rúis nó gur fear gnó é atá bainteach le hearnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise iad.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus na córa comhionainne. Maíonn an t-iarratasóir go ndéantar, leis na bearta sriantacha a fhorchuirtear air, idirdhealú ina choinne, ar thaobh amháin, agus go bhfuil siad díréireach i ndáil leis na cuspóirí atá á saothrú leo, ar an taobh eile.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar chearta bunúsacha an duine, lena n-áirítear an ceart chun maoine agus an ceart chun príobháideachais, an saol teaghlaigh, an áit chónaithe agus an chumarsáid a urramú. Tríd an t-iarratasóir a áireamh ar an liosta, ghníomhaigh an Chomhairle de shárú ar phrionsabal na comhréireachta. Mar gheall air sin, ní féidir a mheas go bhfuil na trasnaíochtaí sin dlisteanach de réir bhrí Airteagal 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

De rogha ar sin, an cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear neamh-infheidhmeacht Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh (CBES) 2014/145 agus Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 de bhrí a neamhdhleathacht. Tá an critéar nua (g) contrártha le cearta na cosanta dá bhforáiltear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, níl sé bunaithe ar bhonn fíorasach daingean agus tá sé contrártha le prionsabail na deimhneachta dlíthiúla, na córa comhionainne agus an toirmisc ar threallachas. Dá thoradh sin, toisc a neamhdhleathacht, ní mór a shuíomh nach bhfuil an critéar nua (g) infheidhme maidir leis an iarratasóir.

____________