Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 19 Bealtaine 2023 i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a tugadh an 8 Márta 2023 i gCás T-763/21, SE v an Coimisiún

(Cás C-309/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: SE (ionadaí: L. Levi, avocate)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar leataobh.

dá bhrí sin, sochar a iarratais céadchéime a thabhairt don achomharcóir.

a ordú don Choimisiún na costais uile a bhaineann leis an achomharc agus leis an gcéad chéim a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir 11 shaincheist dlí:

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid trína cinneadh go bhfuil na héilimh a bhaineann le sárú ar Airteagal 2 agus Airteagal 9 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile (“CEOS”) do-ghlactha (mír 33 - mír 36).        

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid trína cinneadh go n-áirítear oiliúnaithe Blue-Book ar cheann de na ceithre chatagóir foirne atá ag obair don Choimisiún (mír 78 den bhreithiúnas).    

Cáiliú earráideach an idirdhealaithe aoise mar idirdhealú indíreach, seachas idirdhealú dhíreach (mír 56)

Cur i bhfeidhm earráideach an dlí (mír 70 - mír 71 agus mír 75) trí údar a thabhairt le hidirdhealú indíreach ar bhonn forálacha dhlí atá infheidhme i leith idirdhealú dhíreach.     

Mainneachtain an “ard”chaighdeán cruthúnais ceart is gá  a chur i bhfeidhm chun údar a thabhairt le cóir idirdhealaitheach bunaithe ar aois (mír 62 go mír 89)

Cur i bhfeidhm earráideach an dlí trí chuspóirí dlisteanacha a thabhairt dá haire (mír 62 - mír 64 agus mír 65 - mír 72)                            

Léiriú agus cur i bhfeidhm earráideach an dlí (mír 73) trína cinneadh gur “chun leas an phobail” atá na cuspóirí.

Cur i bhfeidhm earráideach an dlí trína cinneadh nár tugadh fabhar d’oiliúnaithe Blue-Book toisc go raibh an Glao ar oscailt do chatagóirí foirne eile freisin (mír 80 - mír 81)

Cinneadh earráideach go bhfuil an chóireáil éagsúil ar fhorais aoise comhréireach (mír 84 - mír 89)    

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid trína cinneadh (mír 91 - mír 96) go bhfuil sainordú faighte ag an Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil an ceanglas a fhorchur go mbeadh “trí bliana ar a mhéad de thaithí ghairmiúil” mar chritéar incháilitheachta.

Mhainnigh an Chúirt Ghinearálta dul i ngleic leis an neamhréireacht idir ábhar an nóta faisnéise — PERS(2018) 38/2 ina ndearnadh foráil maidir le “taithí trí bliana ar a mhéad... a carnadh laistigh de na 5 bliana roimh an iarratas” agus an ceanglas arna fhorchur ag Ard-Stiúrthóireacht na nAcmhainní Daonna lena bhforáiltear do “thaithí ghairmiúil trí bliana ar a mhéad” go ginearálta.

____________