Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Okręgowy w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 10 Bealtaine 2023 — AJ v Bank BPH S.A.

(Cás C-301/23, Bank BPH)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Okręgowy w Warszawie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: AJ

Cosantóir: Bank BPH S.A.

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcaithfear Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, 1 agus prionsabal na héifeachtachta a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar léiriú breithiúnach ar reachtaíocht náisiúnta ar dá bun nach bhféadfaidh tomhaltóir dearbhú a lorg go héifeachtach ó chúirt go bhfuil téarmaí conarthacha i gconradh arna thabhairt i gcrích aige nó aici nach bhfuil ina cheangal air nó uirthi nó go bhfuil an conradh sin neamhbhailí ina iomláine?

An gcaithfear Airteagal 4(2) agus Airteagal 5 de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra a léiriú sa chaoi go gciallaítear leo go gcomhlíontar an ceanglas go ndréachtófaí na téarmaí conarthacha i dteanga shoiléir shothuigthe i ndáil le comhaontú creidmheasa atá nasctha le ráta malairte airgeadra eachtraigh i gcás inar chuir an banc an méid seo a leanas ar fáil don iasachtaí:

— cairt stairiúil de ráta malairte an airgeadra eachtraigh sin in aghaidh an airgeadra náisiúnta a thaispeánann gur athraigh an ráta malairte sin roinnt dosaen pointí céatadáin thar roinnt blianta, agus

— insamhalta a léiríonn an éifeacht atá ag méadú de roinnt dosaen pointí céatadáin i ráta malairte an airgeadra eachtraigh ar mhéid na dtráthchodanna iasachta?

An gcaithfear Airteagal 4(2) agus Airteagal 5 de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra a léiriú mar nithe lena gciallaítear gur cheart anailís a dhéanamh ar an gceanglas go ndréachtófaí na téarmaí conarthacha i dteanga shoiléir shothuigthe de réir mhúnla an ghnáth-thomhaltóra, nó ar cheart staid aonair agus saintréithe an tomhaltóra tráth a thugtar an conradh i gcrích a chur san áireamh, lena n-áirítear, go háirithe, an t-eolas atá aige nó aici, an t-oideachas agus an taithí atá aige nó aici?

An gcaithfear Airteagal 3(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra a léiriú mar ní lena chiallaítear go bhfuil téarma conarthach lena bhforáiltear gurb é meán uimhríochtúil na gcorrlach arna gcur i bhfeidhm ag roinnt banc tráchtála eile atá ainmnithe go sonrach é an corrlach a chuireann an banc i bhfeidhm contrártha don cheanglas maidir le meon macánta agus go bhfuil sé ina chúis le héagothroime shuntasach i gcearta agus in oibleagáidí na bpáirtithe a eascraíonn as an gconradh, chun aimhleasa an tomhaltóra?

An gcaithfear Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra agus prionsabal na héifeachtachta a léiriú sa chiall go gcuirtear cosc leo ar léiriú breithiúnach ar reachtaíocht náisiúnta ar dá bun a fhéadfaidh an chúirt náisiúnta a dhearbhú nach bhfuil an tomhaltóir faoi cheangal ach ag an ngné éagórach den téarma conarthach (lena bhforáiltear do mhodhnú ar mheánráta Bhanc Náisiúnta na Polainne trí chorrlach difríochta), nach ionann é agus oibleagáid chonarthach ar leithligh, ach go bhfuil sé nó sí faoi cheangal ag an gcuid eile den téarma conarthach sin?

An gcaithfear Airteagal 6(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra a léiriú sa chaoi nach gcumhdaítear san oibleagáid atá ar an gcúirt náisiúnta an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi na hiarmhairtí dlíthiúla a d’fhéadfadh a bheith ag dearbhú neamhbhailíochta conartha ach amháin éilimh ar aisíoc a eascraíonn as neamhbhailíocht an chonartha nó mar ní a chiallaíonn go gcumhdaíonn an oibleagáid sin aon iarmhairtí dlíthiúla hipitéiseacha (fiú má bhíonn siad amhrasach, indibhidiúil nó neamhdhóchúil) a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar neamhbhailíocht an chonartha?

____________

1 IO 1993 L 95, lch. 29.