Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 7 Nollaig 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal de commerce de Nantes – an Fhrainc) – Caisse CIBTP du Grand Ouest (CGO) – Association v D.V.M. RENOV SARL
(Cás C-311/23 1 , Caisse CIBTP du Grand Ouest)
(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 53(2) agus Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Saoirse chun seirbhísí a sholáthar – Srianta – Saoire íoctha a bhainistiú – Reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar ghnóthais in earnáil gníomhaíochta ar leith a bheith rannpháirteach i gcomhlachas chun pá saoire a bhfostaithe a íoc – Staid intíre amháin – Ceanglas chun na cúiseanna a lua a thugann údar le freagra ón gCúirt Bhreithiúnais – Do-ghlacthacht fhollasach)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal de commerce de Nantes
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Caisse CIBTP du Grand Ouest (CGO) – Association
Cosantóir: D.V.M. RENOV SARL
An chuid oibríochtúil
Tá an iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal de commerce de Nantes (an Chúirt Tráchtála, Nantes, an Fhrainc), a rinneadh le cinneadh an 15 Bealtaine 2023, do-ghlactha go follasach.
____________
1 Dáta taiscthe: 22.5.2023