Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 11 Nollaig 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Rejonowy dla Wrocławia-Fabrycznej we Wrocławiu – an Pholainn) – Powszechny Zakład Ubezpieczeń SA v Volvia sp. z o.o.
(Cás C-303/231 , Powszechny Zakład Ubezpieczeń)
(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Treoir 2011/7/AE – Dul i ngleic le híocaíocht dhéanach in idirbhearta tráchtála – Airteagal 2(1) – Coincheap ‘idirbhearta tráchtála’ – Airteagal 3(1)(a) – Dliteanas úis maidir le híocaíocht dhéanach – Conradh árachais arna thabhairt i gcrích idir gnóthais)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Rejonowy dla Wrocławia-Fabrycznej we Wrocławiu
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Powszechny Zakład Ubezpieczeń SA
Cosantóir: Volvia sp. z o.o.
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 2(1) de Threoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála, ní mór léiriú a dhéanamh sa chaoi go gcumhdaíonn an coincheap “idirbhearta tráchtála” conradh árachais faoina ngeallann an t-árachóir seirbhís shonrach a sholáthar do ghnóthas i gcás timpiste dá bhforáiltear sa chonradh sin agus go ngeallann an gnóthas sin an phréimh árachais a íoc leis an árachóir.
Maidir le hAirteagal 3(1) (a) de Threoir 2011/7, ní mór léiriú a dhéanamh sa chaoi go gciallaíonn sé, i gcomhthéacs conartha árachais, go gcomhlíonann an t-árachóir a oibleagáidí conarthacha agus dlíthiúla, de réir bhrí na forála sin, ar an gcoinníoll amháin go soláthraíonn sé cumhdach árachais don pháirtí eile, beag beann ar chúiteamh a íoc leis an bpáirtí eile sin i gcás ina dtarlaíonn an caillteanas a chumhdaítear leis an gconradh sin.
____________
1 Dáta an taiscthe: 15.05.2023