Ordú na Cúirte Ginearálta an 9 Aibreán 2024 – Heraeus Electronics v EUIPO – Welco (WELCO)
(Cás T-513/23) 1
(Caingean le haghaidh neamhniú – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh WELCO – Marc fíortha níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh WELCO – Easpa iontrála maidir le hathrú ar dhílseánacht an trádmhairc atá faoi chonspóid sa chlár de thrádmharcanna an Aontais Eorpaigh – Easpa locus standi – Do-ghlacthacht)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Heraeus Electronics GmbH & Co. KG (Hanau, an Ghearmáin) (ionadaithe : A. Ebert-Weidenfeller agus H. Förster, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Eberl agus A. Söder, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Welco spol. s r. o. (Uherský Brod, Poblacht na Seice) (ionadaithe : J. Bühling agus D. Graetsch, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 1 Meitheamh 2023 (Cás R 2409/2022-2) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Déantar an chaingean a dhíbhe toisc í a bheith do-ghlactha.
Ordaítear do Heraeus Electronics GmbH & Co. KG, chomh maith lena costais féin os comhair na Cúirte Ginearálta, na costais arna dtabhú ag Welco spol. s r. o. a íoc
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.
____________
1 IO C, C/2023/37, an 9.10.2023.