Caingean arna tabhairt an 23 Feabhra 2024 – Whitehorse Liquidity Partners v EUIPO – HIG Whitehorse Management (H.I.G. WHITEHORSE)
(Cás T-111/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Whitehorse Liquidity Partners, Inc. (Toronto, Ontario, Ceanada) (ionadaí: J. S. Geerlings, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: HIG Whitehorse Management LLC (Miami, Florida, Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh H.I.G. WHITEHORSE – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 11 882 073
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 14 Nollaig 2023 i gCás R 123/2023-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
an trádmharc atá faoi cheist a chúlghairm;
a ordú don pháirtí eile sna himeachta os comhair an Bhoird Achomhairc costais na n-imeachtaí os comhair an Rannáin Cealúcháin agus an Bhoird Achomhairc a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________