Language of document :

Cás C-530/20

“EUROAPTIEKA” SIA

[Iarraidh ar réamhrialú ón Latvijas Republikas Satversmes tiesa (an Laitvia)]

 Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Nollaig 2022

(Tarchur chun réamhrialú – Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine – Treoir 2001/83/CE – Airteagal 86(1) – An coincheap “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte” – Airteagal 87(3) – Úsáid réasúnach táirgí íocshláinte – Airteagal 90 – Ábhar fógraíochta faoi thoirmeasc – Fógraíocht ar tháirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta agus nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith – Fógraíocht de réir an phraghais – Fógraíocht le haghaidh tairiscintí bolscaireachta – Fógraíocht le haghaidh díolacháin chomhcheangailte – Toirmeasc)

1.        Comhfhogasú dlíthe – Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine – Treoir 2001/83 – Fógraíocht – Coincheap – Fógraíocht ar tháirgí íocshláinte neamhshonraithe – Cur san áireamh

(Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2001/83, arna leasú le Treoir 2004/27, Airteagal 86(1))

(féach míreanna 32-47, cuid oibríochtúil 1)

2.        Comhfhogasú dlíthe – Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine – Treoir 2001/83 – Fógraíocht – Coincheap – Critéar de chuspóir bolscaireachta na teachtaireachta – Fógraíocht de réir an phraghais, le haghaidh tairiscintí bolscaireachta nó le haghaidh díolacháin chomhcheangailte – Cur san áireamh

(Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2001/83, arna leasú le Treoir 2004/27, Airteagal 86(1))

(féach míreanna 52-55, cuid oibríochtúil 1)

3.        Comhfhogasú dlíthe – Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine – Treoir 2001/83 – Fógraíocht – Foráil náisiúnta lena dtoirmeasctar a chur san áireamh, san fhógraíocht ar tháirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta agus nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith, ábhar seachas an t-ábhar dá dtagraítear leis an Treoir – Toirmeasc ar fhógraíocht de réir an phraghais, le haghaidh tairiscintí bolscaireachta nó le haghaidh díolacháin chomhcheangailte – Inghlacthacht – Coinníollacha – Ábhar atá de chineál chun úsáid díchéillí agus iomarcach táirgí íocshláinte a spreagadh – Bunchuspóir chun sláinte an phobail a chosaint

(Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2001/83, arna leasú le Treoir 2004/27, Airteagal 87(3) agus 90)


Résumé

Is cuideachta é “EUROAPTIEKA” SIA atá i mbun gníomhaíocht cógasaíochta sa Laitvia. Tá sé ina chuid de ghrúpa a bhfuil líonra cógaslann agus cuideachtaí dáileacháin táirgí íocshláinte miondíola aige sa tír sin. In 2016, chuir an Veselības inspekcijas Zāļu kontroles nodaļa (Cigireacht na Sláinte Poiblí, an tSeirbhís Rialaithe Táirgí Íocshláinte, an Laitvia) cosc ar EUROAPTIEKA fógraíocht a scaipeadh maidir le díolachán promóisin lena dtabharfaí laghdú 15 % ar phraghas ceannaithe aon táirge íocshláinte i gcás go gceannófaí ar a laghad trí earra. Glacadh an cinneadh sin ar bhonn foráil náisiúnta lena dtoirmeasctar a chur san áireamh, agus fógraíocht á déanamh don phobal i gcoitinne maidir le táirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta agus nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith, faisnéis lena spreagfar an táirge íocshláinte a cheannach trí údar a thabhairt leis an ngá lena leithéid de cheannach de réir phraghas an táirge íocshláinte, le díol speisialta a fhógairt nó le tabhairt le fios go ndíolfar an táirge íocshláinte i mbeart le táirgí íocshláinte eile (lena n-áireofar ar phraghas laghdaithe) nó le táirgí eile.(1)

Tháinig an chaingean a thionscain EUROAPTIEKA i gcoinne na forála sin, os comhair an Latvijas Republikas Satversmes tiesa (Cúirt Bhunreachtúil, an Laitvia) in 2020, agus d’fhiafraigh an chúirt sin den Chúirt Bhreithiúnais, faoin nós imeachta um réamhrialú, maidir le léiriú Threoir 2001/83.(2)

Lena breithiúnas, sonraíonn an Chúirt, agus í ag suí mar Mhór-Dhlísheomra, raon an choincheapa “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte” de réir bhrí na Treorach sin, go háirithe maidir le hábhar atá dírithe ní ar tháirge íocshláinte sonraithe, ach ar tháirgí íocshláinte neamhshonraithe. Thairis sin, tugann sí breith ar chomhréireacht foráil náisiúnta lena bhforáiltear do thoirmisc amhail iad siúd sna príomhimeachtaí leis an Treoir sin, go háirithe maidir leis an gceist an bhfuil na toirmisc sin beartaithe chun úsáid réasúnach táirgí íocshláinte a spreagadh, de réir bhrí na Treorach céanna.

Breithniú na Cúirte

Sa chéad áit, rialaíonn an Chúirt go dtagann scaipeadh faisnéise lena spreagtar daoine chun táirgí íocshláinte a cheannach trí údar a thabhairt leis an ngá lena leithéid de cheannach de réir a bpraghais, trí dhíolachán speisialta a fhógairt nó trína shonrú go ndíoltar na táirgí íocshláinte sin i dteannta táirgí íocshláinte eile, lena n-áirítear ar phraghas laghdaithe, nó táirgí eile, faoin gcoincheap “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte” de réir bhrí Threoir 2001/83, fiú i gcás nach mbaineann an fhaisnéis sin le táirge íocshláinte sonraithe, ach le táirgí íocshláinte neamhshonraithe.

Ar an gcéad dul síos, ó thaobh na foclaíochta de, cuireann an Chúirt in iúl go ndéantar tagairt ar bhonn córasach, le hAirteagal 86(1) den Treoir sin, ina bhfuil an coincheap “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte”, do “tháirgí íocshláinte” san iolra. Thairis sin, sainmhínítear an coincheap sin ar bhealach an-leathan san fhoráil sin, sa chaoi go gcuimsítear “gach cineál” faisnéise ó dhoras go doras, stocaireachta nó gríosaithe, lena n-áirítear, go háirithe, “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte don phobal i gcoitinne”.

Ina dhiaidh sin, ó thaobh an chomhthéacs de, cuireann an Chúirt in iúl go leagtar síos le forálacha Theideal VIII de Threoir 2001/83, ina bhfuil Airteagal 86, rialacha ginearálta agus bunúsacha a bhaineann le fógraíocht le haghaidh táirgí íocshláinte agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad beartaithe le bheith curtha i bhfeidhm maidir le gach gníomh arb é is aidhm dó oideasú, soláthar, díol agus úsáid tairgí íocshláinte a chur chun cinn.

Ar deireadh, maidir leis na cuspóirí atá á saothrú le Treoir 2001/83, measann an Chúirt go mbainfí go mór den chuspóir bunúsach chun sláinte an phobail a chosaint atá á shaothrú leis an Treoir sin, dá mba rud é nach dtiocfadh gníomhaíocht faisnéise ó dhoras go doras, stocaireachta nó gríosaithe arb é is aidhm di oideasú, soláthar, díol agus úsáid tairgí íocshláinte a chur chun cinn agus nach dtagraíonn do tháirge íocshláinte sonraithe faoin gcoincheap “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte”, agus, dá bhrí sin, nach dtiocfadh sí faoi na toirmisc, na coinníollacha agus na srianta dá bhforáiltear leis an Treoir sin i réimse na fógraíochta.

Ós rud é go bhféadfadh fógraíocht ar tháirgí íocshláinte neamhshonraithe, amhail fógraíocht a bhaineann le haicme iomlán táirgí íocshláinte atá ceaptha chun an phaiteolaíocht chéanna a chóireáil, a bheith bainteach freisin le táirgí íocshláinte faoi oideas liachta nó táirgí ar féidir aisíocaíocht a fháil ina leith, dá n-eiseofaí fógraíocht den sórt sin ó raon feidhme fhorálacha Threoir 2001/83 maidir le fógraíocht, bhainfí go mór d’éifeacht úsáideach na dtoirmeasc a leagtar síos leis an Treoir sin,(3) a mhéid a d’fhágfadh sin nach dtiocfadh aon fhógraíocht nach mbaineann go sonrach le táirge íocshláinte a bhaineann leis an aicme sin faoi na toirmisc sin.

Thairis sin, measann an Chúirt go bhféadfaidh fógraíocht a dhéantar i ndáil le tacar neamhshonraithe táirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta, faoi mar is féidir le fógraíocht a dhéantar i ndáil le táirge íocshláinte sonraithe amháin, a bheith iomarcach agus díchéillí agus, dá réir sin, dochar a dhéanamh do shláinte an phobail, trí chustaiméirí a ghríosú chun úsáid díchéillí nó ró-úsáid na dtáirgí íocshláinte lena mbaineann.

Tagann an Chúirt chun na conclúide, d’ainneoin an méid a cinntíodh i mbreithiúnas A (Fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte agus iad a dhíol ar líne)(4) agus i mbreithiúnas DocMorris,(5) go gcuimsítear leis an gcoincheap “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte” dá dtagraítear i dTreoir 2001/83, gach cineál faisnéise ó dhoras go doras, stocaireachta nó gríosaithe arb é is aidhm di oideasú, soláthar, díol agus úsáid táirge íocshláinte sonraithe nó tairgí íocshláinte neamhshonraithe a chur chun cinn.

Cuireann an Chúirt leis sin, ós rud é gurb é cuspóir na teachtaireachta an tsaintréith bhunúsach den choincheap sin agus an ghné chinntitheach lena ndealaítear an fhógraíocht ó fhaisnéis amháin, agus gur cosúil go bhfuil cuspóir bolscaireachta ag na gníomhaíochtaí chun faisnéis a scaipeadh dá dtagraítear le foráil náisiúnta amhail an fhoráil sna príomhimeachtaí, go dtagann na gníomhaíochtaí sin faoin gcoincheap sin.

Ar an dara dul síos, rialaíonn an Chúirt nach gcuirtear cosc le forálacha Threoir 2001/83(6) ar fhoráil náisiúnta lena bhforchuirtear srianta nach bhforáiltear dóibh leis an Treoir sin, ach a fhreagraíonn don chuspóir bunúsach chun sláinte an phobail a chosaint atá á shaothrú leis an Treoir sin, trí thoirmeasc ar fhaisnéis a áireamh i bhfógraíocht don phobal i gcoitinne i ndáil le táirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta agus nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith, faisnéis lena spreagtar táirgí íocshláinte a cheannach trí údar a thabhairt leis an ngá lena leithéid de cheannach de réir phraghas na dtáirgí íocshláinte sin, trí dhíolachán speisialta a fhógairt nó trína thabhairt le fios go ndíoltar an táirge íocshláinte i mbeart le táirgí íocshláinte eile, lena n-áirítear ar phraghas laghdaithe, nó le táirgí eile.

Mar thaca leis an léiriú sin, cuireann an Chúirt in iúl, sa chéad áit, maidir leis an ngaol idir an ceanglas go spreagfaidh an fhógraíocht úsáid réasúnach táirgí íocshláinte(7) agus na srianta dá dtagraítear i dTreoir 2001/83 i bhfoirm liosta den ábhar fógraíochta a bhfuil toirmeasc air,(8) nach gcuirtear cosc ar na Ballstáit toirmeasc a chur(9) ar ábhar den sórt sin a mhéid a spreagfadh sin úsáid díchéillí táirgí íocshláinte, ar mhaithe le bac a chur ar gach fógraíocht iomarcach agus díchéillí le haghaidh táirgí íocshláinte a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shláinte an phobail, ós rud é nach bhfuil rialacha sonracha sa Treoir sin a bhaineann le hábhar fógraíochta sonrach.

Dá réir sin, agus cé go n-údaraítear le Treoir 2001/83 fógraíocht le haghaidh táirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta, ní mór do na Ballstáit a thoirmeasc, d’fhonn rioscaí do shláinte an phobail a sheachaint i gcomhréir leis an gcuspóir bunúsach sláinte an phobail sin a chosaint, go n-áireofaí, i bhfógraíocht don phobal i gcoitinne i ndáil le tairgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta agus nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith, ábhar a d’fhéadfadh úsáid díchéillí táirgí íocshláinte a spreagadh.

Sa dara háit, maidir leis an gceist an é sin an cás i leith an ábhair dá dtagraítear le toirmisc amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí, cuireann an Chúirt in iúl, maidir le táirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta agus nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith, gur minic go ndéanann an tomhaltóir deiridh measúnú é féin, gan cúnamh dochtúra, an bhfuil sé úsáideach nó an gá táirgí íocshláinte den sórt sin a cheannach. Ní bhíonn eolas sonrach agus oibiachtúil ag an tomhaltóir, áfach, lena bhféadfaidh sé luach na dtáirgí sin ó thaobh leighis de a mheas. Féadfaidh an fhógraíocht tionchar an-tábhachtach a imirt ar mheasúnú agus rogha an tomhaltóra mar sin, i ndáil le cáilíocht an táirge íocshláinte agus an cainníocht le ceannach araon.

Sa chomhthéacs sin, is dual d’ábhar fógraíochta, amhail é sin dá dtagraítear san fhoráil náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, tomhaltóirí a spreagadh chun táirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta agus nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith a cheannach bunaithe ar chritéar eacnamaíoch a bhaineann le praghas na dtáirgí íocshláinte sin, agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go dtabharfadh sé sin ar na tomhaltóirí sin na táirgí íocshláinte sin a cheannach agus a úsáid gan measúnú oibiachtúil a bheith déanta roimh ré bunaithe ar airíonna teiripeacha na dtáirgí sin agus ar na riachtanais shonracha leighis.

Dar leis an gCúirt, áfach, i gcás fógraíocht a bhaineann aird an tomhaltóra ó mheasúnú oibiachtúil den ghá le táirge íocshláinte a úsáid, spreagann an fhógraíocht sin úsáid díchéillí agus iomarcach an táirge sin. Féadfaidh úsáid díchéillí agus iomarcach táirgí íocshláinte den sórt sin a bheith mar thoradh ar fhógraíocht, dála na fógraíochta a bhaineann le tairiscintí bolscaireachta nó díolacháin chomhcheangailte táirgí íocshláinte agus táirgí eile, ina dtugtar le chéile táirgí íocshláinte agus táirgí eile tomhaltais, atá ina n-ábhair lascainí agus laghduithe praghais má chaitear níos mó ná méid áirithe.

Tagann an Chúirt chun na conclúide, a mhéid a chuirtear cosc léi ar ábhar fógraíochta a scaipeadh lena spreagtar úsáid díchéillí agus iomarcach táirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta agus nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith - gan dochar don fhéidearthacht do chógaslanna lascainí agus laghduithe praghais a thabhairt agus na táirgí íocshláinte sin agus táirgí eile sláinte á ndíol -, go bhfreagraíonn foráil náisiúnta amhail an fhoráil atá i gceist sna príomhimeachtaí don chuspóir bunúsach sláinte an phobail a chosaint agus go bhfuil sí, mar sin, i gcomhréir le Treoir 2001/83.


1      Foráiltear mar seo a leanas i bpointe 18.12 den Ministru kabineta noteikumi Nr. 378 “Zāļu reklamēšanas kārtība un kārtība, kādā zāļu ražotājs ir tiesīgs nodot ārstiem bezmaksas zāļu paraugus” (Foraithne Uimh. 378 ó Chomhairle na nAirí i leith “Rialacha mionsonraithe maidir le fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte agus rialacha mionsonraithe faoina n-údaraítear samplaí saor in aisce a sholáthar ag monaróirí táirgí íocshláinte do dhochtúirí”) an 17 Bealtaine 2011 (Latvijas Vēstnesis, 2011, Uimh. 78).


2      Go sonrach, tagraítear d’Airteagail 86(1), 87(3) agus 90 de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO 2001 L 311, lch. 67), arna leasú le Treoir 2004/27/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 (IO 2004 L 136, lch. 34).


3      Airteagal 88(1)(a) agus (3) de Threoir (AE) 2001/83.


4      Breithiúnas an 1 Deireadh Fómhair 2020, A (Fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte agus iad a dhíol ar líne) (C-649/18, EU:C:2020:764, mír 50).


5      Breithiúnas an 15 Iúil 2021, DocMorris (C-190/20, EU:C:2021:609, mír 20).


6      Go sonrach, Airteagail 87(3) agus 90 de Threoir 2001/83.


7      Ceanglas dá bhforáiltear in Airteagal 87(3) de Threoir 2001/83.


8      Srianta dá dtagraítear in Airteagal 90 de Threoir 2001/83.


9      Ar bhonn Airteagal 87(3) de Threoir 2001/83.