Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin), a taisceadh an 10 Bealtaine 2023 – ENGIE Deutschland GmbH v Landesregulierungsbehörde beim Sächsischen Staatsministerium für Wirtschaft, Arbeit und Verkehr

(Cás C-293/23, ENGIE Deutschland)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: ENGIE Deutschland GmbH

Cosantóir: Landesregulierungsbehörde beim Sächsischen Staatsministerium für Wirtschaft, Arbeit und Verkehr

Páirtithe eile sna himeachtaí: Zwickauer Energieversorgung GmbH, Bundesnetzagentur für Elektrizität, Gas, Telekommunikation, Post und Eisenbahnen

An cheist a tharchuirtear:

An gcuirtear cosc le hAirteagal 2, pointí (28) agus (29), agus le hAirteagal 30 et seq. de Threoir 2019/944 1 ar fhoráil amhail Airteagal 3(24a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(16), den Energiewirtschaftsgesetz (Dlí maidir le bainistiú fuinnimh, “EnWG”), ar dá réir nach bhfuil oibreoir saoráide fuinnimh um sholáthar fuinnimh faoi réir oibleagáidí oibreora córais dáileacháin má thógann sé agus má fheidhmíonn sé an tsaoráid fuinnimh seachas an córas dáileacháin atá ann cheana d’fhonn, le leictreachas arna ghiniúint i stáisiún cumhachta agus teasa, roinnt foirgnimh árasáin a sholáthar, foirgnimh ina bhfuil suas le 200 aonad cónaithe faoi chíos agus ina bhfuil méid bliantúil fuinnimh tarchurtha suas le 1 000 MWh, agus na costais a bhaineann le tógáil agus oibriú na saoráide fuinnimh á n-íoc ag na tomhaltóirí deiridh (tionontaí) mar chuid den bhuntáille mhíosúil chaighdeánach atá iníoctha as an teas arna soláthar agus go ndíolann an t-oibreoir an leictreachas a ghintear leis na tionontaí?

____________

1 Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO 2019 L 158, lch. 125).