Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil) a taisceadh an 8 Lúnasa 2023 – Caronte & Tourist SpA v Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato
(Cás C-511/23, Caronte & Tourist)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratas: Caronte & Tourist SpA
Cosantóir: Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 102 CFAE, arna léamh i bhfianaise na bprionsabal maidir le hiomaíocht a chosaint agus éifeachtacht na gníomhaíochta riaracháin, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht a eascraíonn as cur i bhfeidhm Airteagal 14 de Dhlí Uimh. 689 an 24 Samhain 1981- mar a léirítear sa chásdlí is déanaí - lena gceanglaítear ar an Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato (Údarás Iomaíochta na hIodáile) an nós imeachta imscrúdaithe a thionscnamh chun mí-úsáid ceannasachta a bhrath laistigh den teorainn ama nócha lá, ag tosú ón nóiméad a bhfuil an tÚdarás ar an eolas faoi ghnéithe riachtanacha an tsáraithe, ós rud é go bhféadfadh na gnéithe sin a bheith ídithe sa chéad tuarascáil ar an gcion?
____________