Language of document :

Caingean arna tabhairt an 16 Nollaig 2022 – TT v Frontex

(Cás T-787/22)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: TT (ionadaí: J. Navas Marqués, Dlíodóir)

Cosantóir: An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh gan dáta, ar tugadh fógra ina leith an 17 Deireadh Fómhair 2022, le huimhir thagartha inmheánach GSC/HR/2022 ó Bhord Bainistíochta (Management Board) na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) a chur ar neamhní;

an tuarascáil mheastóireachta (Appraisal Report) de 2021 a tháinig chun bheith críochnaitheach i leith an iarratasóra le fógra an 18 Márta 2022 maidir le cinneadh an mheastóra achomhairc (Appeal Assessor) a chur ar neamhní;

an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) a thoghairm d’fhonn cóip dá tuarascáil maidir le torthaí an fhiosrúcháin a rinneadh in 2021 i gcoinne chleachtais ciaptha san ionad oibre agus iompair lochtaigh i leith oibrithe Frontex arna ndéanamh ag a Iar-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear gur eisigh comhlacht neamhinniúil an cinneadh atá faoi chonspóid agus sárú ar cheanglais riachtanacha nós imeachta: Sárú Frontex ar Airteagal 90(2) den Rialachán1 lena leagtar síos na Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (Rialacháin Foirne na nOifigeach), ar phrionsabal an dea-riaracháin, ar an gceart chun éisteacht a fháil agus ar an bprionsabal dlíthiúil den “fhreagracht chun gníomhú leis an gcúram cuí” agus easpa inniúlachta Bhord Bainistíochta Frontex chun an cinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an gceart chun éisteacht a fháil agus ar cheanglais riachtanacha nós imeachta mar gheall ar shárú ar Airteagal 6(3) agus (5) agus Airteagal 8 de Chinneadh ón mBord Bainistíochta Uimh. 46/2015 an 20 Samhain 2015 lena leagtar síos forálacha ginearálta chun Airteagail 43 agus 44(1) de Rialacháin Foirne na nOifigeach a chur i bhfeidhm: Easpa idirphlé leis an meastóir (Reporting Officer) roimh an tuarascáil mheastóireachta de 2021.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear mainneachtain cúiseanna a lua sa chinneadh atá faoi chonspóid ó Bhord Bainistíochta Frontex, sárú ar cheart na cosanta agus sárú ar Airteagal 2 de chinneadh ó Bhord Bainistíochta Frontex Uimh. 46/2015 an 20 Samhain 2015 leis an tuarascáil mheastóireachta de 2021.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na neamhchlaontachta agus saobhadh ar an gcumhacht arna dhéanamh ag an meastóir [faoi rún]1 agus ag an meastóir achomhairc [faoi rún]2 a scríobh an tuarascáil mheastóireachta de 2021: Sárú ar Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 3(2) agus (3) de chinneadh ón Bhord Bainistíochta Frontex Uimh. 46/2015 an 20 Samhain 2015.

____________

1 Rialachán 31 (CEE) 11 (CEEA) lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus den Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO 1962 P 045, lch. 1385).

1 Sonraí rúnda fágtha ar lár.

1 Sonraí rúnda fágtha ar lár.