Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – Deichmann v EUIPO – Munich (Léiriú ar dhá stríoc chrosáilte ar thaobh bróige)

(Cás T-117/21)1

[Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhnithe – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ina léirítear crois ar thaobh bróg spóirt – Airteagail 7(1)(b) agus 51(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 [Airteagail 7(1)(b) agus 59(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois] – Airteagal 94(1) den Rialachán 2017/1001]

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Deichmann SE (Essen, an Ghearmáin) (ionadaí: C. Onken, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Gája agus V. Ruzek, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Munich, SL (La Torre de Claramunt, an Spáinn) (ionadaithe: J. Güell Serra agus M. Guix Vilanova, Dlíodóirí)

Ábhar

Caingean arna tabhairt i gcoinne an chinnidh ón gceathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 7 Nollaig 2020 (Cás R 2882/2019-4), maidir le himeachtaí neamhnithe idir Deichmann agus Munich.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Deichmann SE na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus ag Munich, SL a íoc.

____________

1     IO C 128, 12.4.2021.