Language of document :

Caingean arna tabhairt an 28 Feabhra 2024 – Guangzhou Wanglaoji Grand Health v EUIPO – Multi Access (Léiriú ar thrí charachtar Sínise)

(Cás T-123/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Guangzhou Wanglaoji Grand Health Co. Ltd (Guangzhou, an tSín) (ionadaí: P. Groß, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Multi Access Ltd (Road Town, Oileáin Bhriotanacha na Maighdean)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh (Léiriú ar thrí charachtar Sínise) – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 9 151 473

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 19 Nollaig 2023 i gCás R 324/2023-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a dhearbhú go bhfuil an marc atá faoi chonspóid neamhbhailí ar bhonn Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle;

a ordú do EUIPO agus do Multi Access Limited, i gcás ina gcinnfidh Multi Access Limited idiragairt a dhéanamh, a gcuid costais féin a íoc;

a ordú do EUIPO agus do Multi Access Limited, i gcás ina gcinnfidh Multi Access Limited idiragairt a dhéanamh, na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú ag an iarratasóir os comhair an Bhoird Achomhairc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle (Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle anois).

____________