Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Márta 2024 – VF International v EUIPO – Super Brand Licencing (GEOGRAPHICAL NORWAY EXPEDITION)
(Cás T-639/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh GEOGRAPHICAL NORWAY EXPEDITION – Dearbhfhoras neamhbhailíochta – Meon mímhacánta – Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) – Foras coibhneasta le neamhbhailíocht – Damáiste do cháil – Airteagal 8(5) agus Airteagal 53(1)(a) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Airteagal 8(5) agus Airteagal 60(1)(a) de Rialachán 2017/1001 anois))
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: VF International Sagl (Stabio, an Eilvéis) (ionadaí: Y. Bizollon, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaí: V. Ruzek, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Super Brand Licencing SAS (Villeurbanne, an Fhrainc) (ionadaithe: T. de Haan agus A. Sion, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 23 Lúnasa 2022 (Cás R 124/2022-4).
An chuid oibríochtúil
Cuirtear an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 23 Lúnasa 2022 (Cás R 124/2022-4) ar neamhní.
Ordaítear do EUIPO agus do Super Brand Licencing SAS a gcostais féin, chomh maith le leath de na costais arna dtabhú ag VF International Sagl, a íoc.
____________
1 IO C 463, 5.12.2022.