Language of document : ECLI:EU:C:2024:372

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

an 30 Aibreán 2024 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Treoir 2014/41/AE – Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla – Fianaise a fháil atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh cheana féin – Coinníollacha eisiúna – Seirbhís teileachumarsáide criptithe – EncroChat – Gá le cinneadh ón gcúirt – Úsáid fianaise a fuarthas de shárú ar dhlí an Aontais)

I gCás C‑670/22,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ó Landgericht Berlin (Cúirt Réigiúnach, Beirlín, an Ghearmáin), trí bhreith an 19 Deireadh Fómhair 2022, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 24 Deireadh Fómhair 2022, sna himeachtaí coiriúla i gcoinne


M.N.,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Prechal, K. Jürimäe (Rapóirtéir), C. Lycourgos, T. von Danwitz, Z. Csehi agus O. Spineanu-Matei, Uachtaráin Dlísheomraí, M. Ilešič, J.-C. Bonichot, I. Jarukaitis, A. Kumin, D. Gratsias, M. L. Arastey Sahún agus M. Gavalec, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: T. Ćapeta,

Cláraitheoir: D. Dittert, Ceann Aonaid, agus K. Hötzel, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 4 Iúil 2023,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        Staatsanwaltschaft Berlin, ag R. Pützhoven agus J. Raupach, i gcáil Gníomhairí,

–        M.N., ag S. Conen, Rechtsanwalt,

–        Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller, P. Busche agus M. Hellmann, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Seice, ag L. Halajová, M. Smolek, agus T. Suchá, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hEastóine, ag M. Kriisa, i gcáil Gníomhaire,

–        Éire, ag M. Browne, Príomh-Aturnae Stáit, M. A. Joyce agus D. O’Reilly, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó D. Fennelly, BL,

–        Rialtas na Spáinne, ag A. Gavela Llopis agus A. Pérez-Zurita Gutiérrez, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Fraince, ag G. Bain agus R. Bénard, B. Dourthe, B. Fodda agus T. Stéhelin, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hUngáire, ag Z. Fehér, i gcáil Gníomhaire,

–        Rialtas na hÍsiltíre, ag K. Bulterman, A. Hanje agus J. Langer, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire,

–        Rialtas na Sualainne, ag F.-L. Göransson agus H. Shev, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag H. Leupold, M. Wasmeier agus F. Wilman, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 26 Deireadh Fómhair 2023,

an Breithiúnas seo a leanas

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 2(c), Airteagal 6(1) agus Airteagal 31 de Threoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla (IO 2014 L 130, lch. 1), agus le léiriú phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta.

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí coiriúla a tionscnaíodh i gcoinne M.N. agus baineann sí le dlíthiúlacht trí chinneadh imscrúdaithe Eorpacha, arna n‑eisiúint ag an Generalstaatsanwaltschaft Frankfurt am Main (Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Frankfurt am Main, an Ghearmáin) (‘Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Frankfurt’).

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 Treoir 2002/58/CE

3        Leagtar amach in Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO 2002 L 201, lch. 37) mar seo a leanas:

‘Féadfaidh na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh chun raon feidhme na gceart agus na n‑oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 5 agus 6, Airteagal 8(1), (2), (3) agus (4) agus in Airteagal 9 den Treoir seo a shrianadh nuair is beart riachtanach, iomchuí, comhréireach é srianadh den chineál sin laistigh de shochaí dhaonlathach chun an tslándáil náisiúnta (i.e. slándáil an Stáit), an chosaint agus an tslándáil phoiblí a shlánchoimeád nó chun cionta coiriúla nó úsáid neamhúdaraithe an chórais cumarsáide leictreonaí, dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Threoir 95/46/CE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 1995 L 281, lch. 31).], a chosc, a fhiosrú, a bhrath agus a ionchúiseamh. […] Beidh gach beart dá dtagraítear sa mhír seo i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Chomhphobail, lena n‑áirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) [CAE].’ [Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Treoir 2014/41

4        Léitear aithrisí 2, 5 go 8, 19 agus 30 de Threoir 2014/41 mar a leanas:

‘(2)      De bhun Airteagal 82(1) [CFAE], déanfar an comhar breithiúnach in ábhair choiriúla san Aontas [Eorpach] a bhunú ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do bhreithiúnais agus do chinntí breithiúnacha, dá ngairtear go coitianta, ón gComhairle Eorpach in Tampere an 15 agus an 16 Deireadh Fómhair 1999, bunchloch an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla laistigh den Aontas.

[...]

(5)      Ó glacadh Cinntí Réime [2003/577/CGB ón gComhairle an 22 Iúil2003 maidir le horduithe a fhorghníomhú san Aontas Eorpach d’fhonn maoin nó fianaise a chalcadh (IO 2003 L 196, lch. 45)] agus [ón gComhairle 2008/978/CGB [an 18 Nollaig 2008 maidir leis an mBarántas Fianaise Eorpach chun earraí, doiciméid agus sonraí a fháil le húsáid in imeachtaí in ábhair choiriúla (IO 2008 L 350, lch. 72)], is léir anois go bhfuil an creat atá ann cheana maidir le fianaise a ghlacadh ró-ilroinnte agus róchasta. Dá bhrí sin, tá gá le cur chuige nua.

(6)      I gClár Stócólm a ghlac an Chomhairle Eorpach an 10 agus 11 Nollaig 2009, mheas an Chomhairle Eorpach gur cheart córas cuimsitheach a chur ar bun chun fianaise a fháil i gcásanna a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo, bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a shaothrú tuilleadh. Chuir an Chomhairle Eorpach in iúl gur chóras ilroinnte iad na hionstraimí láithreacha agus gur ghá cur chuige nua a bheith ann, bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ach solúbthacht córais traidisiúnta cúnaimh fhrithpháirtigh dhlíthiúil á chur san áireamh freisin. Dá bhrí sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach córas cuimsitheach chun ionstraimí nua a chur in ionad na n‑ionstraimí láithreacha uile, lena n‑áirítear Cinneadh Réime 2008/978/CGB, a chuimseodh gach cineál fianaise, a raibh spriocdhátaí orthu lena bhforfheidhmiú agus a chuirfeadh teorainn leis na forais do dhiúltú chomh fada agus ab fhéidir.

(7)      Tá an cur chuige nua sin bunaithe ar ionstraim aonair ar a dtugtar ‘Ordú Imscrúdaithe Eorpach (OIE)’. Tá OIE le heisiúint chun beart sonrach imscrúdaitheach amháin nó níos mó a dhéanamh sa Stát a bhfuil OIE á fhorghníomhú aige (‘an Stát forghníomhaithe’) d’fhonn fianaise a bhailiú. Áirítear leis sin fianaise a fháil atá i seilbh an údaráis forghníomhaithe cheana féin.

(8)      Ba cheart go mbeadh raon feidhme cothrománach ag an OIE agus dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm aige maidir le gach beart imscrúdaitheach atá dírithe ar fhianaise a bhailiú. Tá gá le rialacha sonracha, áfach, i leith comhfhoireann imscrúdaithe a bhunú agus fianaise a bhailiú laistigh d’fhoireann den sórt sin, agus is fearr déileáil leo ar leith. Gan dochar do chur i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag ionstraimí láithreacha maidir leis an gcineál beart imscrúdaitheach seo.

[...]

(19)      Tá cruthú limistéir saoirse, slándála agus ceartais laistigh den Aontas bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach agus ar thoimhde géilliúlachta a bheith ag Ballstáit eile le dlí an Aontais agus, go háirithe, le cearta bunúsacha. Mar sin féin, tá an toimhde sin infhrisnéise. Dá bhrí sin, má tá forais shubstainteacha ann lena chreidiúint go sárófaí ceart bunúsach an duine lena mbaineann de bharr beart imscrúdaitheach agus go ndéanfadh an Stát forghníomhaithe neamhaird ar a oibleagáidí maidir le cosaint na gceart bunúsach a aithnítear leis an gCairt [um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), ba cheart forghníomhú an OIE a dhiúltú.

[...]

(30)      Níor cheart go mbeadh féidearthachtaí chun comhoibriú faoin Treoir seo maidir le hidircheapadh teileachumarsáide teoranta d’inneachar na teileachumarsáide, ach d’fhéadfaí a áireamh leo bailiú sonraí tráchta agus suímh atá comhlachaithe leis an teileachumarsáid sin, lena lamháiltear d’údaráis inniúla OIE a eisiúint chun sonraí teileachumarsáide nach bhfuil chomh hionsáiteach a fháil. Ba cheart déileáil le OIE a eisíodh chun sonraí stairiúla tráchta agus suímh a bhaineann le teileachumarsáid faoin réimeas ginearálta a bhaineann le forghníomhú an OIE agus féadfar é a bhreithniú, ag brath ar dhlí náisiúnta an Stáit forghníomhaithe, mar bheart imscrúdaitheach ionsáiteach.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5        Faoin gceannteideal ‘An tOrdú Imscrúdaithe Eorpach agus oibleagáid é a fhorghníomhú’, luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 1 den Treoir sin:

‘1.      Is cinneadh breithiúnach é an tOrdú Imscrúdaithe Eorpach (OIE) arna eisiúint nó arna bhailíochtú ag údarás breithiúnach Ballstáit (‘an Stát eisiúna’) chun beart imscrúdaitheach sonrach amháin nó roinnt bearta imscrúdaitheacha sonracha a dhéanamh i mBallstát eile (‘an Stát forghníomhaitheach’) chun fianaise a fháil i gcomhréir leis an Treoir seo.

Féadfar OIE a eisiúint freisin chun fianaise a fháil atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh cheana féin.

2.      Déanfaidh na Ballstáit OIE a fhorghníomhú ar bhonn phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus i gcomhréir leis an Treoir seo.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6        De réir théarmaí Airteagal 2 den Treoir sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’:

‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

c) ciallaíonn “údarás eisiúna”:

i)      breitheamh, cúirt, breitheamh imscrúdaithe nó ionchúisitheoir poiblí atá inniúil sa chás lena mbaineann; nó

ii)      aon údarás inniúil eile arna shainiú ag an Stát eisiúna atá ag feidhmiú, sa chás sonrach sin, mar údarás imscrúdaithe in imeachtaí coiriúla agus atá inniúil chun bailiú fianaise a ordú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ina theannta sin, sula dtarchuirfear chuig an údarás forghníomhaitheach é, déanfaidh breitheamh, cúirt, breitheamh imscrúdaithe nó ionchúisitheoir poiblí sa Stát eisiúna OIE a bhailíochtú, tar éis scrúdú a dhéanamh ar a chomhréireacht leis na coinníollacha chun OIE a eisiúint faoin Treoir seo, go háirithe na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6(1). I gcás ina raibh OIE bailíochtaithe ag údarás breithiúnach, féadfaidh an t‑údarás sin gníomhú freisin mar údarás eisiúna chun críocha an OIE a tharchur;

d)       ciallaíonn “údarás forghníomhaitheach” údarás a bhfuil inniúlacht aige OIE a aithint agus a fhorghníomhú a áirithiú i gcomhréir leis an Treoir seo agus leis na nósanna imeachta is infheidhme i gcás intíre comhchosúil. Féadfaidh nósanna imeachta den sórt sin údarú cúirte a éileamh sa Stát forghníomhaitheach i gcás ina bhforáiltear dó sin faoin dlí náisiúnta.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7        In Airteagal 4 den Treoir sin, dar teideal ‘Cineálacha imeachtaí inar féidir an OIE a eisiúint’, luaitear an méid seo a leanas:

‘Féadfar OIE a eisiúint:

a)      maidir le himeachtaí coiriúla a thionscnaíonn údarás breithiúnach, nó a fhéadfar a thabhairt os comhair údarás breithiúnach i leith cion coiriúil faoi dhlí náisiúnta an Stáit eisiúna;

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8        Foráiltear le hAirteagal 6 de Threoir 2014/41, dar teideal ‘Coinníollacha chun OIE a eisiúint agus a tharchur’:

‘1.      Ní fhéadfaidh an t‑údarás eisiúna OIE a eisiúint ach amháin i gcás inar comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:

a)      tá eisiúint an OIE riachtanach agus comhréireach chun críche na n‑imeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 agus cearta an duine atá faoi amhras nó atá cúisithe á gcur san áireamh; agus

b)      d’fhéadfaí an beart imscrúdaitheach nó na bearta imscrúdaitheacha a luaitear san OIE a ordú faoi na coinníollacha céanna i gcás inchomparáide náisiúnta.

2.      Déanfaidh an t‑údarás eisiúna na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 a mheasúnú i ngach cás.

3.      I gcás ina bhfuil cúis ag an údarás forghníomhaitheach lena chreidiúint nár comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh sé dul i gcomhairle leis an údarás eisiúna maidir leis an tábhacht a bhaineann leis OIE a fhorghníomhú. Tar éis an chomhairliúcháin sin, féadfaidh an t‑údarás eisiúna a chinneadh OIE a tharraingt siar.’

9        Seo foclaíocht Airteagal 14 den Treoir sin, dar teideal ‘Leigheasanna dlí’:

‘1.      Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh leigheasanna dlí atá coibhéiseach leo siúd atá ar fáil i gcás baile comhchosúil, infheidhme maidir leis na bearta imscrúdaitheacha a luaitear san OIE.

[...]

7.      Cuirfidh an Stát eisiúna san áireamh agóid rathúil i gcoinne OIE a aithint nó a fhorghníomhú i gcomhréir lena dhlí náisiúnta féin. Gan dochar do rialacha nós imeachta náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit go n‑urramófar, in imeachtaí coiriúla sa Stát eisiúna, cearta na cosanta agus chothroime na n‑imeachtaí agus measúnú á dhéanamh acu ar fhianaise a fuarthas tríd an OIE.’

10      In Airteagal 30 den Treoir sin, dar teideal ‘Teileachumarsáid a idircheapadh le cúnamh teicniúil ó Bhallstát eile’, luaitear an méid seo a leanas:

‘1.      Féadfar OIE a eisiúint chun teileachumarsáid a idircheapadh sa Bhallstát ina bhfuil cúnamh teicniúil ag teastáil.

[...]

7.      Nuair a bheidh OIE á eisiúint dá dtagraítear i mír 1 nó le linn an idircheaptha, féadfaidh an t‑údarás eisiúna, tras-scríobh, díchódú nó díchriptiú an taifid a iarraidh chomh maith i gcás ina bhfuil cúis ar leith ann amhlaidh a dhéanamh, faoi réir chomhaontú an údaráis forghníomhaithe.

8.      Íocfar na costais a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Airteagail seo i gcomhréir le hAirteagal 21, ach amháin na costais a eascraíonn as tras-scríobh, díchódú agus díchriptiú na gcumarsáidí idircheaptha a íocfaidh an Stát eisiúna.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

11      Foráiltear le hAirteagal 31 den Treoir sin, dar teideal ‘Fógra an Bhallstáit ina bhfuil an duine is ábhar don idircheapadh nach bhfuil aon chúnamh teicniúil ag teastáil uaidh’:

‘1.      Más rud é, chun críche beart imscrúdaitheach a dhéanamh, go n‑údaraíonn údarás inniúil Ballstáit amháin (‘Ballstát an idircheaptha’) teileachumarsáidí a idircheapadh agus go bhfuil seoladh cumarsáide an duine is ábhar don idircheapadh atá sonraithe san ordú idircheaptha á úsáid ar chríoch Ballstáit eile (‘an Ballstát dá dtugtar fógra’) nach bhfuil aon chúnamh teicniúil ag teastáil uaidh chun an t-idircheapadh a dhéanamh, tabharfaidh an Ballstát a dhéanann an t‑idircheapadh fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit dár tugadh fógra maidir leis an idircheapadh:

a)      roimh an idircheapadh i gcásanna inarb eol d’údarás inniúil Bhallstát an idircheaptha, tráth an t-idircheapadh a ordú, go bhfuil nó go mbeidh an duine is ábhar don idircheapadh ar chríoch an Bhallstáit dár tugadh fógra;

b)      le linn an idircheaptha nó tar éis don idircheapadh a bheith déanta, díreach tar éis dó teacht ar an eolas go bhfuil nó go raibh an duine is ábhar don idircheapadh le linn an idircheaptha, ar chríoch an Bhallstáit dá dtugtar fógra.

2.      Tabharfar an fógra dá dtagraítear i mír 1 trí úsáid a bhaint as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn C.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

3.      Féadfaidh údarás inniúil na mBallstát a dtugtar fógra ina leith, i gcás nach n‑údarófaí don idircheapadh i gcás baile comhchosúil, fógra a thabhairt, gan mhoill agus laistigh de 96 uair an chloig ar a dhéanaí tar éis dó an fhógraíocht a fháil dá dtagraítear i mír 1, d’údarás inniúil Bhallstát an idircheaptha:

a)      nach bhféadfar an t-idircheapadh a dhéanamh nó go bhfoirceannfar é; agus

b)      i gcás inar gá, nach féidir aon ábhar atá idircheaptha cheana fad a bhí ábhar an idircheaptha ar a chríoch a úsáid, nó nach bhféadfaí é a úsáid ach faoi choinníollacha a shonróidh sé. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit ar tugadh fógra ina leith údarás inniúil Bhallstát an idircheaptha ar an eolas faoi na cúiseanna lena dtugtar údar leis na coinníollacha sin.

[...]’

12      In Airteagal 33 de Threoir 2014/41, dar teideal ‘Fógraí’, liostaítear, i mír 1, an fhaisnéis nach mór a chur in iúl agus a chur ar fáil do na Ballstáit uile agus don Ghréasán Breithiúnach Eorpach (EJN) arna chruthú le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/428/CGB an 29 Meitheamh 1998, arna ghlacadh ag an gComhairle ar bhonn Airteagal K.3 [AE] maidir le Gréasán Breithiúnach Eorpach a chruthú (IO 1998 L 191, lch. 4).

 Dlí na Gearmáine

13      Tá idircheapadh teileachumarsáide chun críocha ionchúisimh choiriúil á rialú ag an Strafprozessordnung (StPO) (Cód um Nós Imeachta Coiriúil) (‘an StPO’).

14      Údaraítear leis an gcéad abairt go dtí an tríú habairt d’Airteagal 100a(1) de StPO, faoi seach, rialú a dhéanamh ar chumarsáid leanúnach i bhfoirm rialú teileachumarsáide ‘traidisiúnta’, faireachán a dhéanamh ar chumarsáid leanúnach trí earraí spiaireachta a shuiteáil ar chríoch-ghléasanna (‘teileachumarsáid a idircheapadh ag an bhfoinse’) agus teachtaireachtaí críochnaithe atá taifeadta cheana ar fheiste a urghabháil ar dháta eisiúna ordú Landgericht (an Chúirt Réigiúnach, an Ghearmáin) lena n‑ordaítear an beart lena mbaineann (‘cuardach srianta ar líne’). Faoi Airteagal 100b de StPO, is féidir na sonraí uile arna dtaifeadadh ar chríoch-ghléasanna a léamh (‘cuardach ar líne’).

15      Toimhdítear leis na bearta sin go léir go bhfuil amhras nithiúil ann go bhfuil cion coiriúil ann, go bhfuil catagóir na ngníomhartha coiriúla dá dtagraítear teoranta d’fhíorais áirithe a liostaítear in Airteagal 100a(2), agus in Airteagal 100b(2), de StPO.

16      Ina theannta sin, faoi Airteagal 100e(1) agus (2) de StPO, ní fhéadfaidh an Landgericht (an Chúirt Réigiúnach) na bearta sin a ordú ach amháin arna iarraidh sin don ionchúisitheoir poiblí lena mbaineann. Chuige sin, i gcomhréir le hAirteagal 100e(2) de StPO, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 74a(4) den Gerichtsverfassungsgesetz (GVG) (Dlí maidir le heagrú na mbreithiúna) an 12 Meán Fómhair 1950 (BGBl. 1950 I, lch. 455), tagann cuardach ar líne faoi dhlínse eisiach dlísheomra speisialaithe den Landgericht (Cúirt Réigiúnach) sin.

17      Ní chinntear go sainráite an t‑údarás atá inniúil ar OIEnna a eisiúint sa Gesetz über die internationale Rechtshilfe in Strafsachen (IRG) (Dlí maidir le cúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta in ábhair choiriúla) an 23 Nollaig 1982 (BGBl. 1982 I, lch. 2071), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘IRG’). Trí thagairt a dhéanamh d’Airteagal 161 de StPO, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí OIE atá dírithe ar rialú na teileachumarsáide thar lear a ghlacadh le linn an imscrúdaithe roimh an díotáil.

18      Foráiltear le hAirteagal 91(6) de IRG, lena dtrasuitear Airteagal 31 de Threoir 2014/41 i ndlí na Gearmáine, nach mór don údarás inniúil, a dtugann Ballstát fógra dó go bhfuil sé ar intinn aige beart idircheaptha a dhéanamh ar chríoch na Gearmáine, cur chun feidhme an bhirt sin nó úsáid na sonraí idircheaptha a thoirmeasc tráth nach déanaí ná 96 uair an chloig nó úsáid a bhaint as sonraí den sórt sin faoi réir coinníollacha i gcás nach n‑údaraítear an beart sin ar an leibhéal náisiúnta i gcás inchomparáide. Ní shonraíonn IRG, áfach, an gá fógra a thabhairt don Landgericht inniúil (an Chúirt Réigiúnach) nó don ionchúisitheoir poiblí lena mbaineann faoin mbeart céanna. Ní rialaítear le hAirteagal 92d de IRG ach inniúlacht gheografach an údaráis inniúil.

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú

19      I gcomhthéacs imscrúdú a rinne údaráis na Fraince, ba léir go raibh daoine cúisithe ag baint úsáid as fóin phóca chriptithe a d’oibrigh faoi cheadúnas ar a dtugtar ‘EncroChat’ chun cionta a dhéanamh a bhain go príomha le gáinneáil ar dhrugaí. Leis na fóin phóca sin, bhíothas in ann, trí bhíthin bogearraí speisialta agus crua-earraí modhnaithe, cumarsáid chriptithe ó cheann go ceann a bhunú trí fhreastalaí atá suiteáilte in Roubaix (an Fhrainc), ar cumarsáid í nach féidir a idircheapadh trí mhodhanna imscrúdaitheacha traidisiúnta (‘an tseirbhís EncroChat’).

20      D’éirigh le póilíní na Fraince, le cead ó bhreitheamh, sonraí a shábháil ón bhfreastalaí sin in 2018 agus 2019. Chuir na sonraí sin ar chumas comhfhoirne imscrúdaithe, lena n‑áirítear saineolaithe ón Ísiltír, bogearraí de chineál ‘Capall na Traí’ a fhorbairt. Suiteáladh na bogearraí seo in earrach na bliana 2020, le húdarú an tribunal correctionnel de Lille (Cúirt Choiriúil, Lille, an Fhrainc), ar an bhfreastalaí sin agus, as sin, ar fhóin phóca sin trí nuashonrú insamhlaithe. D’fhéadfadh go mbeadh tionchar ag na bogearraí sin ar 32 477 úsáideoir, as iomlán de 66 134 úsáideoir cláraithe, scaipthe ar fud 122 tír, lena n‑áirítear thart ar 4 600 sa Ghearmáin.

21      An 9 Márta 2020, bhí ionadaithe ón Bundeskriminalamt (Oifig Phóilíní Coiriúla na Cónaidhme, an Ghearmáin) (‘BKA’) agus Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Frankfurt, chomh maith le hionadaithe, go háirithe, ó údaráis na Fraince, na hÍsiltíre agus na Ríochta Aontaithe, páirt i bhfíschomhdháil arna heagrú ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust). Le linn na comhdhála sin, chuir ionadaithe údaráis na Fraince agus na hÍsiltíre ionadaithe údaráis na mBallstát eile ar an eolas faoin imscrúdú a bhí á dhéanamh acu i gcoinne cuideachta oibriúcháin fón póca criptithe agus faoi idircheapadh na sonraí a bhí beartaithe acu, lena n‑áirítear sonraí ó fhóin phóca a bhí lonnaithe lasmuigh den Fhrainc. Léirigh ionadaithe údaráis na Gearmáine spéis i sonraí úsáideoirí na Gearmáine.

22      I nóta an 13 Márta 2020, d’fhógair an BKA go raibh sé ag oscailt imscrúdú i gcoinne grúpa anaithnid úsáideoirí na seirbhíse EncroChat maidir le gáinneáil eagraithe líomhnaithe támhshuanacha i gcainníochtaí suntasacha agus maidir le comhlachas coiriúil. Thug BKA údar leis an imscrúdú sin a oscailt trína mhíniú go raibh amhras ann go ndearnadh coireanna tromchúiseacha mar gheall ar úsáid sheirbhís EncroChat ann féin, go háirithe eagrú na gáinneála ar dhrugaí.

23      Ar bhonn an nóta sin, an 20 Márta 2020, d’oscail Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Frankfurt imscrúdú i gcoinne X (‘imeachtaí UJs’) faoin gceannteideal ‘Práinneach’.

24      An 27 Márta 2020, fuair an BKA, trí chóras malartaithe faisnéise slán Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), ar a dtugtar ‘Feidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise’ (SIENA), teachtaireacht a sheol an chomhfhoireann imscrúdaithe chuig údaráis phóilíneachta na mBallstát a bhfuil suim acu i sonraí ón tseirbhís EncroChat. Iarradh ar údaráis inniúla na mBallstát sin a dhearbhú i scríbhinn gur cuireadh ar an eolas iad faoi na modhanna a úsáideadh chun sonraí a bhailiú ó fhóin phóca atá suite ar a gcríoch náisiúnta. B’éigean dóibh a áirithiú freisin nach n‑úsáidfí na sonraí a tharchuirtear i bprionsabal ach amháin chun críocha oibríochtúla agus nach n‑úsáidfí iad ach amháin le haghaidh nósanna imeachta imscrúdaithe leanúnacha tar éis údarú a fháil ó na Ballstáit den chomhfhoireann imscrúdaithe. De réir na cúirte a rinne an tarchur, bhí sé i gcomhaontú le hOifig Ionchúisitheoir Poiblí Frankfurt gur sheol BKA na deimhnithe a iarradh.

25      Idir an 3 Aibreán agus an 28 Meitheamh 2020, cheadaigh BKA na sonraí laethúla ar fhreastalaí Europol maidir le fóin phóca a úsáidtear sa Ghearmáin.

26      An 2 Meitheamh 2020, i gcomhthéacs imeachtaí UJs, d’iarr Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Frankfurt ar údaráis na Fraince, trí bhíthin an chéad chinnidh imscrúdaithe Eorpaigh, údarú a fháil chun sonraí ón tseirbhís EncroChat a úsáid gan srian in imeachtaí coiriúla. Thug sé údar maith lena iarratas trína mhíniú gur chuir Europol in iúl don BKA go raibh líon mór cionta an‑tromchúiseach, go háirithe allmhairiú agus gáinneáil támhshuanacha i gcainníochtaí suntasacha, á ndéanamh sa Ghearmáin ag baint úsáid as fóin phóca a raibh an tseirbhís seo feistithe orthu agus go raibh amhras ar dhaoine nár aithníodh go dtí seo go raibh siad ag pleanáil agus ag déanamh cionta an‑tromchúiseach sa Ghearmáin trí úsáid a bhaint as cumarsáid chriptithe.

27      Tar éis na hiarrata sin, d’údaraigh an tribunal correctionnel de Lille (Cúirt Choiriúil, Lille) sonraí fón póca a bhí feistithe le seirbhís EncroChat úsáideoirí Gearmánacha a tharchur agus a úsáid sa chúirt. Tarchuireadh sonraí breise ina dhiaidh sin de bhun dhá chinneadh imscrúdaithe Eorpacha forlíontacha , dar dáta an 9 Meán Fómhair 2020 agus an 2 Iúil 2021 faoi seach (arna nglacadh in éineacht leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach an 2 Meitheamh 2020, (na ‘Orduithe Imscrúdaithe Eorpacha’).

28      Ina dhiaidh sin, scar Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Frankfurt le himeachtaí UJs, ag athshannadh na n-imeachtaí imscrúdaithe i gcoinne úsáideoirí áirithe, lena n‑áirítear M.N., chuig oifigí ionchúisitheoirí poiblí áitiúla. Is sa chomhthéacs sin a cheistíonn Landgericht Berlin (an Chúirt Réigiúnach, Beirlín, an Ghearmáin), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, dlíthiúlacht na n‑orduithe imscrúdaithe Eorpacha i bhfianaise Threoir 2014/41.

29      Leis an gcéad sraith de thrí cheist, féachann an chúirt sin lena chinneadh cén t‑údarás a bhí inniúil chun OIEnna a ghlacadh.

30      I ndáil leis sin, in Ordú an 2 Márta 2022 a tugadh i gCás 5 StR 457/21 (DE:BGH:2022:020322B5STRT457.21.0), chinn Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais Chónaidhme na Gearmáine) go raibh dlínse ag Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Frankfurt, atá ag imscrúdú i gcomhthéacs imeachtaí UJs, Orduithe Imscrúdaithe Eorpacha a eisiúint maidir le fianaise a tharchur (‘Ordú Chúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme an 2 Márta 2022’). Ní aontaíonn an chúirt a rinne an tarchur leis an léiriú sin. Is iondúil go measann sí, i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Threoir 2014/41, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(c) den Treoir sin, nach bhféadfadh ach cúirt na OIEnna a dhéanamh.

31      Tá an chúirt a rinne an tarchur ag brath, i ndáil leis sin, ar bhreithiúnais an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha chun sonraí a bhaineann le cumarsáid leictreonach a rochtain) (C‑746/18, EU:C:2021:152), agus an 16 Nollaig 2021, Spetsializirana prokuratura (Sonraí tráchta agus suímh) (C‑724/19, EU:C:2021:1020). Braitheann sé, go sonrach, ar na hargóintí a dhírigh an Chúirt, sa chásdlí a d’eascair as na breithiúnais sin, ar léiriú Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 i bhfianaise na gceart bunúsach a dhíorthaítear ó Airteagail 7, 8 agus 11 den Chairt. De réir na cúirte sin, d’fhéadfaí an cásdlí seo a thrasuí go léiriú ar Airteagal 6(1)(a) de Threoir 2014/41.

32      Ba cheart go mbeadh rochtain ag údaráis ionchúisimh na Gearmáine ar shonraí ón tseirbhís EncroChat trí orduithe imscrúdaithe Eorpacha faoi réir critéir atá cosúil leis na critéir lena rialaítear rochtain ar shonraí arna stóráil de bhun Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58. Ós rud é nár shábháil oibreoir teileachumarsáide na sonraí ón tseirbhís seo trí urghaire riaracháin, ach gur bhailigh údaráis ionchúisimh na Fraince iad láithreach, ní bheadh údar le réiteach eile. Os a choinne sin, chuirfeadh sé sin leis an gcur isteach ar chearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann.

33      Thairis sin, is léir ó Airteagal 2(c) de Threoir 2014/41 gur cheart i gcónaí do chúirt nach bhfuil freagrach as na bearta imscrúdaitheacha sonracha OIE a dhéanamh chun críocha ionchúisimh choiriúil, beag beann ar na rialacha dlínse náisiúnta i gcás inchomparáide ar an leibhéal náisiúnta, i gcás ina gceanglaítear leis an athbhreithniú ar chomhréireacht dá bhforáiltear in Airteagal 6(1)(a) den Treoir sin go ndéanfar cothromaíocht chasta idir na leasanna lena mbaineann agus go mbaineann sé le sáruithe tromchúiseacha ar chearta bunúsacha.

34      Baineann an dara agus an tríú sraith ceisteanna a tharchuir an chúirt a rinne an tarchur leis na coinníollacha substainteacha a bhfuil glacadh OIE faoina réir.

35      Tá an chúirt sin den tuairim, ar an gcéad dul síos, go gcomhlíonann OIE lena n‑iarrtar rochtain ar shonraí a eascraíonn as teileachumarsáid a idircheapadh chun críocha ionchúisimh choiriúil na coinníollacha riachtanais agus comhréireachta, a leagtar amach in Airteagal 6(1)(a) de Threoir 2014/41, má tá, i gcoinne gach duine lena mbaineann, toimhde ann, bunaithe ar fhíorais shonracha, gur ghlac sé páirt i gcion tromchúiseach.

36      Ní aontaíonn an chúirt sin, le conclúid ordú Chúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme an 2 Márta 2022, ar dá réir is leor cionta coiriúla iolracha –neamhshonraithe – a thoimhde, chun OIEnna a ghlacadh. Bunaítear a hamhrais ar chásdlí na Cúirte a bhaineann le dlíthiúlacht sonraí a choinneáil, go háirithe na measúnuithe a bhaineann le comhréireacht, de réir bhrí Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, agus braitheann sí, chuige sin, ar bhreithiúnais an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha chun sonraí a bhaineann le cumarsáid leictreonach a rochtain) (C‑746/18, EU:C:2021:152, míreanna 39, 40 agus 50), agus an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 44). I dtaca leis sin, ní féidir a shéanadh go ndéanfaí cosaint chearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann a ráthú go leordhóthanach faoi chuimsiú an nós imeachta náisiúnta le rialacha náisiúnta an nós imeachta coiriúil.

37      Spreag saincheist na comhréireachta OIE ceisteanna ar thaobh na cúirte a rinne an tarchur freisin i bhfianaise an chirt chun triail chóir a fháil a ráthaítear leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt agus le hAirteagal 6(1) den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh ar an 4 Samhain 1950. Leis an gceart sin, ceanglaítear ar pháirtí in imeachtaí breithiúnacha dlíthiúla deis cheart a bheith aige trácht a dhéanamh ar aon fhianaise. Tá feidhm aige sin go háirithe i gcás ina dtagann an fhianaise ó réimse teicniúil nach bhfuil saineolas ag an gcúirt inniúil ná ag an bpáirtí sna himeachtaí ann.

38      Ar an dara dul síos, meabhraíonn an chúirt a rinne an tarchur, i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(b) de Threoir 2014/41, nach mór don údarás eisiúna athbhreithniú a dhéanamh ar an mbeart a shonraítear san OIE i bhfianaise an dlí náisiúnta.

39      Mar sin féin, in ordú Chúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme an 2 Márta 2022, chinn an chúirt sin nach raibh an fhoráil sin infheidhme maidir leis an gcás sna príomhimeachtaí. Ní dhírítear an fhoráil sin ach ar OIE atá ag iarraidh fianaise a bhailiú atá fós le cur i bhfeidhm. Ní bheadh feidhm aige maidir le OIE nach bhfuil beartaithe aige ach fianaise a bailíodh cheana féin a tharchur. Dá bhrí sin, bheadh an t‑athbhreithniú ar an mbeart faoin dlí náisiúnta iomarcach.

40      Measann an chúirt a rinne an tarchur, a mhalairt, nach mór don údarás a eisíonn OIE, sa chás sin, athbhreithniú a dhéanamh ar an mbeart imscrúdaitheach ba chúis le bailiú na sonraí i bhfianaise an dlí náisiúnta. I bhfocail eile, ní fhéadfadh an t‑údarás sin, trí bhíthin OIE, fianaise arna bailiú sa Stát forghníomhaithe a iarraidh ach amháin dá mbeadh an beart imscrúdaitheach lenar bailíodh an fhianaise sin údaraithe sa Stát eisiúna i gcás náisiúnta inchomparáide.

41      Baineann an ceathrú sraith ceisteanna a chuir an chúirt a rinne an tarchur le léiriú Airteagal 31 de Threoir 2014/41.

42      Measann an chúirt sin, i gcás inar mian le Ballstát teileachumarsáid daoine ar chríoch na Gearmáine a idircheapadh, nach mór di, i gcomhréir leis an Airteagal sin, fógra a thabhairt d’údarás inniúil na Gearmáine faoin idircheapadh atá beartaithe sula gcuirfear tús le cur chun feidhme an bhirt nó a luaithe a bheidh sé ar an eolas faoin áit ina bhfuil na daoine sin.

43      In ordú na Cúirte Breithiúnais Cónaidhme an 2 Márta 2022, chuir an Chúirt Bhreithiúnais in amhras gurb ionann beart aisghabhála sonraí na Fraince agus ‘idircheapadh teileachumarsáide’ de réir bhrí Airteagal 31(1) de Threoir 2014/41. Tá a mhalairt de thuairim ag an gcúirt a rinne an tarchur. Measann sí gur cheart d’údaráis imscrúdaithe na Fraince fógra a bheith tugtha d’údarás inniúil na Gearmáine faoin mbeart maidir le hinsíothlú fón póca Gearmánach atá feistithe le seirbhís EncroChat sular cuireadh an beart sin chun feidhme.

44      Cé go gcinntear dlínse chríche an údaráis sin le reachtaíocht na Gearmáine, ní shonraítear inti, áfach, an gá an fógra sin a chur chuig Landgericht (Cúirt Réigiúnach) nó chuig an ionchúisitheoir poiblí lena mbaineann. I ndáil leis sin, tá conspóid ann i gcásdlí na Gearmáine agus i litríocht dhlíthiúil na Gearmáine. Bheadh an chúirt a rinne an tarchur i bhfabhar an coincheap ‘údarás inniúil’, dá dtagraítear in Airteagal 31(1), de Threoir 2014/41 a léiriú sa chiall nach féidir léi ach comhlacht a ainmniú atá neamhspleách ar aon imscrúdú agus nach bhfuil leas aige sna sonraí chun críocha imscrúdaithe, is é sin le rá, cúirt.

45      Go deimhin, i gcás bearta trasteorann a dhéantar ar fud chríoch an Aontais agus a chuirtear chun feidhme ar mhaithe le leas comhuaineach roinnt Ballstát, cuirfear an coincheap ‘Ordú Imscrúdaithe Eorpach’, de réir bhrí Airteagal 2(c) de Threoir 2014/41, agus an ‘fógra’ dá dtagraítear in Airteagal 31 den treoir seo a bheith idirmhalartaithe den chuid is mó. Ba cheart, dá bhrí sin, comhfhogasú chumhachtaí na n‑údarás atá freagrach as bearta den sórt sin a chothú.

46      Ina theannta sin, ceistíonn an chúirt a rinne an tarchur an cuspóir maidir le ceannasacht na mBallstát a chosaint, rud a shaothraítear in Airteagal 31 de Threoir 2014/41, i bhfianaise íogaireacht an‑ard na trasnaíochta rúnda sa chumarsáid.

47      Baineann an cúigiú sraith ceisteanna a cuireadh leis na hiarmhairtí a bhaineann le sárú féideartha ar dhlí an Aontais maidir le prionsabail na coibhéise agus na héifeachtúlachta.

48      Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire go bhfuil na cinntí náisiúnta a líomhnaítear a tugadh maidir le sonraí arna ndíorthú ó úsáid seirbhís EncroChat bunaithe ar an bprionsabal, de pháirt, go bhfuil na sonraí sin inúsáidte agus, den pháirt eile, i gcás inar féidir sárú a dhéanamh ar dhlí an Aontais, nach mór tosaíocht a thabhairt mar sin féin d’imeachtaí coiriúla i bhfianaise thromchúis na gcionta a shainaithnítear ar bhonn na sonraí sin.

49      Mar sin féin, cuireann an chúirt sin amhras in iúl maidir le comhréireacht an chur chuige sin le dlí an Aontais, go háirithe prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta.

50      Maidir le prionsabal na coibhéise, tugann an chúirt sin dá haire, de réir rialacha na Gearmáine maidir le nós imeachta coiriúil, nach bhféadfaí úsáid a bhaint as na sonraí a bailíodh trí bhíthin beart cúléisteachta teileafóin a glacadh gan beann ar an dlínse atá forchoimeádta don chúirt maidir leis an ábhar agus in éagmais toimhde nithiúil ciona liostaithe.

51      Maidir le prionsabal na héifeachtachta, is léir ó bhreithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha chun sonraí a bhaineann le cumarsáid leictreonach a rochtain) (C‑746/18, EU:C:2021:152, mír 43), go bhféadfaí an cuspóir maidir le cosc a chur ar fhaisnéis agus ar fhianaise a fhaightear go neamhdhleathach ó dhochar míchuí a dhéanamh do dhuine a bhfuil amhras ann go ndearna sé cionta coiriúla a bhaint amach ní hamháin trí thoirmeasc a chur ar úsáid na faisnéise agus na fianaise sin, ach freisin trína nádúr neamhdhleathach a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an bhfianaise nó i gcomhthéacs chinneadh na pianbhreithe.

52      Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, tagann an toirmeasc ar úsáid na fianaise sin go díreach ó phrionsabal éifeachtacht dhlí an Aontais. Tá feidhm ag an toirmeasc sin sna príomhimeachtaí ós rud é gur sáraíodh prionsabal ginearálta an chirt chun triail chóir a fháil ar roinnt bealaí agus, go háirithe, toisc nach féidir le saineolaí teicniúil na sonraí a d’iarr na horduithe imscrúdaithe Eorpacha a fhíorú mar gheall ar aicmiú ‘cosaint rúnda’ ar chuir údaráis na Fraince i bhfeidhm orthu.

53      Thairis sin, tá an chúirt sin ag teacht as breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 141); an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha chun sonraí a bhaineann le cumarsáid leictreonach a rochtain) (C‑746/18, EU:C:2021:152, mír 50); agus an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 65), nach féidir leis an gcuspóir coir thromchúiseach a chomhrac údar a thabhairt le coinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí pearsanta. Ní féidir rochtain a fháil ina dhiaidh sin ar na sonraí sin a choinnítear go neamhdhleathach agus gan chúis, ag na húdaráis ionchúisimh, fiú más gá dóibh gníomhartha tromchúiseacha a shoiléiriú i gcás sonrach.

54      Sna himthosca seo, chinn an Landgericht Berlin (Cúirt Réigiúnach Bheirlín) bac a chur ar imeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1.      Maidir le léiriú ar an gcoincheap “údarás eisiúna” faoi Airteagal 6(1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(c), de Threoir 2014/41/AE:

a)      I dtaobh Ordú Imscrúdaithe Eorpach (“OIE”) chun fianaise atá ann cheana féin sa Stát forghníomhaitheach (sa chás seo, an Fhrainc) a fháil, an é nach mór don ordú sin a bheith eisithe ag breitheamh nuair a chaitear, faoi dhlí an Stáit eisiúna (sa chás seo, an Ghearmáin), i gcás inchomparáide baile, go ndéanfadh breitheamh bailiú na bunfhianaise a ordú?

b)      Mar mhalairt air sin, an mar sin atá, ar a laghad, i gcás inar thug an Stát forghníomhaitheach faoin mbunbheart i gcríoch an Stáit eisiúna agus an aidhm aige na sonraí arna mbailiú a chur ar fáil ina dhiaidh sin do na húdaráis imscrúdaithe sa Stát eisiúna chun críche imeachtaí coiriúla?

c)      I dtaobh OIE chun fianaise a fháil, an é nach mór don ordú sin a bheith eisithe i gcónaí ag breitheamh (nó údarás neamhspleách nach bhfuil baint aige le himscrúduithe coiriúla), beag beann ar rialacha náisiúnta dlínse an Stáit eisiúna, nuair a bhaineann an beart le cur isteach tromchúiseach ar chearta bunúsacha ardchéime?

2.      Maidir le léiriú ar Airteagal 6(1)(a) de Threoir 2014/41:

a)      An gcuirtear cosc le hAirteagal 6(1)(a) de Threoir 2014/41 ar OIE chun sonraí atá ar fáil cheana sa Stát eisiúna a aistriú, ar sonraí iad a fuarthas ó theileachumarsáid arna hidircheapadh – go háirithe sonraí tráchta agus suímh agus taifid d’inneachair cumarsáidí, i gcás inar bhain an t‑idircheapadh arna dhéanamh ag an Stát eisiúna leis na húsáideoirí go léir atá suibscríofa le haghaidh seirbhís cumarsáide, ina n‑iarrtar leis an OIE go ndéanfar na sonraí atá ar na gléasanna teirminéil arna n‑úsáid i gcríoch an Stáit eisiúna a aistriú agus i gcás nach raibh aon fhianaise nithiúil ann i leith cionta coiriúla tromchúiseacha arna ndéanamh ag na húsáideoirí aonair sin nuair a ordaíodh an t‑idircheapadh agus nuair a tugadh faoi nó nuair a eisíodh an OIE?

b)      An gcuirtear cosc le hAirteagal 6(1)(a) den Treoir sin ar OIE den sórt sin i gcás nach féidir leis na húdaráis sa Stát eisiúna sláine na fianaise arna bailiú faoin mbeart idircheaptha a fhíorú mar gheall ar rúndacht uilechuimsitheach?

3.      Maidir le léiriú ar Airteagal 6(1)(b) de Threoir 2014/41:

a)      An gcuirtear cosc le hAirteagal 6(1)(b) de Threoir 2014/41 ar OIE chun sonraí teileachumarsáide atá ar fáil cheana sa Stát forghníomhaitheach (an Fhrainc) a aistriú i gcás nach mbeadh cead le beart idircheaptha an Stáit fhorghníomhaithigh, atá ina bhun do bhailiú na sonraí, faoi dhlí an Stáit eisiúna (an Ghearmáin) i gcás inchomparáide baile?

b)      Mar mhalairt air sin: An é mar atá, ar aon chaoi, i gcás inar thug an Stát eisiúna faoin idircheapadh i gcríoch an Stáit eisiúna agus ar mhaithe leis?

4)      Maidir le léiriú ar Airteagal 31(1) agus (3) de Threoir 2014/41

a)      An ionann beart lena n‑insíothlaítear gléasanna teirminéil chun sonraí tráchta, suímh agus cumarsáide de chuid seirbhís teileachumarsáide atá bunaithe ar an idirlíon a bhailiú agus teileachumarsáid a idircheapadh de réir bhrí Airteagal 31 de Threoir 2014/41?

b)      An é nach mór i gcónaí an fógra faoi Airteagal 31(1) de Threoir 2014/41 a chur in iúl do bhreitheamh nó an mar sin atá, ar a laghad, i gcás nach bhféadfadh, faoi dhlí an Stáit arna fhógairt (an Ghearmáin), ach breitheamh an beart atá beartaithe ag an Stát idircheaptha (an Fhrainc) a ordú i gcás inchomparáide baile?

c)      A mhéid is go gcuirtear, le hAirteagal 31 de Threoir 2014/41, cosaint aonair ar fáil do theileachumarsáidí úsáideoirí lena mbaineann freisin, an mbaineann an chosaint sin freisin le húsáid na sonraí le haghaidh imeachtaí coiriúla sa Stát arna fhógairt (an Ghearmáin) agus, más ea, an bhfuil an luach céanna ag an gcuspóir sin leis an luach atá ag an gcuspóir eile arb é ceannasacht an Bhallstáit arna fhógairt a chosaint?

5)      Iarmhairtí dlí ar bhailiú fianaise ar bhealach atá contrártha le dlí an Aontais

a)      I gcás ina bhfaightear fianaise de bhua OIE atá contrártha le dlí an Aontais, an bhféadfadh cosc ar úsáid fianaise a bheith ina thoradh díreach ar phrionsabal na héifeachtachta faoi dhlí an Aontais?

b)      I gcás ina bhfaightear fianaise de bhua OIE atá contrártha le dlí an Aontais, an bhfuil cosc ar úsáid fianaise ina thoradh ar phrionsabal na coibhéise faoi dhlí an Aontais i gcás nár chóir go mbeadh an beart atá ina bhun do bhailiú na fianaise sa Stát eisiúna a ordú i gcás inchomparáide baile sa Stát eisiúna agus nach bhféadfaí an fhianaise a fuarthas de bhun beart náisiúnta mídhleathach a úsáid faoi dhlí an Stáit eisiúna?

c)      An bhfuil sé contrártha le dlí an Aontais, go háirithe prionsabal na héifeachtachta, go dtabharfaí údar le húsáid fianaise in imeachtaí coiriúla, fianaise a fuarthas go contrártha le dlí an Aontais toisc go díreach nach raibh aon amhras faoi chion ann, mar gheall ar, i gcothromú leasanna, a thromchúisí is a bhí na cionta, nár tháinig chun solais go dtí go raibh anailís déanta ar an bhfianaise?

d)      Mar mhalairt air sin: An leanann as dlí an Aontais, go háirithe prionsabal na héifeachtachta, nach bhféadfai iarmhairtí a eisiaimh go hiomlán maidir le sáruithe ar dhlí an Aontais agus fianaise á bailiú in imeachtaí coiriúla náisiúnta, fiú i gcás cionta coiriúla tromchúiseacha, agus nach mór iad a chur san áireamh i bhfabhar an chúisí ar a laghad agus fianaise á meas nó pianbhreith á gearradh?’

 An nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

55      D’iarr an chúirt a rinne an tarchur go gcuirfí an tarchur seo le haghaidh réamhrialú faoi réir an nós imeachta brostaithe dá bhforáiltear in Airteagal 105 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais.

56      Mar thaca lena hiarratas, áitíonn sí nach mór déileáil leis an gcás sna príomhimeachtaí ar bhonn práinn ar leith. Cé nach bhfuil an barántas gabhála náisiúnta arna eisiúint i gcoinne M.N. á fhorghníomhú faoi láthair, d’fhéadfaí an barántas gabhála seo a chur ar neamhní dá ndéanfaí fadú inseachanta ar an nós imeachta atá inchurtha i leith an Stáit. Ina theannta sin, is díol spéise é cinneadh na Cúirte don iliomad imeachtaí comhchosúla atá ar feitheamh.

57      Foráiltear le hAirteagal 105(1) de na Rialacha Nós Imeachta, go bhféadfaidh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais a chinneadh, ar iarratas ón gcúirt a rinne an tarchur nó, go heisceachtúil, uaidh féin, i gcás go n‑éilíonn nádúr an cháis go ndéileálfar leis laistigh d’achar gearr ama, tar éis dó an Breitheamh is Rapóirtéir agus an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, go gcuirfear nós imeachta brostaithe i bhfeidhm maidir le tarchur chun réamhrialú trí mhaolú ar fhorálacha na Rialacha sin.

58      Tá sé tábhachtach a choinneáil i gcuimhne, i ndáil leis sin, gur ionstraim nós imeachta é nós imeachta brostaithe den sórt sin a bheartaítear chun freagairt do phráinn urghnách (breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Randstad Italia, C‑497/20, EU:C:2021:1037, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

59      Sa chás seo, chinn Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, an 16 Samhain 2022, tar éis an Breitheamh is Rapóirtéir agus an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, diúltú don iarraidh dá dtagraítear i mír 55 den bhreithiúnas seo.

60      Ar an gcéad dul síos, ós rud é nach bhfuil M.N. faoi réir birt lena mbaineann cailleadh saoirse, ní leor an fíoras go gceanglaítear ar an gcúirt a rinne an tarchur gach iarracht a dhéanamh chun a áirithiú go réiteofar an cás sna príomhimeachtaí go tapa chun údar a thabhairt le nós imeachta brostaithe a úsáid de bhun Airteagal 105(1) de na Rialacha Nós Imeachta (féach, chuige sin, Orduithe Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2013, Rabal Cañas, C‑392/13, EU:C:2013:877, mír 15, agus an 20 Meán Fómhair 2018, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, C‑508/18 agus C‑509/18, EU:C:2018:766, mír 13, agus breithiúnas an 13 Iúil 2023, Ferrovienord, C‑363/21 agus C‑364/21, EU:C:2023:563, mír 46).

61      Ar an dara dul síos, ní hionann tábhacht na gceisteanna nó an fíoras go bhféadfadh líon suntasach daoine nó staideanna dlíthiúla a bheith bainteach leis na ceisteanna sin, mar sin féin, agus forais lena mbunaítear práinn urghnách, rud atá riachtanach, áfach, chun cóir ghasta a dhlisteanú (ordú ó Uachtarán na Cúirte an 21 Meán Fómhair 2004, an Pharlaimint v an Chomhairle, C‑317/04, EU:C:2004:834, mír 11, agus breithiúnas an 21 Nollaig 2023, GN (Foras le diúltú bunaithe ar leas an linbh), C‑261/22, EU:C:2023:1017, mír 30).

62      Chinn Uachtarán na Cúirte, áfach, go ndéileálfaí leis an gcás seo mar ábhar tosaíochta, de bhun Airteagal 53(3) de na Rialacha Nós Imeachta.

 Inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú

63      Áitíonn Staatsanwaltschaft Berlin (Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, Beirlín, an Ghearmáin) agus roinnt de na rialtais a chomhdaigh barúlacha os comhair na Cúirte go bhfuil ceisteanna áirithe neamh-inghlactha, go bhfuil an dara ceann, go substaintiúil, hipitéiseach, nó róghinearálta, nó a bhaineann le measúnú ar na fíricí nó an reachtaíocht náisiúnta.

64      De réir cásdlí socair, mar chuid den nós imeachta a bhunaítear le hAirteagal 267 CFAE, is faoin gcúirt náisiúnta ar tugadh an cás os a comhair agus nach mór di glacadh le freagracht as an gcinneadh breithiúnach atá le déanamh, agus fúithi amháin, measúnú a dhéanamh ar an ngá le réamhrialú le bheith ábalta a breithiúnas a thabhairt agus ar ábharthacht na gceisteanna arna gcur aici don Chúirt, i bhfianaise shainiúlachtaí an cháis (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Nollaig 1981, Foglia, (244/80, EU:C:1981:302, mír 15). Dá bhrí sin, nuair a bhaineann na ceisteanna a cuireadh isteach le léiriú dhlí an Aontais, tá an Chúirt faoi cheangal, i bprionsabal, rialú a dhéanamh (breithiúnas an 20 Meán Fómhair 2022, VD agus SR, C-339/20 agus C‑397/20, EU:C:2022:703, mír 56).

65      Ní féidir diúltú rialú a thabhairt maidir le ceist arna tarchur ag cúirt náisiúnta ach amháin nuair is léir go soiléir nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais Eorpaigh le fíorais iarbhír nó cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, gur fadhb de chineál hipitéiseach í nó nach bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a chuirtear uirthi (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Nollaig 1995, Bosman, C‑415/93, EU:C:1995:463, mír 61, agus an 20 Meán Fómhair 2022, VD agus SR, C‑339/20 agus C‑397/20, EU:C:2022:703, mír 57).

66      Sa chás seo, is cinnte go bhfuil sé soiléir ón ordú tarchuir go bhfuil bunús leis an dlí náisiúnta go deimhin ag ábhair imní áirithe atá ag an gcúirt a rinne an tarchur agus nach mór don chúirt sin measúnuithe fíorasacha áirithe a chinneadh fós.

67      Ar thaobh amháin, áfach, leanann sé ó chásdlí socair go bhfuil saoirse ag na cúirteanna náisiúnta an ceart chun ábhair a tharchur chuig an gCúirt a fheidhmiú ag aon chéim den nós imeachta a mheasann siad a bheith cuí. Go deimhin, tá rogha na huaire is iomchuí chun ceisteanna a tharchur le haghaidh réamhrialú chuig an gCúirt faoina dlínse eisiach (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Iúil 2016, Ognyanov, C‑614/14, EU:C:2016:514, mír 17 agus an cásdlí dá dtagraítear).

68      Ar an taobh eile, ní mór a thabhairt faoi deara go mbaineann na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú le léiriú ar fhorálacha de dhlí an Aontais atá sainaitheanta go soiléir, ar forálacha iad lena gcinntear, de réir na cúirte sin, réiteach na díospóide sna príomhimeachtaí. Sna himthosca seo, ó tharla nach leor na hargóintí a d’áitigh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, Beirlín agus na rialtais dá dtagraítear i mír 63 den bhreithiúnas seo chun a shuíomh go ndealraíonn sé go soiléir nach bhfuil gaol ar bith ag an léiriú sin leis an réaltacht ná le hábhar na príomhdhíospóide, dealraíonn sé go bhfuil gá le freagra ón gCúirt ar na ceisteanna a cuireadh chun an phríomhdhíospóid a réiteach.

 Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

 An chéad cheist

69      De réir na chéad cheiste, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 2(c) agus Airteagal 6(1) de Threoir 2014/41 a léiriú mar ní a chiallaíonn gur gá OIE a ghlacadh atá dírithe ar fhianaise a tharchur atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh cheana féin nuair ba cheart, faoi dhlí an Stáit eisiúna, gurbh éigean do bhreitheamh bailiú tosaigh na fianaise sin a ordú i nós imeachta atá inmheánach sa Stát eisiúna amháin.

70      Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé go gcuirtear le hAirteagal 6(1) de Threoir 2014/41 le sainiú na gcoinníollacha chun OIE a eisiúint, ní chinntear cineál an údaráis a d’fhéadfadh ordú den sórt sin a eisiúint.

71      I ndáil leis sin, fágann Airteagal 1(1) de Threoir 2014/41 go bhféadfar OIE a eisiúint in dhá chás. D’fhéadfadh sé go mbeadh sé d’aidhm ag cinneadh den sórt sin, ar thaobh amháin, beart imscrúdaithe sonrach amháin nó níos mó a chur i gcrích i mBallstát eile, d’fhonn fianaise a fháil nó, ar an taobh eile, d’fhonn fianaise a fháil atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh cheana féin, i.e. fianaise den sórt sin a tharchur chuig údaráis inniúla an Stáit eisiúna. I ngach cás, leanann sé ón bhforáil sin nach mór do ‘údarás breithiúnach’ OIE a eisiúint nó a bhailíochtú.

72      Mar sin féin, ní dhéantar coincheap an ‘údaráis bhreithiúnaigh’ a úsáidtear san fhoráil sin a shainmhíniú san fhoráil sin. Is léir ó chásdlí na Cúirte gurb iomchuí, sa chomhthéacs sin, Airteagal 1(1) de Threoir 2014/41 a léamh i gcomhar le hAirteagal 2(c) di, ina sainítear, chun críocha na Treorach sin, an coincheap ‘údarás eisiúna’ (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Márta 2023, Staatsanwaltschaft Graz (Oifig Cánach Düsseldorf um ábhair cánach coiriúla), C‑16/22, EU:C:2023:148, míreanna 27 agus 28).

73      I ndáil leis sin, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 2(c)(i) den Treoir sin go bhforáiltear go sainráite leis an bhforáil sin go bhfuil an t‑ionchúisitheoir poiblí i measc na n‑údarás a thuigfear, amhail an breitheamh, an chúirt nó an breitheamh imscrúdaithe, mar ‘údarás eisiúna’. Leis an bhforáil chéanna, ní dhéantar aicmiú mar ‘údarás eisiúna’ ach amháin faoi réir an choinníll go mbeidh dlínse sa chás lena mbaineann ag an gcúirt agus ag na daoine a chomhlíonann dualgais an bhreithimh, an bhreithimh imscrúdaithe nó an ionchúisitheora phoiblí (breithiúnas an 8 Nollaig 2020, Staatsanwaltschaft Wien (Orduithe aistrithe falsaithe), C‑584/19, EU:C:2020:1002, míreanna 50 agus 51).

74      Mar sin, ós rud é, faoi dhlí an Stáit eisiúna, go bhfuil ionchúisitheoir inniúil, i staid atá inmheánach sa Stát sin amháin, beart imscrúdaithe a ordú atá dírithe ar fhianaise atá i seilbh na n‑údarás náisiúnta inniúil cheana féin a tharchur, tagann sé sin faoi réim an coincheap ‘údarás eisiúna’, de réir bhrí Airteagal 2(c)(i) de Threoir 2014/41, chun críocha ordú imscrúdaithe a eisiúint atá dírithe ar fhianaise a tharchur atá i seilbh na n‑údarás inniúil cheana féin den Stát forghníomhaitheach (féach, de réir analaí, breithiúnas an 8 Nollaig 2020, Staatsanwaltschaft Wien (Orduithe aistrithe falsaithe), C‑584/19, EU:C:2020:1002, mír 52).      

75      Ar an taobh eile, nuair nach bhfuil, faoi dhlí an Stáit eisiúna, ionchúisitheoir inniúil beart den sórt sin a ordú maidir le tarchur fianaise atá i seilbh na n‑údarás inniúil náisiúnta cheana féin – agus dá bhrí sin go háirithe nuair is go hinmheánach amháin, ba cheart do bhreitheamh tarchur den sórt sin a údarú toisc go bhfuil cur isteach tromchúiseach i gceist leis ar chearta bunúsacha an duine lena mbaineann – ní féidir an t‑ionchúisitheoir a mheas mar údarás eisiúna inniúil, de réir bhrí na forála seo (féach, de réir analaí, breithiúnas an 16 Nollaig 2021, Spetsializirana prokuratura (Sonraí tráchta agus suímh), C‑724/19, EU:C:2021:1020, mír 39).

76      Sa chás seo, cuireann Rialtas na Gearmáine in iúl go n‑údaraítear le hAirteagal 100e(6)(1) de StPO fianaise a tharchur, ar an leibhéal náisiúnta, ó údarás náisiúnta imscrúdaithe amháin go ceann eile. Thairis sin, ní cheanglaítear leis an mbunús dlí sin, nach ionann é agus an bunús dlí a úsáideadh chun sonraí a bhailiú ar dtús, go n‑údaródh breitheamh an tarchur sin. Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé, arb í an chúirt sin amháin a bhfuil dlínse aici an dlí náisiúnta a léiriú, a chinneadh an amhlaidh atá.

77      I bhfianaise na mbreithnithe thuas, ní mór gurb é an freagra ar an gcéad cheist ná nach mór Airteagal 1(1) agus Airteagal 2(c) de Threoir 2014/41 a léiriú sa chiall seo nach gá OIE a ghlacadh atá dírithe ar fhianaise a tharchur atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh cheana féin nuair is ceart, faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh a eisiúna, i nós imeachta atá inmheánach sa Stát sin amháin, gurbh éigean do bhreitheamh bailiú tosaigh na fianaise sin a ordú, ach go bhfuil dlínse ag ionchúisitheoir inniúil chun tarchur na fianaise sin a ordú.

 An dara agus an tríú ceist

78      De réir cásdlí socair, faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, lena bhforáiltear do chomhar idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, is faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra a thabhairt ar an gcúirt náisiúnta a bheidh úsáideach di agus lena gcuirfear ar a cumas cinneadh a dhéanamh sa díospóid atá roimpi. Chuige sin, is féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais, i gcás inarb iomchuí, na ceisteanna a chuirtear faoina bráid a chur i bhfocail eile. Is faoin gCúirt atá sé, i ndáil leis sin, pointí dhlí an Aontais lena n-éilítear léiriú, a bhaint as an bhfaisnéis go léir a chuir an chúirt náisiúnta ar fáil, go háirithe as forais an ordaithe tarchuir, i bhfianaise ábhar na díospóide (féach, chuige sin, breithiúnais an 13 Nollaig 1984, Haug-Adrion, 251/83, EU:C:1984:397, mír 9, agus an 18 Bealtaine 2021, Asociaţia ‘Forumul Judecătorilor din România’ agus páirtithe eile, C‑83/19, C‑127/19, C‑195/19, C‑291/19, C‑355/19 agus C‑397/19, EU:C:2021:393, mír 131).

79      Ba cheart a thabhairt faoi deara i ndáil leis sin go mbaineann na horduithe imscrúdaithe Eorpacha atá i gceist sna príomhimeachtaí le sonraí a bhailítear ó údaráis imscrúdaithe na Fraince a fháil ó oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Frankfurt ó fhóin phóca atá feistithe leis an tseirbhís EncroChat a úsáideann úsáideoirí Gearmánacha. Bhailigh na húdaráis sin na sonraí sin tar éis dóibh údarú a fháil ó bhreitheamh de chuid na Fraince.

80      Baineann an cás a shamhlaítear leis an dara agus an tríú ceist dá dtagraítear, dá bhrí sin, mar is léir freisin ó fhoclaíocht na gceisteanna seo, go heisiach leis an dara hipitéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Threoir 2014/41, eadhon OIE a astú d’fhonn fianaise a tharchur atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh cheana féin.

81      I ndáil leis sin, is léir ón iarraidh ar réamhrialú go n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur, leis an dara agus an tríú ceist, maidir leis na coinníollacha substainteacha chun OIE den sórt sin a eisiúint a leagtar amach in Airteagal 6(1)(a) agus (b) de Threoir 2014/41, sa chomhthéacs sonrach inar bhailigh údaráis Bhallstáit sonraí ó fhóin phóca lena gceadaítear, trí bhíthin bogearraí speisialta agus crua-earraí modhnaithe, cumarsáid chriptithe ó cheann go ceann.

82      Dá bhrí sin, trína dara ceist, fomhír a), fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, d’fhonn ceanglais na riachtanas agus na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 6(1)(a) de Threoir 2014/41 a chomhlíonadh, ní mór d’eisiúint Ordaithe Imscrúdaithe Eorpaí atá dírithe ar tharchur fianaise atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh cheana féin a bheith faoi réir, go háirithe, go bhfuil tásca nithiúla maidir le sárú tromchúiseach ann, i gcoinne gach duine lena mbaineann, an tráth a dhéanfar an OIE seo a ordú nó más leor tásca maidir le cionta iolracha a bheith déanta ag daoine nár aithníodh fós ina leith sin.

83      Trína dara ceist, fomhír (b), cuireann an chúirt sin tuilleadh ceiste an gcuirtear cosc le prionsabal na comhréireachta, maidir leis an gceart chun trialach córa, ar OIE a eisiúint nuair nach féidir sláine na sonraí arna bhfáil leis an mbeart idirghabhála a fhíorú i ngeall ar rúndacht na mbonn teicniúil a cheadaigh an beart seo agus, ar an gcúis sin, ní fhéadfaidh an páirtí atá á shaothrú a bheith in ann trácht éifeachtach a dhéanamh ar na sonraí sin le linn imeachtaí coiriúla ina dhiaidh sin.

84      Maidir le hAirteagal 6(1)(b) de Threoir 2014/41, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, faoina tríú ceist, pointí (a) agus (b), cibé acu – go ginearálta nó, ar a laghad, i gcás inar bhailigh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh na sonraí sin ar chríoch an Stáit eisiúna agus ar mhaithe leis an Stát eisiúna – an bhfuil eisiúint Ordaithe Imscrúdaithe Eorpaigh atá dírithe ar tharchur fianaise atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh cheana féin faoi réir na gcoinníollacha substainteacha céanna agus a chuirtear i bhfeidhm, sa Stát eisiúna, maidir leis an bhfianaise seo a bhailiú i gcás inmheánach amháin.

85      Sna himthosca sin, ní mór a mheas, faoina dara agus tríú ceist, nach mór a scrúdú le chéile, go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur ag fiafraí, go bunúsach, an gcuirtear cosc le hAirteagal 6(1) de Threoir 2014/41 ar ionchúisitheoir OIE a ghlacadh a bhfuil d’aidhm aige fianaise a tharchur cheana féin, agus más amhlaidh cad iad na coinníollacha i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh, i gcás ina bhfuair na húdaráis sin an fhianaise seo tar éis idirghabhála, ar chríoch an Stáit eisiúna, teileachumarsáid do gach úsáideoir fón póca lena gceadaítear, trí bhíthin bogearraí speisialta agus crua-earraí modhnaithe, cumarsáid chriptithe ó cheann go ceann.

86      I ndáil leis sin, ba cheart a choinneáil i gcuimhne gurb é cuspóir Threoir 2014/41, mar is léir ó aithrisí 5 go 8 de, teacht in ionad an chreata ilroinnte agus chasta maidir le fianaise a ghlacadh i gcásanna coiriúla a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis agus féachann sé, trí chóras simplithe agus níos éifeachtaí a bhunú bunaithe ar ionstraim aonair ar a dtugtar an ‘Ordú Imscrúdaithe Eorpach’, chun comhar breithiúnach a éascú agus a bhrostú d’fhonn rannchuidiú leis an gcuspóir a shanntar don Aontas Eorpach a bhaint amach maidir le bheith ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais, bunaithe ar an ardleibhéal muiníne nach mór a bheith ann idir na Ballstáit (breithiúnas an 8 Nollaig 2020, Staatsanwalchats Wien (Orduithe aistrithe falsaithe), C‑584/19, EU:C:2020:1002, mír 39).

87      I gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus (2) de Threoir 2014/41, tá eisiúint OIE faoi réir dhá choinníoll charnacha, a fhíoraíonn an t‑údarás eisiúna go bhfuil siad á gcomhlíonadh. Ar an gcéad dul síos, faoi Airteagal 6(1) (a), ní mór don údarás sin a áirithiú go bhfuil eisiúint an OIE riachtanach agus comhréireach leis na críocha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4 den Treoir sin, agus cearta an duine atá faoi dhrochamhras nó an chúisí á gcur san áireamh. Ar an dara dul síos, faoi Airteagal 6(1)(b), ní mór don údarás sin a fhíorú go bhféadfaí an beart imscrúdaithe nó na bearta imscrúdaithe a shonraítear san OIE a ordú faoi na coinníollacha céanna i gcomhthéacs nós imeachta náisiúnta comhchosúil.

88      Dá bhrí sin ceanglaítear le hAirteagal 6(1)(a) de Threoir 2014/41 go ndéanfaí athbhreithniú ar chineál riachtanach agus comhréireach eisiúint an OIE trí thagairt a dhéanamh do chuspóirí na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4 den treoir sin. Foráiltear leis an Airteagal deiridh sin, lena gcinntear na cineálacha nósanna imeachta a bhféadfar OIE a eisiúint ina leith, i mír (a), go bhféadfar cinneadh den sórt sin a eisiúint ‘chun críocha imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh ag cúirt údaráis, i.e. nó a thabharfar os a chomhair, maidir le cion coiriúil de réir dhlí an Stáit eisiúna’. Ós rud é go dtagraítear san fhoráil sin do dhlí an Stáit eisiúna, ní mór an riachtanas agus an chomhréireacht a bhaineann le hordú den sórt sin a eisiúint a mheasúnú i bhfianaise an dlí sin amháin.

89      I dtaca leis sin, agus na ceisteanna a d’ardaigh an chúirt a rinne an tarchur dá dtagraítear i míreanna 82 agus 83 den bhreithiúnas sin á gcur san áireamh, ba cheart a shoiléiriú, de pháirt, nach gceanglaítear le hAirteagal 6(1)(a) de Threoir 2014/41 go n‑eiseofar OIE chun fianaise a tharchur atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh cheana féin faoi réir toimhde sáraithe thromchúisigh atá bunaithe ar fhíorais nithiúla, i gcoinne gach duine lena mbaineann, ag an am, nuair a ordaítear an OIE seo, i gcás nach n‑eascraíonn ceanglas den sórt sin ó dhlí an Stáit eisiúna.

90      Den pháirt eile, ní choisctear leis an bhforáil sin OIE a eisiúint i gcás nach féidir sláine na sonraí a fhaightear tríd an mbeart idircheaptha a fhíorú mar gheall ar rúndacht na mbonn teicniúil lenar cumasaíodh an beart sin, ar choinníoll go ráthaítear an ceart chun triail chóir a fháil in imeachtaí coiriúla ina dhiaidh sin. Ní féidir, i bprionsabal, sláine na fianaise arna tarchur a mheas ach amháin nuair atá an fhianaise i gceist ag na húdaráis inniúla agus ní féidir í a mheas ag an gcéim roimh eisiúint an OIE.

91      Leanann sé ansin ó fhoclaíocht Airteagal 6(1)(b) de Threoir 2014/41 agus ón idirdhealú a dhéantar in Airteagal 1(1) den Treoir sin, a mheabhraítear i mír 68 den bhreithiúnas sin, gur i gcás gurb éard atá sa ‘bheart imscrúdaithe a léirítear in OIE’ fianaise a fháil atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh cheana féin, i.e. an fhianaise seo a tharchur chuig údaráis inniúla an Stáit eisiúna, ní féidir ordú den sórt sin a eisiúint ach amháin ar an gcoinníoll ‘go bhféadfaí an beart a luaitear in OIE a ordú faoi na coinníollacha céanna i gcás intíre comhchosúil’.

92      Trí úsáid a bhaint as na focail ‘faoi na coinníollacha céanna’ agus ‘i gcás intíre comhchosúil’, déantar cinneadh in Airteagal 6(1)(b) de Threoir 2014/41 maidir leis na coinníollacha beachta is gá chun OIE a eisiúint le go mbeidh sé ag brath ar dhlí an Stáit eisiúna amháin.

93      Dá bhrí sin, nuair is mian le húdarás eisiúna fianaise a fháil atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh cheana féin, ní mór don údarás sin OIE a dhéanamh faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha go léir dá bhforáiltear i ndlí a Bhallstáit féin le haghaidh nós imeachta náisiúnta comhchosúil.

94      Ciallaíonn sé seo go bhfuil dlíthiúlacht OIE amhail na cinn atá i gceist sna príomhimeachtaí, atá dírithe ar tharchur sonraí atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh atá in ann faisnéis a sholáthar ar na cumarsáidí arna ndéanamh ag úsáideoir fóin póca lena gceadaítear, trí bhíthin bogearraí speisialta agus crua-earraí modhnaithe, cumarsáid chriptithe ó cheann go ceann, faoi réir na gcoinníollacha céanna leo siúd is infheidhme, i gcás inarb infheidhme, maidir le tarchur sonraí den sórt sin i staid atá inmheánach amháin sa Stát eisiúna.

95      Dá bhrí sin, má chuirtear dlí an Stáit eisiúna an tarchur seo faoi réir tásca nithiúla a bheith ann go ndearna an duine atá á ionchúiseamh cionta tromchúiseacha nó faoi réir inghlacthacht na fianaise atá comhdhéanta de na sonraí atá i gceist, tá glacadh an Ordaithe Imscrúdaithe Eorpaigh faoi réir na gcoinníollacha céanna seo go léir.

96      Ar an taobh eile, ní cheanglaítear le hAirteagal 6(1)(b) de Threoir 2014/41, lena n‑áirítear i gcás amhail an ceann atá i gceist sna príomhimeachtaí, inar bhailigh údaráis inniúla na mBallstát na sonraí i dtrácht ar chríoch an Stáit eisiúna agus ar mhaithe leis an Stát eisiúna, go bhfuil eisiúint OIE atá dírithe ar fhianaise atá ina seilbh cheana féin d’údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh faoi réir na gcoinníollacha substainteacha céanna leo siúd a chuirtear i bhfeidhm, sa Stát eisiúna, maidir le bailiú na fianaise sin.

97      Ní mór a admháil, go bhfuil sé mar aidhm ag Airteagal 6(1)(b) de Threoir 2014/41 dul timpeall ar na rialacha agus na ráthaíochtaí dá bhforáiltear le dlí an Stáit eisiúna. Mar sin féin, sa chás seo, ní cosúil go mbeadh cuspóir nó éifeacht imchéimnithe den sórt sin ag bailiú na fianaise sin agus ag tarchur, trí OIE, ar an bhfianaise a bhailítear amhlaidh, agus is ar an gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé a fhíorú.

98      Ina theannta sin, in éagmais aon riail, i dTreoir 2014/41, lena n‑athraítear an réimeas is infheidhme maidir le OIE atá dírithe ar tharchur fianaise atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit forghníomhaithe cheana ag brath ar an áit inar bailíodh an fhianaise seo, an imthosca, sa chás seo, go ndearna an Stát forghníomhaitheach an bailiúchán seo ar chríoch an Stáit eisiúna agus ar mhaithe leis an Stát eisiúna tá sé, ina leith seo, gan tionchar.

99      Thairis sin, ba cheart a choinneáil i gcuimhne go leanann sé, inter alia, ó aithrisí 2, 6 agus 19 de Threoir 2014/41 gur ionstraim é an OIE a thagann faoi raon feidhme an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla dá dtagraítear in Airteagal 82(1) CFAE, atá bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do bhreithiúnais agus do chinntí breithiúnacha. Tá an prionsabal sin, arb é ‘bunchloch’ an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla é, bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach agus ar an toimhde infhrisnéise go gcomhlíonann Ballstáit eile dlí an Aontais agus, go háirithe, cearta bunúsacha (breithiúnas an 8 Nollaig 2020, Staatsanwaltschaft Wien (Orduithe aistrithe falsaithe), C‑584/19, EU:C:2020:1002, mír 40).

100    Dá bhrí sin, nuair is mian leis an údarás eisiúna tarchur fianaise atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh cheana féin a fháil, trí bhíthin OIE, níl an chéad cheann de na húdaráis sin údaraithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar rialtacht an nós imeachta ar leith trínar bhailigh an Ballstát forghníomhaitheach an fhianaise a iarrann sé a tharchur. Go háirithe, mar thoradh ar léiriú contrártha ar Airteagal 6(1) den Treoir sin, sa chleachtas, bheadh córas níos casta agus níos neamhéifeachtúla ann, rud a bhainfeadh an bonn den chuspóir atá á shaothrú leis an Treoir sin.

101    Ina theannta sin, ní mór a chur in iúl go ráthaítear le Treoir 2014/41 athbhreithniú breithiúnach ar urraim do chearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann.

102    Ar an gcéad dul síos, le hAirteagal 14(1) de Threoir 2014/41 ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh leigheasanna dlí atá coibhéiseach leo siúd atá ar fáil i gcás baile comhchosúil infheidhme maidir leis an mbeart imscrúdaitheach atá faoi réir OIE. Sa chomhthéacs sin, is faoin gcúirt inniúil atá sé athbhreithniú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le cinneadh den sórt sin a eisiúint, a leagtar amach in Airteagal 6(1) den Treoir sin agus a mheabhraítear i míreanna 87 go 95 den bhreithiúnas sin.

103    Dá bhrí sin, i gcás ina ndealraíonn sé go raibh tarchur fianaise atá i seilbh údaráis inniúla Ballstáit eile cheana féin díréireach chun críocha imeachtaí coiriúla a thionscnaítear i gcoinne an duine lena mbaineann sa Stát eisiúna, mar gheall, mar shampla, ar thromchúis an tsáraithe maidir le cearta bunúsacha an duine seo, nó tar éis é a ordú de shárú ar an gcóras dlí is infheidhme maidir le nós imeachta náisiúnta comhchosúil, ba cheart don chúirt ar tugadh an t-achomharc os a comhair i gcoinne an Ordaithe Imscrúdaithe Eorpaigh lena n‑ordaítear an tarchur sin na hiarmhairtí a fhorchuirtear faoin dlí náisiúnta a tharraingt.

104    Ar an dara dul síos, le hAirteagal 14(7) de Threoir 2014/41 ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú, in imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh sa Stát eisiúna, go n‑urramófar cearta na cosanta agus cothroime na n‑imeachtaí agus an fhianaise á measúnú a fhaightear tríd an OIE sin.

105    Maidir leis an gceart chun triail chóir a fháil, go háirithe, i gcás ina measann cúirt nach bhfuil páirtí in ann barúil éifeachtach a thabhairt maidir le fianaise ar dócha go mbeidh tionchar ceannasach aici ar mheasúnú na bhfíoras, ní mór don chúirt sin a chinneadh go ndearnadh sárú ar an gceart chun triail chóir a fháil agus an fhianaise sin a eisiamh chun sárú den sórt sin a sheachaint (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí a bhaineann le cumarsáid leictreonach), (C‑746/18, EU:C:2021:152, mír 44).

106    I bhfianaise na mbreithnithe thuas, ní mór gurb é an freagra ar an dara agus an tríú ceist ná nach mór Airteagal 6(1) de Threoir 2014/41 a léiriú mar ní a chiallaíonn nach gcuirtear cosc ar Ionchúisitheoir Ordaithe Imscrúdaithe Eorpaigh a eisiúint a bhfuil d’aidhm aige fianaise atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh cheana féin a tharchur, nuair a bheidh an fhianaise sin faighte tar éis idircheapadh ag na húdaráis sin, i gcríoch an Stáit eisiúna, teileachumarsáid a dhéanamh do gach úsáideoir fón póca lena gceadaítear, trí bhíthin bogearraí speisialta agus le crua-earraí modhnaithe, cumarsáid chriptithe ó cheann go ceann, ar choinníoll go n‑urramaíonn cinneadh den sórt sin na coinníollacha uile dá bhforáiltear, i gcás inarb infheidhme, le dlí an Stáit eisiúna chun fianaise den sórt sin a tharchur i gcás atá inmheánach sa Stát sin amháin.

 Ceist 4(a) agus (b)

107    De réir a ceathrú ceist, pointe (a) agus pointe (b), fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 31 de Threoir 2014/41 a léiriú mar bheart atá nasctha le hinsíothlú gléasanna teirminéil, atá dírithe ar shonraí tráchta, suímh agus cumarsáide a bhaint as seirbhís cumarsáide atá bunaithe ar an idirlíon, gur ionann é agus ‘idircheapadh teileachumarsáide’, de réir bhrí an Airteagail sin, nach mór a chur in iúl do bhreitheamh de chuid an Bhallstáit ar a chríoch atá sprioc an idircheaptha suite.

108    Le hAirteagal 31(1) den Treoir sin, beartaítear cás ina n‑údaróidh údarás inniúil Ballstáit, chun críocha beart imscrúdaitheach a dhéanamh, teileachumarsáid a idircheapadh a bhfuil a sheoladh cumarsáide in úsáid i gcríoch Ballstáit eile nach gá a chúnamh teicniúil chun an t-idircheapadh sin a dhéanamh. Sa chás sin, ní mór don chéad cheann de na Ballstáit sin, dá ngairtear ‘Ballstát an idircheaptha’, fógra a thabhairt don údarás inniúil sa dara ceann de na Ballstáit sin, dá ngairtear ‘an Ballstát ar tugadh fógra dó’.

109    Maidir leis an gcoincheap ‘teileachumarsáid’ a úsáidtear san fhoráil sin, ar an gcéad dul síos, is ceart a choinneáil i gcuimhne, de réir cásdlí socair, go leanann sé as an ngá atá le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus as prionsabal an chomhionannais nach mór léiriú uathrialach agus aonfhoirmeach a thabhairt de ghnáth ar théarmaí forála de chuid dhlí an Aontais nach ndéantar aon tagairt shainráite do dhlí na mBallstát inti chun críche a bhrí agus a raon feidhme a chinneadh ar fud an Aontais Eorpaigh, rud nach mór foclaíocht na forála sin a chur san áireamh leis, ach a comhthéacs agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha ar cuid díobh í a chur san áireamh freisin (féach, chuige sin, breithiúnais an 18 Eanáir 1984, Ekro, 327/82, EU:C:1984:11, mír 11, agus an 8 Nollaig 2020, Staatsanwaltschaft Wien (Orduithe aistrithe falsaithe), C‑584/19, EU:C:2020:1002, mír 49).

110    Ag cur san áireamh nach bhfuil sainmhíniú ar choincheap na ‘teileachumarsáide’ in aon fhoráil de Threoir 2014/41, a úsáidtear in Airteagal 31(1) den Treoir sin , ná tagairt shainráite do dhlí na mBallstát chun an bhrí a chinneadh agus raon feidhme an choincheapa seo, ba cheart a mheas go gcaithfidh an fhoráil seo léiriú uathrialach agus aonfhoirmeach a fháil ar dhlí an Aontais, i gcomhréir leis an modheolaíocht a tugadh chun cuimhne sa mhír roimhe seo.

111    Ar an gcéad dul síos, maidir le foclaíocht Airteagal 31(1) de Threoir 2014/41, tagraíonn an téarma ‘teileachumarsáid’, sa chiall is gnách dó, do na nósanna imeachta uile maidir le tarchur faisnéise go cianda.

112    Ar an dara dul síos, maidir le comhthéacs Airteagal 31(1) de Threoir 2014/41, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhforáiltear le mír 2 den Airteagal sin go ndéanfar an fógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin agus úsáid á baint as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn C a ghabhann leis an Treoir sin. Faoin gceannteideal ‘Sprioc idircheaptha’, áfach, samhlaítear i bpointe B, III den iarscríbhinn seo uimhir theileafóin agus seoladh prótacal Idirlín (‘seoladh IP’) nó fiú seoladh ríomhphoist. Deimhnítear freisin tuiscint leathan an téarma ‘teileachumarsáid’ le hAirteagal 31(3) de Threoir 2014/41 a shamhlaítear, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, go ndéanfar ‘na sonraí’ a idircheapadh.

113    Ar an tríú dul síos, maidir le cuspóir Airteagal 31 de Threoir 2014/41, is léir ó aithris 30 de nár cheart na féidearthachtaí maidir le comhar ar bhonn na Treorach sin i réimse idircheapadh na teileachumarsáide a bheith teoranta d’ábhar na teileachumarsáide, ach go bhféadfadh baint a bheith acu freisin le bailiú sonraí tráchta agus suímh a bhaineann leis an teileachumarsáid sin.

114    Ciallaíonn sé gurb ionann insíothlú gléasanna teirminéil a bhfuil sé d’aidhm aige sonraí cumarsáide, ach freisin sonraí tráchta nó suímh, a bhaint as seirbhís cumarsáide atá bunaithe ar an idirlíon agus ‘idircheapadh teileachumarsáide’, de réir bhrí Airteagal 31(1) de Threoir 2014/41.

115    Ar an dara dul síos, maidir leis an údarás nach mór an fógra dá bhforáiltear san Airteagal sin a dhíriú chuige, is léir, ar an gcéad dul síos, ó fhoclaíocht Airteagal 31(1) den Treoir sin nár thagair reachtas an Aontais ach do ‘údarás inniúil an Bhallstáit ar tugadh fógra dó’, gan cineál riaracháin ná breithiúnach an údaráis sin ná feidhmeanna an údaráis sin a shonrú.

116    Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara freisin, de pháirt, nach bhfuil an t‑údarás sin mar chuid den fhaisnéis, a liostaítear in Airteagal 33 de Threoir 2014/41, ar ghá do na Ballstáit í a chur in iúl don Choimisiún Eorpach. Den pháirt eile, is léir ón bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn C a ghabhann leis an Treoir sin, nach mór, mar a luaitear i mír 112 den bhreithiúnas sin, a úsáid chun ‘idircheapadh teileachumarsáide’ a chur in iúl, de réir bhrí Airteagal 31(1) den Treoir sin, gurb é an ‘Ballstát ar tugadh fógra dó’ an t‑aon léiriú nach mór a thabhairt i ndáil leis sin ar an bhfoirm sin.

117    Dá bhrí sin is faoi gach Ballstát atá sé an t‑údarás inniúil a ainmniú chun an fógra dá dtagraítear in Airteagal 31(1) de Threoir 2014/41 a fháil. I gcás nach mbeidh Ballstát an idircheaptha in ann údarás inniúil an Bhallstáit ar tugadh fógra dó a shainaithint, féadfar an fógra sin a sheoladh chuig aon údarás de chuid an Bhallstáit ar tugadh fógra dó a mheasann an Ballstát a thugann fógra a bheith iomchuí chun na críche sin.

118    I dtaca leis sin, ba cheart a shoiléiriú, áfach, go bhféadfaidh an t‑údarás inniúil, de réir bhrí Airteagal 31(1) de Threoir 2014/41, de bhun Airteagal 31(3) den Treoir sin, go háirithe, fógra a thabhairt nach féidir idircheapadh a dhéanamh nó ní mór cur isteach air i gcás nach n‑údarófaí an t-idircheapadh faoi nós imeachta náisiúnta comhchosúil. Dá bhrí sin, más rud é nach é an t‑údarás inniúil faoi dhlí an Bhallstáit ar tugadh fógra ina leith an t‑údarás a fhaigheann an fógra, ní mór don chéad údarás sin, chun éifeachtacht Airteagal 31 de Threoir 2014/41 a áirithiú, an fógra a tharchur as a stuaim féin chuig an údarás inniúil.

119    I bhfianaise na mbreithnithe thuas, is é an freagra ar Cheist 4(a) agus (b) nach mór Airteagal 31 de Threoir 2014/41 a léiriú mar ní a chiallaíonn gurb ionann beart atá nasctha le hinsíothlú gléasanna teirminéil, atá ceaptha chun sonraí tráchta, suímh agus cumarsáide a asbhaint ó sheirbhís cumarsáide atá bunaithe ar an idirlíon, agus ‘idircheapadh teileachumarsáide’, de réir bhrí an Airteagail sin, nach mór fógra a thabhairt don údarás arna ainmniú chun na críche sin ag an mBallstát ar ar a chríoch atá sprioc an idircheaptha suite. I gcás nach bhfuil Ballstát an idircheaptha in ann údarás inniúil an Bhallstáit dá dtugtar fógra dó a shainaithint, féadfar an fógra sin a sheoladh chuig aon údarás de chuid an Bhallstáit dá dtugtar fógra dó a mheasann Ballstát an idircheaptha a bheith iomchuí chun na críche sin.

 Ceist 4(c)

120    Le Ceist 4(c), fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 31 de Threoir 2014/41 a léiriú mar Airteagal lena bhféachtar le cearta na n‑úsáideoirí a chosaint, ar beart é lena ndéantar ‘idircheapadh teileachumarsáide’, de réir bhrí an Airteagail sin, lena gcuimsítear úsáid sonraí a bhailítear ar an gcaoi sin i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh sa Bhallstát ar tugadh fógra ina leith.

121    Ar an gcéad dul síos, murab ionann agus ‘idircheapadh teileachumarsáide le cúnamh teicniúil Ballstáit eile’, a rialaítear le hAirteagal 30 de Threoir 2014/41, níl ‘idircheapadh teileachumarsáide’ dá dtagraítear in Airteagal 31 den Treoir sin, is é sin le rá, an Ballstát nach bhfuil cúnamh teicniúil de dhíth air ón mBallstát ar a chríoch atá sprioc an idircheaptha sin suite, faoi réir OIE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag na coinníollacha agus na coimircí éagsúla lena rialaítear cinneadh den sórt sin maidir leis an idircheapadh sin.

122    Ina dhiaidh sin, mar a tugadh le fios i mír 118 den bhreithiúnas sin, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 31(3) de Threoir 2014/41 go bhféadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ar tugadh fógra dó, i gcás nach n‑údaraítear idircheapadh i gcomhthéacs nós imeachta náisiúnta comhchosúil, fógra a thabhairt d’údarás inniúil an Bhallstáit idircheaptha fad nach féidir an t-idircheapadh sin a dhéanamh nó nach mór é a bhriseadh, nó fiú, de réir mar a bheidh, nach féidir na sonraí idircheaptha a úsáid nó nach féidir iad a úsáid ach amháin faoi na coinníollacha a shonraíonn sé.

123    Tugann úsáid an bhriathair ‘féadf’ san fhoráil sin le tuiscint go bhfuil rogha ag an mBallstát ar tugadh fógra ina leith, ar rogha d’údarás inniúil an Stáit sin é, agus ní mór a fheidhmiú a dhlisteanú toisc nach n‑údarófaí idircheapadh den sórt sin i gcás náisiúnta comhchosúil.

124    Dá bhrí sin, féachtar le hAirteagal 31 de Threoir 2014/41 ní hamháin urraim do cheannasacht an Bhallstáit ar tugadh fógra dó a áirithiú ach a áirithiú freisin nach gcuirfear i mbaol an leibhéal cosanta a ráthaítear sa Bhallstát sin i ndáil le teileachumarsáid a idircheapadh. Dá réir sin, sa mhéid gurb ionann beart idircheaptha teileachumarsáide agus cur isteach ar an gceart go n‑urramófaí an saol príobháideach agus cumarsáid phríobháideach, a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt, ar sprioc an idircheaptha (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Eanáir 2019, Dzivev agus páirtithe eile, C‑310/16, EU:C:2019:30, mír 36), ní mór a chinneadh go bhféachann Airteagal 31 de Threoir 2014/41 freisin le cearta daoine a ndéanann beart den sórt sin difear dóibh a chosaint, aidhm a bhaineann le húsáid sonraí chun críocha imeachtaí coiriúla sa Bhallstát ar tugadh fógra dó.

125    I bhfianaise na mbreithnithe thuasluaite go léir, is é an freagra ar Cheist 4(c) nach mór Airteagal 31 de Threoir 2014/41 a léiriú mar Airteagal atá ceaptha freisin cearta na n‑úsáideoirí lena mbaineann beart ‘idircheaptha teileachumarsáide’ a chosaint de réir bhrí an Airteagail sin.

 An cúigiú ceist

126    De réir a cúigiú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gceanglaítear le prionsabal na héifeachtúlachta ar an gcúirt choiriúil náisiúnta neamhaird a dhéanamh ar fhaisnéis agus fianaise a fuarthas de shárú ar dhlí an Aontais, i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i gcoinne duine a bhfuiltear in amhras go bhfuil gníomhartha coiriúla déanta aige.

127    Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, nár cheart an cheist sin a fhreagairt ach amháin i gcás ina dtiocfadh an chúirt a rinne an tarchur ar an gconclúid, ar bhonn na bhfreagraí ar an gcéad go dtí an ceathrú ceist, gur ordaíodh na horduithe imscrúdaithe Eorpacha go neamhdhleathach.

128    Ar an dara dul síos, mar atá dlí an Aontais faoi láthair, is faoin dlí náisiúnta amháin atá sé, i bprionsabal, na rialacha a chinneadh a bhaineann le hinghlacthacht agus measúnú a dhéanamh, i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla, ar fhaisnéis agus ar fhianaise a fuarthas de shárú ar dhlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 222).

129    Go deimhin, de réir chásdlí socair na Cúirte, in éagmais rialacha an Aontais sa réimse seo, tá sé de dhualgas ar ord dlíthiúil inmheánach gach Ballstáit, i gcomhréir le prionsabal an neamhspleáchais ó thaobh nósanna imeachta, rialacha mionsonraithe nós imeachta imeachtaí dlíthiúla a bhunú lena mbeartaítear a áirithiú go gcosnófar na cearta a fhaigheann daoine aonair ó dhlí an Aontais, ar choinníoll, áfach, nach bhfuil siad níos lú fabhair na rialacha sin ná na rialacha lena rialaítear cásanna comhchosúla faoi réir an dlí baile (prionsabal na coibhéise) agus nár cheart dóibh a fhágáil go mbeadh sé ródheacair nó dodhéanta sa chleachtas na cearta a thugtar le dlí an Aontais a fheidhmiú (prionsabal na héifeachtúlachta) (féach, chuige sin, breithiúnais an 16 Nollaig 1976, Rewe-Zentralfinanz agus Rewe-Zentral, 33/76, EU:C:1976:188, mír 5, agus an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 223).

130    Mar sin féin, mar is léir ó mhíreanna 104 agus 105 den bhreithiúnas sin, ní féidir neamhaird a dhéanamh de go gceanglaítear go sainráite le hAirteagal 14(7) de Threoir 2014/41 ar na Ballstáit a áirithiú, gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha nós imeachta náisiúnta, go n‑urramófar, in imeachtaí coiriúla sa Stát eisiúna, cearta na cosanta agus cothroime na n‑imeachtaí i gcomhthéacs mheasúnú na fianaise a fhaightear trí OIE, rud a chiallaíonn nach mór fianaise nach bhfuil páirtí in ann barúil a thabhairt go héifeachtach a eisiamh ó na himeachtaí coiriúla.

131    I bhfianaise na mbreithnithe thuasluaite go léir, is é an freagra ar an gcúigiú ceist nach mór Airteagal 14(7) de Threoir 2014/41 a léiriú mar a chiallaíonn go gceanglaítear ar an gcúirt choiriúil náisiúnta, i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i gcoinne duine a bhfuiltear in amhras go bhfuil gníomhartha coiriúla déanta aige, neamhaird a dhéanamh ar fhaisnéis agus fianaise mura bhfuil an duine sin in ann trácht a dhéanamh go héifeachtach ar an bhfaisnéis agus ar an bhfianaise seo agus gur dócha go mbeidh tionchar trom acu sin ar na cinntí fíorais.

 Costais

132    Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Maidir le hAirteagal 1(1) agus Airteagal 2(c) de Threoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní gá Ordú Imscrúdaithe Eorpach a ghlacadh atá dírithe ar fhianaise a tharchur atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh cheana féin nuair is ceart, faoi dhlí an Stáit eisiúna, i nós imeachta atá inmheánach sa Stát sin amháin, gurbh éigean do bhreitheamh bailiú tosaigh na fianaise sin a ordú, ach go bhfuil dlínse ag ionchúisitheoir inniúil chun tarchur na fianaise sin a ordú.

2.      Maidir le hAirteagal 6(1) de Threoir 2014/41

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc ar ionchúisitheoir Ordú Imscrúdaithe Eorpach a eisiúint a bhfuil d’aidhm aige fianaise atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh cheana féin a tharchur, nuair a bheidh an fhianaise sin faighte tar éis idircheapadh ag na húdaráis sin, i gcríoch an Stáit eisiúna, teileachumarsáid a dhéanamh do gach úsáideoir fón póca lena gceadaítear, trí bhíthin bogearraí speisialta agus le crua-earraí modhnaithe, cumarsáid chriptithe ó cheann go ceann, ar choinníoll go nurramaíonn cinneadh den sórt sin na coinníollacha uile dá bhforáiltear, i gcás inarb infheidhme, le dlí an Stáit eisiúna chun fianaise den sórt sin a tharchur i gcás atá inmheánach sa Stát sin amháin.

3.      Maidir le hAirteagal 31 de Threoir 2014/41

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

is ionann beart atá nasctha le hinsíothlú gléasanna teirminéil, atá ceaptha chun sonraí tráchta, suímh agus cumarsáide a asbhaint ó sheirbhís cumarsáide atá bunaithe ar an idirlíon, agus ‘idircheapadh teileachumarsáide’, de réir bhrí an Airteagail sin, nach mór fógra a thabhairt don údarás arna ainmniú chun na críche sin ag an mBallstát ar ar a chríoch atá sprioc an idircheaptha suite. I gcás nach bhfuil Ballstát an idircheaptha in ann údarás inniúil an Bhallstáit dá dtugtar fógra dó a shainaithint, féadfar an fógra sin a sheoladh chuig aon údarás de chuid an Bhallstáit dá dtugtar fógra dó a mheasann Ballstát an idircheaptha a bheith iomchuí chun na críche sin.

4.      Maidir le hAirteagal 31 de Threoir 2014/41

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

tá sé mar aidhm aige freisin cearta na núsáideoirí lena mbaineann beart ‘idircheaptha teileachumarsáide’ a chosaint, de réir bhrí an Airteagal sin.

5.      Maidir le hAirteagal 14(7) de Threoir 2014/41

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ceanglaítear ar an gcúirt choiriúil náisiúnta, i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i gcoinne duine a bhfuiltear in amhras go bhfuil gníomhartha coiriúla déanta aige, neamhaird a dhéanamh ar fhaisnéis agus fianaise mura bhfuil an duine sin in ann trácht a dhéanamh go héifeachtach ar an bhfaisnéis sin agus ar an bhfianaise seo agus gur dócha go mbeidh tionchar trom acu sin ar na cinntí fíorais.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Ghearmáinis.