Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de Primera Instancia nº 8 de Donostia – San Sebastián (an Spáinn) an 10 Bealtaine 2023 – NB v Kutxabank, SA

(Cás C-300/23, Kutxabank)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de Primera Instancia nº 8 de Donostia – San Sebastián

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: NB

Cosantóir: Kutxabank, SA

Na ceisteanna a tharchuirtear:

Ós rud é thug Banco de España rabhadh, i gCiorclán 5/1994 an 22 Iúil 2007, inar áiríodh rátaí IRPH [Índice de Referencia de Préstamos Hipotecarios (Innéacs Tagartha d’Iasachtaí Morgáiste)] ar mhargadh morgáiste na Spáinne, nach raibh i gceist lena úsáid dhíreach ach RCB [ráta céatadánach bliantúil] an idirbhirt a chur os cionn RCB an mhargaidh, agus, chun é sin a sheachaint, gur ghá an raon difreálaigh dhiúltaigh iomchuí a ionchorprú, neamhaird a thabhairt ar an rabhadh sin, agus gan raon difreálaigh dhiúltaigh den sórt sin a ionchorprú, d’fhéadfaí a thuiscint go gcruthaíonn sé éagothroime den sórt sin d’ainneoin an cheanglais maidir le creideamh macánta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir 93/13/CEE 1 ?

Ó tharla go gcuireann institiúidí airgeadais difreálaigh dhiúltacha, comhéifeachtaí laghdaithe nó céatadáin IRPH i bhfeidhm, mar atá i gceist ag Banc na Spáinne a dhéanamh, ach nach ndéanann siad amhlaidh ach amháin i gcásanna ina bhfuil na conarthaí morgáiste beartaithe chun tithíocht faoi chosaint a cheannach agus ina ndéanann na hÚdaráis Riaracháin Phoiblí maoirseacht orthu agus, os a choinne sin, nach gcuireann siad na raonta difreálaigh dhiúltacha, na comhéifeachtaí laghdaithe ná na céatadáin IRPH sin i bhfeidhm nuair atá an morgáiste arna thabhairt i gcrích le conradh beartaithe chun saorthithíocht a cheannach, gan maoirseacht na n-Údarás Riaracháin Phoiblí, an bhféadfadh a leithéid cineál éagothroime a chruthú d’ainneoin an cheanglais maidir le meon macánta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir 93/13/CEE?

Más rud é gur cinneadh go bhfuil eilimintí a áirítear in RCBanna na n-idirbheart iasachta morgáiste a úsáideadh chun an ráta IRPH le haghaidh bainc choigiltis a chinneadh de réir na míosa mar is amhlaidh i gcás an Comisión de Apertura nó muirir áirithe atá le híoc leis an díoltóir nó leis an soláthraí, an bhfuil sé i gcontrárthacht le hAirteagal 6(1) de Threoir 93/13/CEE bailíocht an téarma lena n-ionchorpraítear an ráta IRPH Cajas arna chinneadh de réir na míosa, a choinneáil ar bhonn sonraí a fhaightear faoi théarmaí a dearbhaíodh a bheith éagórach?

An bhfuil cásdlí náisiúnta, amhail an cásdlí arna bhunú ag an Tribunal Supremo español (Cúirt Uachtarach na Spáinne) i gcontrárthacht le míreanna 51, 52, 54 agus 55 de bhreithiúnas CBAE an 3 Márta 2020 i gcás C-125/181 lena gceanglaítear ar chúirt náisiúnta, gan é a bheith de riachtanas uirthi na seiceálacha agus na fíoruithe is gá a dhéanamh de bhun na míreanna sin, a chinneadh go sásaítear an scrúdú ar thrédhearcacht téarma lena n-ionchorpraítear an ráta morgáiste IRPH sa chonradh arna thabhairt i gcrích ag tomhaltóir agus ag díoltóir nó soláthróir, toisc go bhfuil an sainmhíniú ar an ráta morgáiste sin leagtha amach sa Boletín Oficial del Estado (Iris Oifigiúil an Stáit), i gCiorclán 5/1994 de Banco de España go sonrach, arna fhoilsiú in Boletín Oficial del Estado Uimh. 184 an 3 Lúnasa 1994, idir leathanaigh 25 106 agus 25 111, ar faisnéis é sin nach eol don tomhaltóir?

Más rud é, d’fhonn ceanglas trédhearcachta téarma a áirítear i gconradh iasachta morgáiste ar ráta úis athraitheach a chomhlíonadh lena dtagraítear don ghnáthráta úis de réir innéacs oifigiúil amhail IRPH agus, mar gheall ar shaintréithe a ríofa, nach léiriú ar ús sochrach amháin atá i gceist leis agus ar rud é lena n-éilítear raon difreálaigh ríofa casta a chur i bhfeidhm chun go mbeifear in ann é a chur i gcomparáid le hinnéacsanna eile agus go bhféadfadh ann baol a bheith ann don tomhaltóir go mbeadh air íoc na dtáillí bainc a dhúbláil i bpáirt, an gcaithfear Airteagal 5 de Threoir 93/13/CEE a léiriú ar chaoi go gcuirtear bac leis ar reachtaíocht nó ar chásdlí lena gceadaítear don díoltóir nó don soláthróir gan an fhaisnéis seo a leanas a chur san áireamh sa chonradh nó gan an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar go sainráite don tomhaltóir in am trátha sula dtugtar i gcrích é:

a.    de bhrí gur léiriú é an ráta tagartha ní hamháin ar ús sochrach ach ar tháillí freisin;

b.    an méadú áirithe atá i gceist leis sin;

c.    an gcuirtear raon difreálaigh dhiúltaigh i bhfeidhm ar chorrlach an ráta tagartha mar chúiteamh ar an méadú sin,

Déantar sin ionas gurbh fhusa don tomhaltóir comparáid cheart a dhéanamh idir na rátaí tagartha éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann agus chun gurbh fhusa dó a bheith ar an eolas an mbeidh air táillí dúbláilte i bpáirt a íoc faoin gconradh atá sé le tabhairt i gcrích agus faoi mhéid na dtáillí féideartha, agus ionas go bhféadfadh sé agóid a dhéanamh ina gcoinne?

An bhfuil cásdlí náisiúnta, amhail an cásdlí arna bhunú ag Cúirt Uachtarach na Spáinne, i gcontrárthacht le barúil 57(a) ón gCoimisiún Eorpach an 31 Bealtaine 2018 [barúlacha arna gcur isteach ag an gCoimisiún Eorpach i gCás C-125/18], míreanna 2 agus 125 de Thuairim an Abhcóide Ghinearálta an 10 Meán Fómhair 2019 1 i gCás C-125/18), agus míreanna 51, 52, 54 agus 55 de bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás-125/18 an 3 Márta 2020, ar de réir an chásdlí sin a scaoiltear an díoltóir nó an soláthróir ó aon dualgas a thabhófaí as tomhaltóir a chur ar an eolas faoi fheidhmiú an mhodha chun an ráta morgáiste IRPH a ríomh agus na hiarmhairtí airgeadais a eascraíonn uaidh, agus go gcuirtear an dualgas ar an tomhaltóir féin, nach mór dó féin, gan aon eolas airgeadais a bheith aige, an fhaisnéis sin a chuardach trí shainmhíniú arna fhoilsiú sa Boletín Oficial del Estado a aimsiú agus a thuiscint, ar sainmhíniú é nach luaitear aon ní go sainráite ann maidir le raon difreálach agus costais a chur san áireamh san innéacs atá á chonspóid, rud nach mór dó a chur i dtuiscint dó féin ón ráta morgáiste sin a bheith á chinneadh de réir na míosa bunaithe ar mheánmhéid RCBanna de chuid na n-idirbhearta tagartha?

An mbeadh léiriú ar mhíreanna 53 agus 56 de bhreithiúnas CBAE i gcás C-125/18, ar dá réir a d’fhágfadh foilsiú an tsainmhínithe ar an ráta IRPH sa BOE go mbeadh a fhios ag tomhaltóirí go n-áirítear na difreálaigh agus na costais arna ngearradh ag na institiúidí ag luí le cásdlí socair na Cúirte Breithiúnais ar dá réir a bheadh tomhaltóir i riocht níos laige maidir le faisnéis ná an díoltóir nó an soláthraí a bhfuil conradh á dhéanamh leis, agus le Dara Tuairim an Abhcóide Ghinearálta an 10 Bealtaine 2019 [mír 2 den Thuairim an Abhcóide Ginearálta arna tabhairt an 10 Meán Fómhair 2019 i Cás C-125/18] ina ndearbhaítear nach bhfuil an gnáth-thomhaltóir in ann coincheapa áirithe a thuiscint, amhail “ráta úis”, “innéacs tagartha” nó “ráta céatadánach bliantúil” (RCB), agus, go háirithe, na difríochtaí idir na coincheapa sin, agus d’fhéadfaí amhlaidh a rá maidir le feidhmiú an ríomha iarbhír ní hamháin na rátaí úis athraitheacha ach innéacsanna tagartha oifigiúla na n-iasachtaí morgáiste agus na RCBanna ar a mbonn a ríomhtar na rátaí úis sin?

An mbeadh léiriú ar mhíreanna 53 agus 56 de bhreithiúnas CBAE i gcás C-125/18, agus Dara Tuairim an Abhcóide Ghinearálta an 10 Bealtaine 2019 a d’fhágfadh an tomhaltóir i riocht níos laige maidir le faisnéis ná an díoltóir nó an soláthraí a bhfuil conradh á dhéanamh leis i gcontrárthacht le cásdlí socair CBAE, ar chaoi gur féidir leis an tomhaltóir a bheith ar an eolas go gcuirtear difreálaigh agus costais san áireamh sa ráta IRPH ón sainmhíniú a tugadh sa Boletín Oficial del Estado, ach chun amhlaidh a dhéanamh, chaithfeadh go mbeadh air a bheith eolach ar a bhfuil i gceist le RCB agus ar a léirítear leis ionas go bhféadfadh sé a chur i dtuiscint dó féin, ós rud é go ríomhtar an ráta IRPH le haghaidh bainc choigiltis trí mheán simplí RCBanna a úsáid, go mbeidh na táillí, na difreálaigh agus na costais arna ngearradh ag na institiúidí san áireamh ann?

An bhfuil an tarscaoileadh ón oibleagáid atá ar an díoltóir nó ar an soláthróir an sainmhíniú iomlán ar an innéacs tagartha a úsáidtear chun an ráta úis athraitheach a ríomh agus leabhrán faisnéise a eisiúint ina leagtar amach luaineacht an innéacs roimhe sin, mar a leagtar amach i mbreithiúnas CBAE i gcás C-655/20 1 an 17 Samhain 2021, absalóideach agus neamhchoinníollach nó, os a choinne sin, ar choinníoll, ar bhonn na faisnéise cruthaithe a chuir an díoltóir nó an soláthróir ar fáil, lena léireofaí go bhfuil an tomhaltóir conarthach in ann tuiscint a fháil ar fheidhmiú an mhodha chun an t-innéacs atá faoi chonspóid a ríomh d’fhonn a bheith in ann measúnú a dhéanamh, ar bhonn critéar atá beacht agus sothuigthe, ar na hiarmhairtí eacnamaíocha suntasacha a d’fhéadfadh a bheith ann dá staid eacnamaíoch?

An mbaineann tarscaoileadh den sórt sin freisin le cásanna ina bhfuil gá, faoi na rialacha náisiúnta a bhí i bhfeidhm tráth a tugadh an conradh i gcrích, leis an sainmhíniú iomlán ar an tagarmharc a úsáidtear chun an ráta úis athraitheach a ríomh agus le soláthar an leabhrán faisnéise ina leagtar amach an luaineacht a bhí i gceist leis an innéacs roimhe sin?

Más rud é, agus Treoir 2005/29/CE 1 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnólacht idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach á cur i bhfeidhm, go bhfuil teipthe ar an díoltóir nó ar an soláthróir faisnéis ábhartha chur ar fáil maidir le feidhm speisialta an mhodha chun rátaí IRPH a ríomh; go ríomhtar na rátaí sin trí úsáid a bhaint as RCBanna ó na hidirbhearta tagartha, agus é d'éifeacht aige go gcuirtear meán-difreálaigh san áireamh ina rátaí ainmniúla, táillí agus costais na n-idirbheart sin; go bhfuil siad os cionn an Euribor ar feadh iomlán na mblianta ó cruthaíodh é; agus rabhadh ó Banco de España do na hinstitiúidí airgeadais faoin ngá atá le difreáil dhiúltach a chur san áireamh chun cosc ​​a chur ar RCB an idirbhirt a bheith níos airde ná RCB an mhargaidh, an féidir a mheas gur cleachtas míthreorach é i bhfianaise Airteagal 7 den Treoir sin?

An féidir a mheas, ar chinneadh don chúirt náisiúnta go raibh cleachtas an díoltóra nó an tsoláthróra míthreorach i bhfianaise Threoir [2005/29/CE], uaidh sin go díreach, go gcruthaítear míchothromaíocht shuntasach den sórt sin go díreach leis an iompar, i gcontrárthacht le ceanglais an mheoin mhacánta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir 93/13/CEE, nó, os a choinne sin, go bhfuil sé i gcomhoiriúnacht leis an méid sin do dhíoltóir nó do sholáthróir gníomhú ar bhealach míthreorach i dtaca le Treoir [2005/29/CE] agus de mheon macánta de réir bhrí Threoir 93/13/CEE?

An bhfuil cásdlí náisiúnta i gcontrárthacht le prionsabal na héifeachtachta, amhail an cásdlí arna bhunú ag an Tribunal Supremo español, ar dá réir, ag féachaint d’easpa trédhearcachta an téarma lena n-ionchorpraítear an ráta IRPH le haghaidh bainc choigiltis sa chonradh a thug tomhaltóir agus díoltóir nó soláthróir i gcrích, ag féachaint do na forálacha atá in Airteagal 83 den Texto Refundido de la Ley General de Defensa de Consumidores y Usuarios (Téacs Comhdhlúite den Dlí Ginearálta maidir le Cosaint Tomhaltóirí agus Úsáideoirí) agus in Airteagal 5.5 de Ley 7/98, de 13 de abril, de Condiciones Generales de la Contratación [Dlí 7/98 an 13 Aibreán maidir le Coinníollacha Ginearálta Conarthaí], óna n-eascraíonn dhá leibhéal cosanta ar théarma éagórach comhionann ós rud é nach féidir é a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach, ceann do thomhaltóirí a rinne conradh roimh an leasú sin, agus an ceann eile do thomhaltóirí a rinne conradh tar éis an leasaithe sin?

An bhfuil cásdlí náisiúnta i gcontrárthacht le prionsabal na héifeachtachta, amhail an cásdlí arna bhunú ag an Tribunal Supremo español, ar dá réir, ag féachaint d’easpa trédhearcacht clásal maidir le praghas an chonartha, ar clásál íosráta é, go gcinntear go bhfuil sé éagórach, toisc go mbaineann faisnéis mhíthreorach leis, fad is gurb amhlaidh ag an am céanna nach bhfágtar go bhfuil téarma faoina gcuirtear an ráta IRPH do bhainc coigiltis sa chonradh éagórach mar gheall ar easpa trédhearcachta, ar téarma a théann i bhfeidhm ar phraghas an chonartha ar an gcaoi chéanna?

An bhfuil cásdlí náisiúnta amhail an cásdlí arna bhunú ag an Tribunal Supremo español, agus “ceanglais an mheoin mhacánta” i gcontrárthacht le mír 69 de bhreithiúnas CBAE i gcás C-415/11 an 14 Márta 1 , i gcás nach bhfuil sé loighciúil a mhaíomh nár ghníomhaigh an díoltóir nó an soláthróir de mheon macánta nuair a d’úsáid sé ráta oifigiúil morgáiste arna rialú ag Banco de España agus a úsáideann an t-Údarás Riaracháin Phoiblí de ghnáth ina chláir tithíochta a bhí faoi chosaint go hoifigiúil agus go dtagann sé le tuiscint dá réir sin, i ngach cás, gur ghníomhaigh an díoltóir nó an soláthróir de mheon macánta, nach raibh aon cheanglas ann fiosrú a dhéanamh an bhféadfadh an díoltóir nó an soláthraí a chreidiúint, go ndearna an tomhaltóir, ar déileáladh go cóir agus go cothrom leis, an téarma i gceist a chomhaontú in idirbheartaíocht aonair?

Má chaithfear mír 69 de bhreithiúnas CBAE C-415/11 an 14 Márta, i gcomhthéacs díospóide a bhaineann le cineál morgáiste IRPH le haghaidh bainc choigiltis a chur san áireamh sa chonradh chun sochrach an chonartha a chinneadh, a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé nach mór don chúirt náisiúnta a iarraidh an bhféadfadh an díoltóir nó an soláthróir a thuiscint go bhféadfadh an tomhaltóir, tar éis dó feidhmiú mhodh ráta IRPH le haghaidh bainc choigiltis a thuiscint, agus é ar an eolas faoi na hathruithe ar ráta IRPH le haghaidh bainc choigiltis ar a laghad don dá bhliain roimh an gconradh agus gur chuir sé in iúl gur thug Banco de España, ina Chiorclán 5/94, rabhadh gur gá difreálach diúltach a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí - rabhadh nach raibh sé i gceist ag an díoltóir géilleadh dó, d’aontaigh Banco de Espana an clásal sin a chur san áireamh i gcomhthéacs caibidlíochta aonair.

Maidir leis an téarma lena n-ionchorpraítear an cineál IRPH le haghaidh bainc choigiltis sa chonradh a thug díoltóir nó soláthróir agus tomhaltóir i gcrích, an gcaithfear mír 67 de bhreithiúnas CBAE i gCás-421/14 an 26 Eanáir 2017 1 a léiriú sa chaoi is go gciallaíonn sé, d’fhonn a mheas an ann d’éagothroime atá i gcontrárthacht le ceanglais an mheoin mhacánta, nach mór don chúirt náisiúnta a modh ríofa a chur i gcomparáid leis an modh ríofa a úsáidtear chun an ráta Euribor a chinneadh, arb é ráta is mó a bhaintear leas as, agus na rátaí éifeachtacha le haghaidh iasachtaí de mhéid agus de thréimhse chomhionann?

Maidir leis an téarma lena n-ionchorpraítear an cineál IRPH le haghaidh bainc choigiltis a chonradh a thug díoltóir nó soláthróir agus tomhaltóir i gcrích, agus chun measúnú a dhéanamh an ann d’éagothroime atá contrártha do cheanglais an mheoin mhacánta i gcomhréir le hAirteagal 67 de bhreithiúnas CBAE an 26 Eanáir 2017 i gCás C-421/14, an bhfuil sé ábhartha gurb ionann an ráta éifeachtach a eascraíonn ó chinneadh an ráta Euribor agus an praghas ar a gceannaíonn institiúidí an t-airgead a thugann siad ar iasacht dá gcustaiméirí ina dhiaidh sin, cé gurb ionann an ráta iarbhír a eascraíonn ón cinneadh ar an ráta IRPH le haghaidh bainc choigiltis, atá i gcónaí níos láidre, agus an costas iomlán a íocann na custaiméirí ar thug na Cajas de Ahorro [bainc coigiltis] an t-airgead sin ar iasacht dóibh?

An bhfuil sé i gcontrárthacht le hAirteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE an téarma ina n-ionchorpraítear ráta morgáiste IRPH le haghaidh bainc choigiltis a bheith éagórach sa chonradh a tugadh i gcrích idir díoltóir nó soláthróir agus tomhaltóir, agus ós rud é go dtarlaíonn sé nach féidir leis an gconradh leanúint de bheith ann tar éis é a bhaint den chonradh, tarscaoilfear an fhoráil sin i gcomhréir le Disposición Adicional 15.ª de la Ley 14/2013, de 27 de septiembre [Foráil Bhreise 15 de Dhlí 14/2013 an 27 Meán Fómhair] maidir le tacaíocht a thabhairt d’fhiontraithe agus dá n-idirnáisiúnú, rud a d’fhágfadh go gcoinneofaí an staid éagothroime chéanna chun tairbhe an díoltóra nó an tsoláthróra, a chuir an chúirt náisiúnta ar neamhní, ós rud é gur foráladh sa riail fhorlíontach sin go bhféadfaí an t-innéacs a ionadú go síochánta agus go raibh sé beartaithe nach n-athródh an t-innéacs sin roimh an athsholáthar sin?

Más rud é, de réir thuiscint Banco de España, go ndéanfaí na gearáin go léir a d’fhéadfaí a dhéanamh leis an ráta morgáiste IRPH le haghaidh bainc choigiltis a neodrú dá ndéanfaí an difreálach diúltach comhfhreagrach a ionchorprú, an gcaithfear Airteagal 6(1) de Threoir 93/13/CEE a léiriú i gcás ina gcinnfear go bhfuil an téarma lena n-áirítear an ráta IRPH le haghaidh bainc choigiltis i gcomhaontú arna thabhairt i gcrích idir tomhaltóir agus díoltóir nó soláthraí éagórach, nach bhfuil cosc ​​ar an gcúirt náisiúnta an difreálach diúltach ba cheart a áireamh tráth a tugadh i gcrích a chur in ionad an difreálaigh atá sa chomhaontú go haisghníomhach, an méid a muirearaíodh go héagórach, móide ús, a aisíoc leis an tomhaltóir d’fhonn an conradh a réiteach ó bheith ar neamhní agus as é a athrú ina chonradh ar cheart a bheith déanta i gcomhréir leis an rabhadh ó Banco de España?

An sáraítear Airteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE i gcás, a luaithe a shuítear go bhfuil an téarma faoina n-áirítear an ráta IRPH do bhainc choigiltis éagórach i gcomhaontú arna thabhairt i gcrích idir tomhaltóir agus díoltóir, agus go gcuirtear ar neamhní an comhaontú éagórach toisc nach féidir leis leanúint de bheith ann tar éis an téarma sin a bhaint as, go gcuirtear Airteagal 1303 den Código Civil (an Cód Sibhialta) i bhfeidhm, agus go mbaineann an páirtí sáraitheach tairbhe as toisc go n-aisghabhann sé an méid iomlán a tugadh ar iasacht, móide ús reachtúil níos airde ná an t-ús faoin gcomhaontú agus is infheidhme maidir le méid iomlán na hiasachta ón gcéad lá.

Á thabhairt chun cuimhre go bhfuiltear ag déileáil le conradh caighdeánach réamhfhoirmithe ina bhfuil téarmaí conartha ginearálta neamh-idirbheartaithe arna bhforchur ag an díoltóir nó ag an soláthraí, agus é sin amháin atá freagrach as téarmaí éagóracha a bhaineann le gnéithe sár-riachtanacha den phraghas a chur san áireamh, an gcaithfear Airteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE a léiriú mar ní a chiallaíonn go bhfuil an díoltóir nó an soláthraí faoi dhliteanas as an neamhdhleathacht nó as an mímhacántacht a d’fhág an comhaontú ar neamhní go huile agus go hiomlán agus, dá bharr sin, go bhfuil sé de thoradh air go mbeadh feidhm ag Airteagal 1306.2 den Código Civil?

____________

1 Treoir 93/13/CEE an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – IO 1993 L 95, lch. 29

1     Breithiúnas an 3 Márta 2020, Gómez del Moral Guasch (C-125/18, ECLI: EU:C:2020:138)

1 Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Szpunar arna tabhairt i gcás Gómez del Moral Guasch (C-125/18, EU:C:2019:695)

1     Breithiúnas an 17 Samhain 2021, Gómez del Moral Guasch (C-655/20, ECLI: EU:C:2021:943)

1 Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha”) (IO 2005 L 149, lch. 22).  

1     Breithiúnas an 14 Márta 2013, Aziz (C-415/11, ECLI: EU:C:2013:164)

1     Breithiúnas an 26 Eanáir 2017, Banco Primus (C-421/14, ECLI: EU:C:2017:60)