Caingean arna tabhairt an 5 Feabhra 2024 – Birių Krovinių Terminalas v EUIPO – Btk Befrachtungs-und Transportkontor (BKT)
(Cás T-56/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Birių Krovinių Terminalas UAB (Klaipėda, Lithuania) (ionadaí: V. Viešūnaitė, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Btk Befrachtungs-und Transportkontor GmbH (Rosenheim, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘BKT’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 445 462
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 4 Nollaig 2023 i gCás R 637/2023-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid, inar seasadh le cinneadh Rannán Freasúra EUIPO an 24 Eanáir 2023, a chur ar neamhní;
a ordú don pháirtí eile na costais, lena n-áirítear na costais arna dtabhú ag an iarratasóir de réir bhrí Airteagail 134, 139, 140, 190 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________