Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 12 Eanáir 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof – an Ostair) – RW v Österreichische Post AG

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-154/21) 1

(Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 15(1)(c) – Ceart rochtana don ábhar sonraí ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi – Faisnéis maidir leis na faighteoirí nó catagóirí na bhfaighteoirí ar nochtadh nó a nochtfar sonraí pearsanta dóibh)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberster Gerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: RW

Cosantóir: Österreichische Post AG

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 15(1)(c) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí),

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

tugtar le tuiscint le ceart rochtana don ábhar sonraí ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi, dá bhforáiltear leis an bhforáil sin, nuair a nochtadh nó nuair a nochtfar na sonraí sin d’fhaighteoirí, go bhfuil oibleagáid ar an rialaitheoir sonraí céannacht na bhfaighteoirí sin a chur ar fáil don duine sin, mura bhfuil sé dodhéanta na faighteoirí sin a shainaithint nó má léiríonn an rialaitheoir sin go bhfuil iarrataí an ábhair sonraí ar rochtain gan bhunús nó iomarcach, de réir bhrí Airteagal 12(5) de Rialachán 2016/679, agus i gcás mar sin ní fhéadfaidh sé ach catagóirí na bhfaighteoirí atá i gceist a chur in iúl don duine sin.

____________

1 IO C 217, 07.06.2021.