Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Bealtaine 2024 – Ismailova v an Chomhairle

(Cás T-234/22) 1

(Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo cistí – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha – Srianta ar ligean isteach ar chríocha na mBallstát – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir srianta ar ligean isteach ar chríocha na mBallstát – Áireamh agus coinneáil ainm an iarratasóra ar na liostaí – Coincheap an ‘chomhlachais’ – Airteagal 2(1) in fine de Chinneadh 2014/145/CBES – Airteagal 3(1) in fine de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 – Dlínse na Cúirte Ginearálta – Oibleagáid cúiseanna a lua – Earráid mheasúnaithe – Cearta na cosanta – Ceart chun maoine agus saoirse chun gnó a sheoladh – Saoirse gluaiseachta – Comhréireacht)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Gulbakhor Ismailova (Tashkent, an Úisbéiceastáin) (ionadaithe: J. Grand d’Esnon, C. Durrleman agus S. Lescanne, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: B. Driessen agus A. Vitro, Gníomhairí)

Ábhar

Lena caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní, ar an gcead dul síos, Cinneadh (CBES) 2022/329 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 50, lch. 1), agus Rialachán (AE) 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 51, lch. 1), agus, ar an dara dul síos, Cinneadh (CBES) 2022/582 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 110, lch. 55), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/581 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin (IO 2022, L 110, lch. 3), agus, tar éis é a mhodhnú, Cinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 75 I, lch. 134), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 75 I, lch. 1), a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin léi.

An chuid oibríochtúil

Díbhtear an chaingean.

Ordaítear do Gulbakhor Ismailova na costais, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na himeachtaí eatramhacha, a íoc.

____________

1 IO C 237, 20.6.2022.