Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Bealtaine 2024 – Tiendanimal v EUIPO (CRIADORES)
(Cás T-314/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘CRIADORES’ – Foras coibhneasta le diúltú – Cineál tuairisciúil – Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Cóir chomhionann – Prionsabail na dlíthiúlachta – Prionsabal an dea-riaracháin – Ionchas dlisteanach)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Tiendanimal Comercio Electrónico de Artículos para Mascotas, S.L. (Málaga, an Spáinn) (ionadaí: T. González Martínez, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Nicolás Gómez, Gníomhaire)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 27 Márta 2023 (Cás R 0798/2021-5) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 261, 24.7.2023.