Language of document : ECLI:EU:C:2024:47

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

16 Eanáir 2024 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – An limistéar saoirse, slándála agus ceartais – Comhbheartas tearmainn – Treoir 2011/95/AE – Coinníollacha maidir le stádas dídeanaí a fháil – Airteagal 2(d) – Fáthanna le géarleanúint – ‘Baint le grúpa sóisialta áirithe’ – Airteagal 10(1)(d) – Gníomhartha géarleanúna – Airteagal 9(1) agus (2) – Nasc idir na fáthanna agus na gníomhartha le géarleanúint, nó idir na fáthanna le géarleanúint agus an easpa cosanta ar a leithéid de ghníomhartha – Airteagal 9(3) – Gníomhaithe neamhstáit – Airteagal 6(c) – Coinníollacha maidir leis an gcosaint choimhdeach – Airteagal 2(f) – ‘Díobháil thromchúiseach’ – Airteagal 15(a) agus (b) – Measúnú ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta chun stádas dídeanaí nó an stádas dídeanaí a thugtar leis an gcosaint choimhdeach a dheonú – Airteagal 4 – Foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban – Foréigean baile – Bagairt na ‘coire onóra’)

I gCás C‑621/21,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ó Administrativen sad Sofia-grad (Cúirt Riaracháin Chathair Shóifia, an Bhulgáir), trí bhreith an 29 Meán Fómhair 2021, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2021, sna himeachtaí idir

WS

v

Intervyuirasht organ na Darzhavna agentsia za bezhantsite pri Ministerskia savet,

le hidiragairt ó:

Predstavitelstvo na Varhovnia komisar na Organizatsiyata na obedinenite natsii za bezhantsite v an Bhulgáir,

tugann AN CHÚIRT BHREITHIÚNAIS (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan, F. Biltgen agus N. Piçarra (Rapóirtéir), Uachtaráin Dlísheomraí, M. Safjan, S. Rodin, P. G. Xuereb, I. Ziemele, J. Passer, D. Gratsias, M. L. Arastey Sahún agus M. Gavalec, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        WS, ag V. B. Ilareva, advokat,

–        Predstavitelstvo na Varhovnia komisar na Organizatsiyata na obedinenite natsii za bezhantsite v Bulgaria, ag M. Demetriou, J. MacLeod, Abhcóide, agus C. F. Kroes, advocaat,

–        Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus R. Kanitz, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Fraince, ag A.-L. Desjonquères agus J. Illouz, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag A. Azéma agus I. Zaloguin, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht leis an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta ag éisteacht an 20 Aibreán 2023

an breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an t‑iarraidh ar réamhrialú leis an léiriú ar aithris 17, Airteagal 6(c), Airteagal 9(2) (a) agus (f), Airteagal 9(3), Airteagal 10(1)(d) agus Airteagal 15(a) agus (b) de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca leis na coinníollacha atá le comhlíonadh ag na náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát chun cosaint idirnáisiúnta a fháil, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca le hábhar na cosanta sin (IO 2011 L 337, lch. 9).

2        Rinneadh an iarraidh maidir le cuid d’imeachtaí idir WS agus an Intervyuirasht organ na Darzhavna agentsia za bezhantsite pri Ministerskia savet (Seirbhís agallóireachta na Gníomhaireachta náisiúnta do dhídeanaithe ag Comhairle na nAirí) (‘DAB’) maidir le cinneadh lena ndiúltaítear nós imeachta a thionscnamh maidir le cosaint idirnáisiúnta a dheonú tar éis iarratas iardain ó WS.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí idirnáisiúnta

 Coinbhinsiún na Ginéive

3        Faoi Airteagal 1(A)(2) den Choinbhinsiún maidir le Stádas Dídeanaithe, arna shíniú sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951 [Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, Iml. 189, lch. 150, Uimh. 2545 (1954)], a tháinig i bhfeidhm an 22 Aibreán 1954 agus a forlíonadh leis an bPrótacal i dtaobh Stádas Dídeanaithe, a tugadh i gcrích i Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967, a tháinig i bhfeidhm an 4 Deireadh Fómhair 1967 (‘Coinbhinsiún na Ginéive’), ‘[g]o mbeidh feidhm ag an téarma “dídeanaí” maidir le haon duine atá lasmuigh den tír dar náisiúnach é […] [a] bhfuil eagla a ghéarleanúna air, agus bunús maith léi, ar chúiseanna maidir le cine, reiligiún, náisiúntacht, baint le grúpa sóisialta áirithe nó tuairimí polaitiúla, agus nach féidir nó, mar gheall ar an eagla sin, nach mian leis cosaint na tíre sin a éileamh’.

4        [Aistriúchán neamhoifigiúil]

 CIBD

5        Faoi Airteagal 1 den Choinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (‘CIBD’), a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 18 Nollaig 1979, a tháinig i bhfeidhm an 3 Meán Fómhair 1981 (Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, iml. 1249, Uimh. I–20378, lch. 13) agus ina bhfuil na Ballstáit go léir páirteach, ‘[c]hun críocha an Choinbhinsiúin [seo], tagraíonn an abairt “idirdhealú in aghaidh na mban” d’aon idirdhealú, eisiamh nó srian ar fhorais inscne a bhfuil an éifeacht nó an cuspóir aige an t‑aitheantas a chur i mbaol nó a scriosadh, mná a theachtadh nó a chleachtadh, gan beann ar a stádas pósta, ar bhonn an chomhionannais idir fir agus mná, ar bhonn chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha i réimsí polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha agus sibhialta nó in aon réimse eile.’

6        [Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Coinbhinsiún Iostanbúl

7        Foráiltear don méid seo a leanas le hAirteagal 2 de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile a chosc agus a chomhrac, a tugadh i gcrích in Iostanbúl an 11 Bealtaine 2011, a shínigh an tAontas Eorpach an 13 Meitheamh 2017, a formheasadh thar ceann an Aontais Eorpaigh le Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 (IO 2023 L 143 I, lch. 4) (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’), agus a tháinig i bhfeidhm, maidir leis an Aontas, an 1 Deireadh Fómhair 2023:

‘1      Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir le gach cineál foréigin in aghaidh na mban, lena n‑áirítear foréigean baile, a mbíonn éifeacht dhíréireach aige ar mhná.

2      Moltar do na páirtithe an Coinbhinsiún seo a chur i bhfeidhm maidir le gach íospartach foréigin baile. Agus forálacha an Choinbhinsiúin seo á gcur chun feidhme acu, tabharfaidh na páirtithe aird ar leith ar mhná ar íospartaigh foréigin inscnebhunaithe iad.

[...]’

8        Tá Airteagal 60 den Choinbhinsiún sin, dar teideal ‘Éilimh ar thearmann bunaithe ar inscne’ sna focail seo a leanas:

‘1      Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go bhféadfar foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban a aithint mar chineál géarleanúna de réir bhrí Airteagal 1(A)(2), de [Choinbhinsiún na Ginéive] agus mar chineál díobhála tromchúisí as a n‑eascraíonn cosaint chomhlántach/choimhdeach.

2.      Áiritheoidh na páirtithe go ndéanfar léiriú atá íogair ó thaobh inscne de ar gach ceann d’fhorais an Choinbhinsiúin agus i gcás ina suífear go mbaineann an ghéarleanúint a d’fhéadfadh a bheith ann le ceann amháin nó níos mó de na forais sin, go mbronnfar stádas dídeanaí ar iarratasóirí de réir na n‑ionstraimí ábhartha is infheidhme.’

 Dlí an Aontais

9        Leagtar amach an méid seo a leanas in aithrisí 4, 10, 12, 17, 29, 30 agus 34 de Threoir 2011/95:

‘(4)      Is bunchloch an chórais dlí idirnáisiúnta um dhídeanaithe a chosaint é Coinbhinsiún na Ginéive agus an Prótacal lena mbaineann.

[...]

(10)      [...] faoi láthair, ní mór na prionsabail a dhaingniú atá ina mbunús le Treoir 2004/83/CE [ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 é maidir le caighdeáin íosta do cháiliú agus do stádas náisiúnach tríú tíortha nó daoine gan stát mar dhídeanaithe nó mar dhaoine a mbeadh cosaint idirnáisiúnta ar dhóigh eile de dhíth orthu agus maidir le hinneachar na cosanta a thugtar (IO 2004 L 304, lch. 12),] agus féachaint leis na rialacha maidir le haithint ábhar na cosanta idirnáisiúnta a chur ag teacht le chéile níos mó ar bhonn caighdeán níos airde.

[...]

(12)      Is é príomhchuspóir na Treorach seo ná, de pháirt, a áirithiú go gcuireann na Ballstáit go léir critéir chomhchoiteanna i bhfeidhm chun daoine a shainaithint a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu i ndáiríre agus, den pháirt eile, a áirithiú go bhfuil íosleibhéal sochar ann do na daoine sin i ngach Ballstát.

[...]

(17)      Maidir leis an dóigh a gcaitear le daoine a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, tá na Ballstáit faoi cheangal ag na hionstraimí dlí idirnáisiúnta ar páirtithe iontu iad, lena n‑áirítear go háirithe na hionstraimí sin lena gcuirtear cosc ar idirdhealú.

[...]

(29)      Tá sé ar na coinníollacha atá le comhlíonadh chun stádas dídeanaí a éileamh de réir Roinn A d’Airteagal 1 de Choinbhinsiún na Ginéive nach mór nasc cúisíoch a bheith ann idir na fáthanna le géarleanúint, arb iad cine, reiligiún, náisiúntacht, tuairimí polaitiúla nó baint le grúpa sóisialta áirithe, agus na gníomhartha géarleanúna nó easpa cosanta ar a leithéid de ghníomhartha.

(30)      Is gá coincheap coiteann a thabhairt isteach maidir leis an bhforas géarleanúna arb ionann é agus ‘baint le grúpa sóisialta áirithe’. Chun grúpa sóisialta áirithe a shainmhíniú, ba cheart aird a thabhairt ar shaincheisteanna a eascraíonn ó inscne an iarratasóra, lena n‑áirítear féiniúlacht inscne agus gnéaschlaonadh, a d’fhéadfadh a bheith bainteach le traidisiúin dhlíthiúla áirithe agus le gnásanna áirithe, arb é is toradh orthu mar shampla ciorrú ball giniúna, aimridiú éigeantach nó ginmhilleadh éigeantach, a mhéid a bhaineann siad leis an eagla, lena bhfuil bunús maith, atá ar an iarratasóir go ndéanfaí géarleanúint uirthi.

[...]

(34)      Ní mór na comhchritéir a shocrú atá le comhlíonadh ag iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta chun bheith incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach. Tá na critéir sin le sainiú ar bhonn na n‑oibleagáidí idirnáisiúnta faoi na hionstraimí maidir le cearta an duine agus faoi na cleachtais atá na Ballstáit cheana féin.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10      De réir Airteagal 2(a)(d) go (i) agus (n) den Treoir sin:

‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

a)      ciallaíonn “cosaint idirnáisiúnta” stádas dídeanaí agus stádas cosanta coimhdí mar a shainmhínítear i míreanna (e) agus (g) iad;

[...]

d)      ciallaíonn “dídeanaí” gach náisiúnach tríú tír atá lasmuigh de thír a náisiúntachta de bharr eagla a bhfuil bunús maith léi go ndéanfaí géarleanúint air nó uirthi mar gheall ar chine, ar reiligiún, ar náisiúntacht, ar thuairim pholaitiúil nó ar bhaint i ngrúpa sóisialta áirithe agus nach bhfuil in ann nó, de bharr eagla den sórt sin, nach bhfuil toilteanach leas a bhaint as cosaint na tíre sin [...];

e)      ciallaíonn “stádas dídeanaí” an t‑aitheantas a thabharfaidh Ballstát go bhfuil stádas dídeanaí ag gach náisiúnach tríú tír nó duine gan stát;

f)       ciallaíonn “duine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach” náisiúnach tríú tír nó duine gan stát nach gcáilíonn mar dhídeanaí ach ar taispeánadh ina leith go bhfuil forais shubstaintiúla ann lena chreidiúint go mbeadh an duine lena mbaineann, dá bhfillfeadh sé nó sí ar a thír thionscnaimh nó ar a tír thionscnaimh, nó, i gcás duine gan stát, dá bhfillfeadh sé nó sí ar an tír ina raibh gnáthchónaí air nó uirthi roimhe seo, go mbeadh fíorbhaol ann go bhfulaingeodh sé nó sí díobháil thromchúiseach mar a shainmhínítear in Airteagal 15 í, ós rud é nach bhfuil feidhm ag Airteagal 17(1) agus (2) maidir leis nó léi, agus nach bhfuil in ann nó, de bharr baol den sórt sin, nach bhfuil toilteanach leas a bhaint as cosaint na tíre sin.;

g)       ciallaíonn “stádas cosanta coimhdí” náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a bheith aitheanta ag Ballstát mar dhuine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach;

h)        ciallaíonn “iarratas ar chosaint idirnáisiúnta” iarratas ó Bhallstát ar chosaint ó náisiúnach tríú tír nó ó dhuine gan stát, rud atá intuigthe amhail go bhfuil stádas dídeanaí nó an stádas arna dheonú le cosaint choimhdeach á lorg aige leis, i gcás nach n‑iarrann an t‑iarratasóir cineál eile cosanta go sainráite atá lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo agus inar féidir leis a bheith ina ábhar d’iarratas ar leith;

i)       ciallaíonn “iarratasóir” náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta aige, nach bhfuil cinneadh críochnaitheach déanta ina leith fós;

[...]

f)       ciallaíonn “tír thionscnaimh” an tír nó na tíortha náisiúntachta nó, i gcás daoine gan stát, an tír nó na tíortha ina raibh gnáthchónaí orthu roimhe seo.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

11      I gCaibidil II den Treoir, dar dteideal ‘Measúnú ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta’, in Airteagal 4, dar teideal ‘Measúnú ar fhíorais agus ar chúinsí’, foráiltear i míreanna 3 agus 4:

‘3.      Déanfar measúnú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina aonair agus cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

a)      na fíorais ábhartha go léir a bhaineann leis an tír thionscnaimh tráth a dhéantar rialú ar an iarratas, lena n‑áirítear dlíthe agus rialacháin na tíre tionscnaimh agus faoi mar a chuirtear iad i bhfeidhm;

b)      an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha arna dtíolacadh ag an iarratasóir, lena n‑áirítear faisnéis le fionnadh an ndearnadh nó nach ndearnadh géarleanúint nó díobháil thromchúiseach don iarratasóir nó an bhféadfaí nó nach bhféadfaí á déanamh dó;

c)      stádas aonair agus staid phearsanta an iarrthóra, lena n‑áirítear tosca amhail a scéal roimhe sin, a inscne, agus a aois le fionnadh, i bhfianaise staid phearsanta an iarrthóra, an bhféadfaí nó nach bhféadfaí a mheas gurb é atá sna gníomhartha a raibh an t‑iarratasóir i mbaol go ndéanfaí dó ná géarleanúint nó díobháil thromchúiseach;

...

4.      Géarleanúint nó díobháil thromchúiseach a bheith fulaingthe cheana ag an iarrathóir, nó bagairtí díreacha a bheith faighte aige i dtaobh géarleanúint nó díobháil thromchúiseach den sórt sin, measfar gur táscaire tromchúiseach é sin ar an eagla a bhfuil bunús maith léi atá ar an iarratasóir roimh ghéarleanúint nó ar an bhfíorbhaol díobháil thromchúiseach a fhulaingt, ach amháin má tá fáthanna maithe ann lena mheas nach ndéanfar an ghéarleanúint nó an díobháil tromchúiseach sin arís.’

12      Foráiltear le hAirteagal 6 den Treoir sin, dar teideal ‘Gníomhaithe géarleanúna nó díobhála tromchúisí’:

‘d’fhéadfadh seo a leanas a bheith ina ngníomhaithe géarleanúna nó díobhála tromchúisí:

a)      an Stát;

b)      páirtithe nó eagraíochtaí a rialaíonn an Stát nó a rialaíonn cuid shubstaintiúil de chríoch an Stáit;

c)      gníomhaithe neamhstáit, más féidir a léiriú nach bhfuil na gníomhaithe dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b), lena n‑áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta, in ann nó nach bhfuil siad toilteanach cosaint a thabhairt ar ghéarleanúint nó ar dhíobháil thromchúiseach de réir bhrí Airteagal 7.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

13      Tá Airteagal 7 de Threoir 2011/95, dar teideal ‘Gníomhaithe Cosanta’ sna focail seo a leanas:

‘1      Ní fhéadfaidh ach na gníomhaithe seo a leanas cosaint a thabhairt ar ghéarleanúint nó ar dhíobháil thromchúiseach:

a)      an Stát; nó

b)      páirtithe nó eagraíochtaí, lena n‑áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta, a rialaíonn an Stát nó a rialaíonn cuid shubstaintiúil de chríoch an Stáit,

ar choinníoll go bhfuil siad toilteanach agus in ann cosaint a chur ar fáil i gcomhréir le mír 2.

2.      Ní mór cosaint ar ghéarleanúint agus de chineál neamhshealadach. Is iondúil go dtugfar a leithéid de chosaint sin i gcás ina ndéanann na gníomhaithe dá dtagraítear i mír 1(a) agus (b) bearta réasúnta chun na géarleanúintí nó díobháil thromchúiseach a chosc trí bhíthin, i measc nithe eile, córas dlí éifeachtach a fheidhmiú chun gníomhartha ar gníomhartha géarleanúna nó díobhála tromchúisí iad a bhrath, a ionchúiseamh agus a phionósú, agus i gcás go bhfuil rochtain ag an iarratasóir ar an gcosaint sin.

[...]’

14      [Aistriúchán neamhoifigiúil]Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 9 den Treoir sin, dar teideal ‘Gníomhartha géarleanúna’:

‘1.      Chun go measfar gur gníomh géarleanúna é de réir bhrí Airteagal 1, Roinn (A) de Choinbhinsiún na Ginéive, ní mór do ghníomh:

a)      a bheith tromchúiseach go leor de bharr a chineáil nó de bharr a athdhéanta le bheith ina shárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha an duine, go háirithe na cearta do-mhaolaithe sin a dhéanamh orthu faoi Airteagal 15(2) den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint [, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950 (“ECHR”)]; nó

b)      a bheith ina charnadh bearta éagsúla, lena n‑áirítear sáruithe ar chearta an duine atá tromchúiseach go leor chun difear a dhéanamh do dhuine aonair ar bhealach atá cosúil leis an mbealach dá dtagraítear i mír (a).

2.      Féadfar gníomhartha géarleanúna, de réir bhrí mhír 1, a bheith den sórt seo leanas:

a)      gníomhartha foréigin fhisicigh nó mheabhraigh, lena n‑áirítear gníomhartha foréigin ghnéasaigh;

[...]

f)      gníomhartha a bhaineann go sonrach le hinscne [...]’

3.      I gcomhréir le hAirteagal 2(d), ní mór baint a bheith ann idir na fáthanna a luaitear in Airteagal 10 agus na gníomhartha géarleanúna de réir mhír 1 den Airteagal seo iad nó an easpa cosanta ar ghníomhartha den sórt sin.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

15      De réir Airteagal 10 den Treoir sin, dar teideal ‘Fáthanna le géarleanúint’:

‘1.      Cuirfidh na Ballstáit na gnéithe seo a leanas san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu ar na fáthanna le géarleanúint:

[...]

d)      measfar gur grúpa sóisialta áirithe é grúpa, go háirithe, sna cásanna seo a leanas:

–        go bhfuil ag a bhaill aon saintréith dhúchasach nó cúlra coiteann nach féidir a athrú, nó go bhfuil ag a chuid ball saintréith nó creideamh atá chomh bunúsach sin dá bhféiniúlacht nó dá gcoinsias nár cheart iallach a chur ar dhuine an tsaintréith nó an creideamh sin a thréigean, agus

–        go bhfuil ag an ngrúpa sin féiniúlacht ar leithligh sa tír i gceist, toisc go mbraitear go bhfuil sé éagsúil leis an mórshochaí;

Ag brath ar ghnáthchúinsí na tíre tionscnaimh, d’fhéadfadh sé gur grúpa sóisialta áirithe é grúpa atá bunaithe ar shaintréith choiteann a ngnéaschlaonta. Ní féidir a thuiscint go n‑áirítear le gnéaschlaonadh gníomhartha a mheastar a bheith coiriúil i gcomhréir le dlí náisiúnta na mBallstát. Ní mór breithniú go cuí ar ghnéithe a bhaineann le hinscne, lena n‑áirítear féiniúlacht inscne, chun críocha ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe a chinneadh nó chun críocha saintréith grúpa den sórt sin a shainaithint;

[...]

2.      Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil eagla a bhfuil bunús maith léi ar iarratasóir roimh ghéarleanúint, is cuma an bhfuil ag an iarratasóir i ndáiríre an tsaintréith [...] shóisialta [...] is fáth na géarleanúna í, ar choinníoll go gcuireann gníomhaí na géarleanúna saintréith den sórt sin i leith an iarratasóra.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

16      Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 13 den Treoir sin, dar teideal ‘Stádas dídeanaí a dheonú’:

‘Deonóidh na Ballstáit stádas dídeanaí do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát a cháilíonn mar dhídeanaí i gcomhréir le Caibidlí II agus III.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

17      Foráiltear le hAirteagal 15 de Threoir 2011/95, dar teideal ‘Díobháil thromchúiseach’:

‘Is iad seo a leanas na díobhálacha tromchúiseacha:

a)      pionós an bháis nó bású; nó

b)      iarratasóir a chéasadh nó íde a thabhairt dó nó di nó pionós a chur air nó uirthi atá mídhaonna nó táireach, sa tír thionscnaimh; [...]

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

18      Tá Airteagal 18 den Treoir sin, dar teideal ‘Stádas cosanta coimhdí a dheonú’, sna focail seo a leanas:

‘Deonóidh na Ballstáit an stádas cosanta coimhdí do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach i gcomhréir le Caibidlí II agus V.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí na Bulgáire

19      Is léir ón ordú tarchuir go dtrasuitear Airteagal 2(d) agus Airteagail 6, 7 agus 9 de Threoir 2011/95 i ndlí na Bulgáire le hAirteagal 8(1), (3) go (5) agus (7) den Zakon za ubezhishteto i bezhantsite (an Dlí maidir le tearmann agus dídeanaithe, ‘ZUB’) agus go dtrasuitear Airteagal 15 den Treoir sin le hAirteagal 9(1) den dlí sin.

20      Soiléirítear i mír 1(5) d’Fhorálacha Forlíontacha ZUB, sa leagan atá i bhfeidhm ón 16 Deireadh Fómhair 2015 (DV Uimh. 80 de 2015), gurb iad ‘atá sna coincheapa “cine, reiligiún, náisiúntacht, grúpa sóisialta ar leith agus tuairimí nó creidimh pholaitiúla” ná na coincheapa sin de réir bhrí [Choinbhinsiún na Ginéive] agus Airteagal 10(1) de Threoir [2011/95]’.

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú

21      Is náisiúnach de chuid na Tuirce í WS, baineann sí leis an ngrúpa eitneach Moslamach Sunnaíoch agus tá sí colscartha. Tháinig sí go dleathach go dtí an Bhulgáir i mí an Mheithimh 2018. Ina dhiaidh sin, tháinig sí le chéile le ball dá teaghlach i mBeirlín (an Ghearmáin), áit ar thaisc sí iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Le cinneadh an 28 Feabhra 2019 ó DAB, arna ghlacadh tar éis iarratas ó na húdaráis de chuid na Gearmáine, ghlac údaráis na Bulgáire WS ar ais chun scrúdú a dhéanamh ar a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

22      Le linn trí agallamh a rinne DAB i mí Dheireadh Fómhair 2019, dhearbhaigh WS gur pósadh í go héigeantach in aois 16 bliana agus go raibh triúr iníon aici. Líomhnaítear gur bhuail a fear céile í le linn a saoil pósta, gan chabhair óna teaghlach bitheolaíoch, a raibh fios an scéil acu. Theith WS óna háit chónaithe teaghlaigh i mí Mheán Fómhair 2016, chuaigh sí le pósadh reiligiúnach in 2017 agus bhí mac aici, ón bpósadh sin, i mí na Bealtaine 2018. I ndiaidh di an Tuirc a fhágáil, fuair sí colscaradh óna céad fhear céile go hoifigiúil i mí Mheán Fómhair 2018, in ainneoin a agóidí. Ar na cúiseanna sin, dhearbhaigh sí go raibh eagla uirthi go maródh a teaghlach í dá bhfillfeadh sí ar an Tuirc.

23      Os comhair DAB, thug WS ar láimh ullmhaigh cinneadh ar cuireadh chun críochnaitheachta, ó chúirt shibhialta na Tuirce lenar fógraíodh a colscaradh, agus an gearán a thaisc sí i gcoinne a fir céile, a teaghlaigh bhitheolaíoch agus a teaghlaigh céile, i mí Eanáir 2017, le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí in Torbali (an Tuirc), ar gearán é lena dtagraítear sna miontuairiscí de an 9 Eanáir 2017 do na teachtaireachtaí teileafóin bagracha ar sheol a fear céile chuici. Thug sí ar láimh ullmhaigh cinneadh an 30 Meitheamh 2017 ó chúirt de chuid na Tuirce lenar cuireadh í i dteach le haghaidh mná is íospartaigh foréigin, áit nár bhraith sí slán.

24      Le cinneadh an 21 Bealtaine 2020, dhiúltaigh Uachtarán DAB d’iarratas WS ar chosaint idirnáisiúnta, agus é den tuairim, de pháirt, nach raibh na fáthanna arna n‑agairt ag WS chun an Tuirc a fhágáil, go háirithe na gníomhartha foréigin baile nó bagairtí báis óna fear céile agus ó bhaill dá teaghlach bitheolaíoch, ábhartha chun an stádas sin a dheonú, ós rud é nach bhféadfaí iad a nascadh le haon cheann de na fáthanna le géarleanúint dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de ZUB. Ina theannta sin, níor dhearbhaigh WS go ndearnadh gníomhartha géarleanúna uirthi mar gheall ar a gnéas.

25      Den pháirt eile, dhiúltaigh Uachtarán DAB an stádas cosanta coimhdí a dheonú do WS. Mheas sé nár chomhlíon sí na coinníollacha is gá ina leith sin, a mhéid ‘nach ndearna na húdaráis oifigiúla ná grúpaí áirithe bearta i gcoinne an iarratasóra nach raibh neart ag an Stát orthu’, agus i gcás ‘go ndearnadh ionsaithe di nár chuir sí in iúl do na póilíní fiú agus nach ndearna sí gearán fúthu agus [...] gur fhág sí an Tuirc go dleathach.’

26      Le breithiúnas an 15 Deireadh Fómhair 2020, arna dheimhniú an 9 Márta 2021 ag Varhoven administrativen sad (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, an Bhulgáir) ar cuireadh chun críochnaitheachta, dhiúltaigh Administrativen sad Sofia-grad (Cúirt Riaracháin Chathair Shóifia, an Bhulgáir) don chaingean arna tíolacadh ag WS i gcoinne an chinnidh dá dtagraítear i mír 22 den bhreithiúnas seo.

27      An 13 Aibreán 2021, thíolaic WS, ar bhonn fianaise nua, iarratas iardain ar chosaint idirnáisiúnta, ag brath ar eagla a bhfuil bunús maith léi roimh ghéarleanúint, ó ghníomhaithe neamhstáit, mar gheall ar an mbaint atá aici le ‘grúpa sóisialta áirithe’, eadhon mná is íospartaigh foréigin baile agus mná a d’fhéadfaidís a bheith ina n‑íospartaigh ‘coireanna onóra’. Mhaígh sí nach raibh Stát na Tuirce in ann í a chosaint ar na gníomhaithe neamhstáit sin agus d’áitigh sé go bhfágfaí í gan cosaint ar ‘choir onóra’ nó ar phósadh éigeantais agus, dá bhrí sin, go sárófaí Airteagail 2 agus 3 de ECHR lena refoulement chun na Tuirce.

28      Chun tacú leis an iarratas sin, chuir WS ar láimh ullmhaigh, mar fhianaise nua, cinneadh ó chúirt choiriúil de chuid na Tuirce lenar gearradh pianbhreith choimeádta cúig mhí ar a hiar-fhear céile mar gheall ar choir na mbagairtí arna ndéanamh uirthi i mí Mheán Fómhair 2016. Rinneadh an phianbhreith sin a iarchur agus cuireadh tréimhse phromhaidh 5 bliana léi, i bhfianaise nár ciontaíodh é roimhe sin, i bhfianaise saintréithe pearsanta agus i bhfianaise gur ghlac sé leis an bpianbhreith sin. Cheangail sí leis an iarratas seo ailt ón nuachtán ‘Deutsche Welle’ ón mbliain 2021, lena ndéantar tuairisciú ar mharaithe foréigneacha ban sa Tuirc. Thairis sin, tarraingt siar Phoblacht na Tuirce ó Choinbhinsiún Iostanbúl i mí an Mhárta 2021, d’agair WS é mar chúinse nua.

29      Le cinneadh an 5 Bealtaine 2021, dhiúltaigh DAB an nós imeachta maidir le deonú cosanta idirnáisiúnta a aththionscnamh tar éis iarratas iardain WS, ar an bhforas nach ndearna sé tagairt d’aon fhaisnéis nua shuntasach maidir lena staid phearsanta ná lena Stát tionscnaimh. Chuir DAB i dtreis gur chuidigh údaráis na Tuirce léi go minic agus gur chuir siad in iúl go raibh siad ullamh do gach cabhair dlí a thabhairt di.

30      Soiléiríonn an chúirt a rinne an tarchur ag an tús, fiú más rud é gur diúltaíodh d’iarratas iardain ar chosaint idirnáisiúnta a thaisc WS toisc é a bheith neamh-inghlactha, gur gá, mar sin féin, léiriú a dhéanamh ar na coinníollacha substainteacha dlí maidir le cosaint idirnáisiúnta a dheonú chun é a chur ina cumas a fhionnadh ar thíolaic WS faisnéis nó fíorais nua le húdar a thabhairt le deonú na cosanta sin.

31      I ndáil leis sin, tugann sí dá haire nár thug an Chúirt Bhreithiúnais rialú riamh ar na ceisteanna arna dtógáil sa chás seo, ‘maidir le foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban i bhfoirm foréigean baile agus bagairt na coire onóra, mar fháth le cosaint idirnáisiúnta a dheonú’. Fiafraíonn an chúirt sin, d’fhonn a chinneadh an bhfuil nó nach bhfuil baint le grúpa sóisialta áirithe ag bean is íospartach a leithéide d’fhoréigean, mar fháth le géarleanúint, de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95, an leor nó nach leor inscne bhitheolaíoch nó shóisialta í agus an bhféadfadh nó nach bhféadfadh gníomhartha géarleanúna, lena n‑áirítear foréigean baile, a bheith cinntitheach chun feiceálacht an ghrúpa sin sa tsochaí a shuí.

32      Sa chomhthéacs sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, ar mhaithe le léiriú a dhéanamh ar an bhforáil sin agus i bhfianaise aithris 17 de Threoir 2011/95, an bhfuil nó nach bhfuil CIBD agus Coinbhinsiún Iostanbúl le cur san áireamh, cé nach bhfuil Poblacht na Bulgáire ina páirtí do Choinbhinsiún Iostanbúl.

33      Tugann an chúirt sin dá haire go dtagann na gníomhartha a liostaítear in Airteagail 34 go 40 de Choinbhinsiún Iostanbúl, eadhon, inter alia, foréigean fisiceach nó gnéasach, póstaí éigeantais nó ciapadh, faoi fhoréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban a luaitear, go neamh-uileghabhálach, in aithris 30 de Threoir 2011/95 agus go bhféadfar iad a aicmiú mar ‘ghníomhartha géarleanúna’, de réir bhrí Airteagal 9(2)(a) agus (f) den Treoir sin.

34      Ansin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur faoin léiriú ar Airteagal 9(3) de Threoir 2011/95 i gcás inarb iad gníomhaithe neamhstáit, de réir bhrí Airteagal 6(c) den Treoir sin, a dhéanann gníomhartha géarleanúna inscnebhunaithe, i bhfoirm foréigean baile. Go háirithe, tríd an ‘nasc’ a cheanglaítear in Airteagal 9(3), fiafraíonn sí an bhfuil nó nach bhfuil sé le haithint ag na gníomhaithe neamhstáit gur bearta géarleanúna de réir inscne bhitheolaíoch nó shóisialta íospartaigh na ngníomhartha sin iad na bearta a dhéanann siad.

35      Ag an deireadh ar fad, i gcás nach suitear go bhfuil baint le ‘grúpa sóisialta áirithe’ de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95 ag bean is íospartach foréigin baile agus nach dóigh di a bheith ina híospartach i gcoir onóra, cuireann an chúirt a rinne an tarchur i dtreis nach bhféadfaí WS a thabhairt ar ais dá tír thionscnaimh ach amháin tar éis di a shuíomh nach bhfágfaí í gan cosaint ar fhíorbhaol ‘díobhála tromchúisí’ de réir bhrí Airteagal 2(f) den Treoir sin leis an refoulement sin. Sa chomhthéacs sin, fiafraíonn sí, go háirithe, an fíorbhaol ‘díobhála tromchúisí’ faoi Airteagal 15(a) den Treoir sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2 de ECHR, nó Airteagal 15(b) den Treoir chéanna, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 ECHR, í bagairt ‘coire onóra’.

36      Sna himthosca sin, chinn Administrativen sad Sofia-grad (Cúirt Riaracháin Chathair Shóifia) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1)      Ar mhaithe le foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban a aicmiú, mar fhoras chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú, de réir bhrí [Choinbhinsiún na Ginéive] agus Threoir [2011/95], an bhfuil sainmhínithe [CIBD] agus [Choinbhinsiún Iostanbúl] infheidhme nó an bhfuil a chiall féin, atá éagsúil leis an gciall atá leis sna conarthaí idirnáisiúnta, ag an bhforéigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban, mar fháth chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú de réir bhrí aithris 17 de Threoir [2011/95]?

2)      I gcás ina líomhnaítear foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban, an gcaithfear, d’fhonn baint le grúpa sóisialta áirithe a shuíomh, mar fháth le géarleanúint de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) de Threoir [2011/95], gan ach inscne bhitheolaíoch nó shóisialta íospartach na géarleanúna (foréigean a dhírítear ar bhean, toisc gur bean í amháin) a chur san áireamh[;] an féidir gur cinntitheach iad na foirmeacha/bearta/gníomhartha nithiúla géarleanúna, mar a luaitear iad go neamh-uileghabhálach in aithris 30 de Threoir [2011/95] ó thaobh “fheiceálacht an ghrúpa sa tsochaí”, is é sin le rá saintréith chinntitheach an ghrúpa sin, de réir na ngnáthchúinsí sa tír thionscnaimh, nó an mbaineann na gníomhartha sin le gníomhartha géarleanúna de réir bhrí Airteagal 9(2)(a) agus (f) de Threoir [2011/95] amháin?

3)      I gcás ina líomhnaíonn an t‑iarratasóir ar chosaint go ndearnadh foréigean inscnebhunaithe i bhfoirm foréigean baile, an fáth leordhóthanach é inscne bhitheolaíoch nó shóisialta le baint le grúpa sóisialta áirithe a shuíomh de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) de Threoir [2011/95] nó an gcaithfear saintréith ar leith sa bhreis den ghrúpa a shuíomh, de réir léiriú litriúil ar an bhforáil sin, lena leagtar amach na coinníollacha go carnach agus na gnéithe inscne mar mhalairt air sin?

4)      I gcás ina líomhnaítear foréigean inscnebhunaithe i bhfoirm foréigean baile arna dhéanamh ag gníomhaí neamhstáit de réir bhrí Airteagal 6(c) de Threoir [2011/95], an gcaithfear léiriú a dhéanamh ar an nasc cúisíoch de réir bhrí Airteagal 9(3) de Threoir [2011/95] amhail gur leor nasc a shuíomh idir na fáthanna a thugtar le fios in Airteagal 10 agus na gníomhartha géarleanúna de réir bhrí [Airteagal 9(1) sin], nó an gá go héigeantach go gcinnfí nach bhfuil cosaint ann ar an ngéarleanúint atá líomhainte, nó an bhfuil an nasc ann i gcás nach n‑aithníonn gníomhaithe neamhstáit na ngéarleanúintí na gníomhartha éagsúla géarleanúna/foréigin, iontu féin, a bhaineann le hinscne an duine géarleanta?

5)      I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha eile ina leith sin, an bhféadfaí údar a thabhairt le cosaint choimhdeach a dheonú faoi Airteagal 15(a) de Threoir [2011/95], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2 ECHR [...] toisc go bhfuil fíorbhagairt ann go ndéanfaí coir onóra i gcás refoulement chun na tíre tionscnaimh, nó an bhfuil “díobháil thromchúiseach” de réir bhrí Airteagal 15(b) de Threoir [2011/95], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 ECHR, mar a rinneadh léiriú air i gcásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, le haicmiú mar chuid de mheasúnú foriomlán ar an mbaol go ndéanfaí gníomhartha foréigin inscnebhunaithe eile, nó an leor é gur dhiúltaigh an t‑iarratasóir go suibiachtúil do chosaint a tíre tionscnaimh chun cosaint choimhdeach a dheonú?’

 Na ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú

 An chéad cheist go dtí an tríú ceist

37      Trína chéad trí cheist, nach mór scrúdú a dhéanamh orthu le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil nó nach bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95 amhail, de réir na ngnáthchúinsí sa tír thionscnaimh, go bhfuil baint le ‘grúpa sóisialta áirithe’ ag mná na tíre sin ar an iomlán agus grúpaí ban níos lú a bhfuil comhthréith sa bhreis acu, ar baint í atá ina ‘fáth le géarleanúint’ a bhfuil stádas dídeanaí inaitheanta dá bharr.

38      Mar réamhphointe, is léir ó aithrisí 4 agus 12 de Threoir 2011/95 gur bunchloch an chórais dlí idirnáisiúnta um dhídeanaithe a chosaint é Coinbhinsiún na Ginéive agus gur glacadh an Treoir sin go háirithe chun go gcuirfeadh na Ballstáit comhchritéir i bhfeidhm chun daoine a shainaithint a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu i ndáiríre [breithiúnas an 19 Samhain 2020, Bundesamt für Migration und Flüchtlinge (Seirbhís Mhíleata agus Tearmainn), C‑238/19, EU:C:2020:945, mír 19].

39      Dá bhrí sin, ní mór léiriú a dhéanamh ar fhorálacha Threoir 2011/95 ní hamháin i bhfianaise leagan amach ginearálta agus chuspóir na Treorach sin, ach i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive agus leis na conarthaí ábhartha eile dá dtagraítear in Airteagal 78(1) CFAE chomh maith. Áirítear ar na conarthaí sin, mar is léir ó aithris 17 den Treoir sin, na conarthaí sin lena gcuirtear toirmeasc ar idirdhealú maidir leis an gcaitheamh ar dhaoine a thagann faoi raon feidhme na Treorach céanna [féach, chuige sin, breithiúnais an 26 Feabhra 2015, Shepherd, C‑472/13, EU:C:2015:117, mír 23, agus an 19 Samhain 2020, Bundesamt für Migration und Flüchtlinge (Seirbhís Mhíleata agus Tearmainn), C‑238/19, EU:C:2020:945, mír 20).

40      Sa chomhthéacs sin, i bhfianaise an róil a thugtar d’ArdChoimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (HCR) le Coinbhinsiún na Ginéive, tá ábharthacht ar leith ag baint leis na doiciméid arna n‑eisiúint ag HCR [féach, chuige sin, breithiúnais an 23 Bealtaine 2019, Bilali, C‑720/17, EU:C:2019:448, mír 57, agus an 12 Eanáir 2023, Migracijos departamentas (Fáthanna le géarleanúint ar bhonn tuairimí polaitiúla), C‑280/21, EU:C:2023:13, mír 27).

41      Dar le hAirteagal 2(d) de Threoir 2011/95, atá ar comhfhocal le hAirteagal 1(A)(2) de Choinbhinsiún na Ginéive, ciallaíonn ‘dídeanaí’, go háirithe, gach náisiúnach tríú tír atá lasmuigh den tír dar náisiúnach é, toisc go bhfuil eagla air, agus bunús maith léi, roimh ghéarleanúint ar chúiseanna maidir le cine, reiligiún, náisiúntacht, tuairimí polaitiúla nó baint le grúpa sóisialta áirithe, agus nach féidir nó, mar gheall ar an eagla sin, nach mian leis cosaint na tíre sin a éileamh. Liostaítear in Airteagal 10(1) den Treoir sin, i gcás gach ceann de na cúig fhoras géarleanúna sin lena bhfuil stádas dídeanaí inaitheanta, an méid atá le cur san áireamh ag na Ballstáit.

42      Go háirithe, maidir leis an bhfáth ‘baint le grúpa sóisialta áirithe’, is léir ón gcéad fhomhír d’Airteagal 10(1)(d) go bhfuil grúpa le meas mar ‘ghrúpa sóisialta áirithe’ i gcás ina gcomhlíontar dhá choinníoll charnacha. Ar an gcéad dul síos, caithfear go bhfuil ag na daoine sa ghrúpa lena mbaineann ceann amháin ar a laghad de na trí ghné aitheanta seo a leanas, eadhon ‘saintréith dhúchasach’ nó ‘cúlra coiteann atá do-athraithe’, nó fiú ‘saintréith nó creideamh atá chomh bunúsach sin dá bhféiniúlacht nó dá gcoinsias nár cheart iallach a chur ar dhuine an tsaintréith nó an creideamh sin a thréigean’. Ar an dara dul síos, ní mór ‘féiniúlacht ar leithligh’ a bheith ag an ngrúpa sin sa tír ábhartha ‘toisc go bhféadfadh a mhalairt de dhearcadh a bheith air sa tsochaí mhórthimpeall’.

43      Thairis sin, soiléirítear leis an dara fomhír d’Airteagal 10(1)(d), inter alia, ‘[nach] mór breithniú go cuí ar ghnéithe a bhaineann le hinscne, lena n‑áirítear féiniúlacht inscne, chun críocha baint le grúpa sóisialta áirithe a chinneadh nó chun críocha saintréith grúpa den sórt sin a shainaithint’. Ní mór an fhoráil sin a léamh i bhfianaise aithris 30 de Threoir 2011/95, ar dá réir a fhéadfar féiniúlacht inscne a nascadh le traidisiúin nó gnásanna dlíthiúla áirithe, rudaí arb é is toradh orthu ná, mar shampla, ciorrú ball giniúna, aimridiú éigeantach nó ginmhilleadh éigeantach.

44      Thairis sin, soiléirítear i mír 30 de Threoirlínte HCR maidir leis an gCosaint Idirnáisiúnta Uimh. 1 maidir le géarleanúint ar bhonn inscne i gcomhthéacs Airteagal 1(A)(2) de Choinbhinsiún na Ginéive, ó thaobh an choincheapa ‘grúpa sóisialta’ a shainmhínítear in Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95, go ‘bhfuil gnéas in‑aicimthe go hiomchuí mar ghrúpa sóisialta, ós sampla follasach de dhream sóisialta iad mná a shainmhínítear de réir a saintréithe ó dhúchas agus de chineál buan, ar minic nach gcaitear leo mar a chaitear le fir. […] Ina theannta sin, sainaithnítear iad mar ghrúpa sa tsochaí de réir a saintréithe chomh maith, rud a fhágann siad gan cosaint ar fhoirmeacha éagsúla caite de réir tíortha áirithe.’

45      Is i bhfianaise na réamhléirithe sin nach mór freagra a thabhairt ar na ceisteanna arna gcur ag an gcúirt a rinne an tarchur.

46      Sa chéad áit, i bhfianaise na n‑ábhar amhrais arna gcur in iúl ag an gcúirt sin maidir le hábharthacht CIBD agus Choinbhinsiún Iostanbúl ó thaobh an léirithe ar Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95, is tábhachtach a shoiléiriú, de pháirt, cé nach bhfuil an tAontas páirteach in CIBD, gur dhaingnigh na Ballstáit go léir é os a choinne sin. Mar sin, tá CIBD ar na conarthaí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 78(1) CFAE, nach mór léiriú a dhéanamh ar an Treoir sin, go háirithe Airteagal 10(1)(d) di, i gcomhréir leo.

47      Ina theannta sin, de réir aithris 17 den Treoir sin, maidir le láimhseáil daoine a thagann faoina raon feidhme, tá na Ballstáit faoi cheangal ag na hoibleagáidí a eascraíonn as ionstraimí an dlí idirnáisiúnta a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu, go háirithe na hoibleagáidí lena gcuirtear toirmeasc ar idirdhealú, lena n‑áirítear CIBD. Tá sé ráite ag an gCoiste um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú, atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme CIBD, go neartaítear agus go gcomhlánaítear leis an gCoinbhinsiún seo an córas cosanta dlí idirnáisiúnta is infheidhme maidir le mná agus cailíní, lena n‑áirítear sa chreat maidir le dídeanaithe.

48      Den pháirt eile, maidir le Coinbhinsiún Iostanbúl atá de cheangal ar an Aontas ón 1 Deireadh Fómhair 2023 ar aghaidh, is tábhachtach a chur in iúl go leagtar síos leis an gcoinbhinsiún sin oibleagáidí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 78(2) CFAE, lena gcuirtear i gcumas do reachtas an Aontais bearta a ghlacadh a bhaineann le comhchóras Eorpach tearmainn, amhail Treoir 2011/95 [féach, chuige sin, Tuairim 1/19 (Coinbhinsiún Iostanbúl) an 6 Deireadh Fómhair 2021, EU:C:2021:832, míreanna 294, 302 agus 303]. Dá bhrí sin, tá an coinbhinsiún sin, a mhéid a bhaineann sé le tearmann agus nonrefoulement, ar cheann de na conarthaí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 78(1) CFAE.

49      Sna himthosca sin, ní mór léiriú a dhéanamh ar fhorálacha na Treorach sin, go háirithe Airteagal 10(1)(d) di, i gcomhréir le Coinbhinsiún Iostanbúl, cé nár dhaingnigh Ballstáit áirithe é, lena n‑áirítear Poblacht na Bulgáire.

50      I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, de pháirt, go bhforáiltear le hAirteagal 60(1) de Choinbhinsiún Iostanbúl nach mór foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban a aithint mar chineál géarleanúna de réir bhrí Airteagal 1(A)(2) de Choinbhinsiún na Ginéive. Den pháirt eile, ceanglaítear le hAirteagal 60(2) de Choinbhinsiún Iostanbúl ar na páirtithe a áirithiú go gcuirfear léiriú atá íogair ó thaobh inscne de i bhfeidhm maidir le fáthanna Choinbhinsiúin Iostanbúl agus stádas dídeanaí a dheonú d’iarratasóirí i gcás ina suíomhtar go bhfuil ceann nó níos mó de na fáthanna sin ina n‑ábhar eagla roimh ghéarleanúint i gcomhréir leis na hionstraimí ábhartha is infheidhme.

51      Sa dara háit, maidir leis an gcéad choinníoll chun ‘grúpa sóisialta sonrach’ a shainaithint, dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95 agus a thugtar chun cuimhne i mír 40 den bhreithiúnas seo, eadhon ceann ar a laghad de na trí chomhghné aitheanta dá dtagraítear san fhoráil sin a bheith go comhchoiteann acu, ní mór a thabhairt faoi deara gur saintréith dhúchasach í an bhanúlacht dá bhrí gur leor í chun an coinníoll sin a chomhlíonadh.

52      Ní chuirtear cosc leis sin ar bhaint le ‘grúpa sóisialta áirithe’, de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95, a bheith ag mná a bhfuil comhthréith sa bhreis acu amhail, mar shampla, saintréith dhúchasach eile, nó, cúlra coiteann atá do-athraithe fiú, amhail staid teaghlaigh áirithe, nó saintréith nó creideamh atá a riachtanaí don fhéiniúlacht nó don choinsias nár cheart a cheangal ar na mná sin an ghné sin a thréigean.

53      I bhfianaise na faisnéise san ordú tarchuir, ní mór a thabhairt faoi deara, go háirithe, gur féidir a mheas gur ‘cúlra coiteann atá do-athraithe’ de réir bhrí na forála sin é gur éalaigh mná as pósadh éigeantais nó, i gcás mná pósta, gur fhág siad a dtithe.

54      Sa tríú háit, maidir leis an dara coinníoll aitheanta i dtaobh ‘grúpa sóisialta áirithe’, a bhaineann le ‘féiniúlacht ar leithligh’ an ghrúpa sa tír thionscnaimh, ní mór a lua go bhféadfadh a mhalairt de dhearcadh a bheith ar mhná sa tsochaí mhórthimpeall agus go bhféadfaí a aithint go bhfuil féiniúlacht ar leithligh acu sa tsochaí in, mar gheall ar ghnáthghnásanna sóisialta, morálta nó dlíthiúla ina dtír thionscnaimh.

55      Bíonn an dara coinníoll aitheanta á chomhlíonadh chomh maith ag mná a bhfuil comhthréith sa bhreis acu, amhail ceann acu dá dtagraítear i míreanna 50 agus 51 den bhreithiúnas seo, i gcás ina bhfuil sé de thoradh ar ghnáthghnásanna sóisialta, morálta agus dlíthiúla ina dtír thionscnaimh go bhfuil a mhalairt de dhearcadh ar na mná sin sa tsochaí mhórthimpeall, mar gheall ar an gcomhthréith sin.

56      Sa chomhthéacs sin, ní mór a shoiléiriú gur faoin mBallstát lena mbaineann atá sé a chinneadh cén tsochaí mhórthimpeall atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh an ann nó nach ann don ghrúpa sóisialta sin. D’fhéadfadh sé gurb í atá sa tsochaí sin ná tríú tír thionscnaimh an iarrthóra ar chosaint idirnáisiúnta ina hiomláine nó d’fheadfadh sí a bheith teoranta, mar shampla, do chuid den chríoch nó de phobal an tríú tír sin.

57      Sa cheathrú háit, a mhéid a fhiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur den Chúirt an bhfuil nó nach bhfuil na gníomhartha amhail iad siúd dá dtagraítear in aithris 30 de Threoir 2011/95 inchurtha san áireamh, le socrú céard is féiniúlacht ar leithligh ‘grúpa shóisialta’ de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) den Treoir sin, ní mór a shoiléiriú go bhfuil sé le cinneadh go mbaintear le grúpa sóisialta áirithe gan beann ar na gníomhartha géarleanúna, de réir bhrí Airteagal 9 den Treoir sin, ar géarleanúint í a d’fhéadfadh na daoine sa ghrúpa sin a bheith ina n‑íospartaigh de sa tír thionscnaimh.

58      Bíodh sin mar atá, d’fhéadfadh sé go mbaineann sé le hábhar go ndéantar idirdhealú nó géarleanúint a dhéantar do dhaoine a bhfuil comhthréith acu i gcás, ar mhaithe le fíorú an bhfuil nó nach bhfuil an dara coinníoll aitheanta grúpa shóisialta dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95 á chomhlíonadh, ní mór measúnú a dhéanamh an bhfuil nó nach bhfuil cuma an leithleachais ar an ngrúpa i gceist i bhfianaise ghnásanna sóisialta, morálta nó dlíthiúla na tíre tionscnaimh i gceist. Tacaítear leis an léiriú sin le mír 14 de Threoirlínte HCR maidir leis an gCosaint Idirnáisiúnta Uimh. 2, a bhaineann le ‘baint le grúpa sóisialta áirithe’ i gcomhthéacs Airteagal 1(A)(2) de Choinbhinsiún na Ginéive.

59      Thairis sin, is féidir a mheas go bhfuil mná, ina n‑iomláine, ina ‘n-grúpa sóisialta áirithe’, de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95, i gcás ina suitear, ina dtír thionscnaimh, go bhfuil siad, mar gheall ar a ngnéas, gan cosaint ar fhoréigean fisiceach nó meabhrach, lena n‑áirítear foréigean gnéasach agus foréigean baile.

60      Mar a thugann an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, i bpointe 79 dá Thuairim, mná a dhiúltaíonn do phósadh éigeantais, i gcás ina bhfuil a leithéid de chleachtas inmheasta mar ghnás sóisialta ina sochaí, nó a sháraíonn a leithéid de ghnás trí dheireadh a chur leis an bpósadh sin, is féidir a mheas go mbaineann siad le grúpa sóisialta a bhfuil a bhféiniúlacht féin acu ina dtír thionscnaimh, i gcás, mar thoradh ar an iompar sin, ina ndéantar iad a stiogmatú agus ina bhfágtar iad gan cosaint ar cháineadh na sochaí mórthimpeall, dá bhrí go n‑eisiatar iad go sóisialta nó go ndéantar gníomhartha foréigin dóibh.

61      Sa chúigiú háit, chun measúnú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta bunaithe ar bhaint le grúpa sóisialta áirithe, is faoin mBallstát lena mbaineann atá sé a fhíorú an bhfuil nó nach bhfuil ‘eagla agus bunús maith léi’ ag an duine atá ag brath ar an bhfáth sin le géarleanúint sin, ina thír thionscnaimh, mar gheall ar an mbaint sin, de réir bhrí Airteagal 2(d) de Threoir 2011/95.

62      I ndáil leis sin, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Treoir sin, is gá gurb aonair an measúnú ar bhunús maith a bheith nó gan bheith le heagla an iarrthóra roimh ghéarleanúint agus go ndéantar é de réir an cháis go hairdealleach críonna, ar bhonn measúnú nithiúil ar na fíorais agus na himthosca agus ar a mbonn amháin, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach ní amháin i mír 3, ach i mír 4 den Airteagal sin chomh maith, ar mhaithe le fionnadh an bhfuil na fíorais agus na himthosca arna suíomh ina mbagairt a d’fhéadfadh a bheith ina húdar eagla ag an duine lena mbaineann, i bhfianaise a cháis aonair, go ndéanfaí gníomhartha géarleanúna go hiarbhír air i gcás a fhillte ar a thír thionscnaimh [féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Meán Fómhair 2023, Staatssecretaris van Veiligheid en Justitie (Tuairimí polaitiúla sa Bhallstát óstach), C‑151/22, EU:C:2023:688, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear].

63      Chuige sin, mar a luaitear i mír 36(x) de Threoirlínte HCR maidir leis an gCosaint Idirnáisiúnta Uimh. 1, ní mór faisnéis a bhailiú maidir leis an tír thionscnaimh atá ábhartha don scrúdú ar iarratais arna ndéanamh ag mná ar stádas dídeanaí, amhail cás na mban faoin dlí, a gcearta polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta, gnásanna cultúrtha agus sóisialta na tíre agus na hiarmhairtí i gcás nach ndéantar dá réir, minicíocht na gcleachtas traidisiúnta díobhálach, an tionchar a imrítear le foréigin a thuairiscítear in aghaidh na mban agus foirmeacha an fhoréigin sin, an chosaint a chuirtear ar fáil dóibh, na pionóis á dtabhú acu siúd a dhéanann a leithéid d’fhoréigean, chomh maith leis na rioscaí á dtabhú ag bean i gcás a fillte ar a tír thionscnaimh i ndiaidh di a leithéid d’iarratas a dhéanamh.

64      I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, is é an freagra atá le tabhairt ar na trí chéad cheist ná nach mór léiriú a dhéanamh ar Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95 amhail, de réir na ngnáthchúinsí sa tír thionscnaimh, go bhfuil baint le ‘grúpa sóisialta áirithe’ ag mná na tíre sin ar an iomlán agus grúpaí ban níos lú a bhfuil comhthréith sa bhreis acu, ar baint í atá ina ‘fáth le géarleanúint’ a bhfuil stádas dídeanaí inaitheanta dá bharr.

 An ceathrú ceist

65      Lena ceathrú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá léiriú a dhéanamh ar Airteagal 9(3) de Threoir 2011/95 amhail, i gcás ina líomhnaíonn iarratasóir go bhfuil eagla a ghéarleanúna air, ina thír thionscnaimh, ag gníomhaithe neamhstáit, go gceanglaítear leis nach mór nasc a bhunú, i ngach cás, idir na gníomhartha géarleanúna agus ceann acu ar a laghad de na fáthanna le géarleanúint dá dtagraítear in Airteagal 10(1) den Treoir sin.

66      Ní mór a shoiléiriú ar dtús, de réir Airteagal 6(c) de Threoir 2011/95, chun gníomhaithe neamhstáit a aicmiú mar ‘ghníomhaithe géarleanúna nó díobhála tromchúisí’, go bhfuil sé le taispeáint nach féidir nó nach mian leis na gníomhaithe cosanta dá dtagraítear in Airteagal 7 den Treoir sin, lena n‑áirítear go háirithe an Stát, cosaint a thabhairt ar na ngníomhartha sin. Mar a chuireann an tAbhcóide Ginearálta i dtreis i bpointe 87 dá Thuairim, is é a thagann as Airteagal 7(1) ná nach mór na gníomhaithe géarleanúna a bheith ní hamháin d’acmhainn, ach de thoil an t‑iarratasóir lena mbaineann a chosaint ar an ngéarleanúint nó ar an díobháil thromchúiseach a bhfuil siad gan cosaint uirthi.

67      Ní mór don chosaint sin, i gcomhréir le hAirteagal 7(2), a bheith éifeachtach agus neamh-shealadach. Is amhlaidh atá go ginearálta i gcás ina ndéanann na gníomhaithe cosanta, dá dtagraítear in Airteagal 7(1), bearta réasúnacha chun an ghéarleanúint nó an díobháil thromchúiseach sin a chosc, go háirithe i gcás ina bhfuil córas breithiúnach éifeachtach acu, ar córas é a bhfuil rochtain ag an iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta air, rud a fhágann gur féidir a leithéid de ghníomhartha a bhrath, a ionchúiseamh agus a phionósú.

68      De réir Airteagal 9(3) de Threoir 2011/95, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6(c) agus Airteagal 7(1) di agus i bhfianaise aithris 29 den Treoir sin, glactar leis go bhfuil nasc le suí idir na cúiseanna leis an ngéarleanúint dá dtagraítear in Airteagal 10(1) den Treoir chéanna agus na gníomhartha géarleanúna, de réir bhrí Airteagal 9(1) agus (2) di, nó idir na fáthanna sin le géarleanúint agus easpa cosanta, ag ‘gníomhaithe cosanta’, i gcoinne gníomhartha géarleanúna arna ndéanamh ag ‘gníomhaithe neamhstáit’.

69      Mar sin, i gcás ina ndéanann gníomhaí neamhstáit gníomh géarleanúna, comhlíontar an coinníoll atá leagtha síos in Airteagal 9(3) de Threoir 2011/95 i gcás inarb é is bun leis an ngníomh sin ná ceann de na fáthanna le géarleanúint dá dtagraítear in Airteagal 10(1) den Treoir sin, fiú mura bhfuil an easpa cosanta bunaithe ar na fáthanna sin. Ní mór a mheas chomh maith go gcomhlíontar an coinníoll sin i gcás inarb é is bun leis an easpa cosanta ná ceann de na fáthanna le géarleanúint dá dtagraítear san fhoráil sin, cé nach bhfuil na fáthanna sin ina mbun leis an ngníomh géarleanúna arna dhéanamh ag gníomhaí nach gníomhaí Stáit é.

70      Comhlíonadh cuspóirí Threoir 2011/95 leis an léiriú sin, a leagtar amach in aithrisí 10 agus 12 de, maidir le hardleibhéal cosanta a áirithiú do dhídeanaithe agus maidir le gach duine a shainaithint a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu i ndáiríre.

71      Tacaítear le mír 21 de Threoirlínte HCR maidir leis an gCosaint Idirnáisiúnta Uimh. 1 lena leithéid de léiriú, ar dá réir, ‘[i] gcás ina bhfuil baol géarleanúna ag gníomhaí neamhstáit é (mar shampla, fear céile, comhpháirtí nó gníomhaí neamhstáit eile) ar chúiseanna a bhaineann le ceann de na fáthanna dá bhforáiltear i [gCoinbhinsiún na Ginéive], bíodh nó ná bíodh an easpa cosanta an Stáit nasctha le [Coinbhinsiún na Ginéive]. Thairis sin, i gcás nach bhfuil an baol géarleanúna ag gníomhaí neamhstáit nasctha le fáth dá dtagraítear i [gCoinbhinsiún na Ginéive], ach inarb é is bun leis an Stát gan bheith d’acmhainn nó de thoil cosaint a thabhairt ná ceann de na fáthanna dá dtagraítear le [Coinbhinsiún na Ginéive], tá an nasc cúisíoch suite chomh maith’.

72      I bhfianaise an mhéid thuas, is é an freagra atá le tabhairt ar an gceathrú ceist ná nach gá léiriú a dhéanamh ar Airteagal 9(3) de Threoir 2011/95 amhail, i gcás ina líomhnaíonn iarratasóir go bhfuil eagla a ghéarleanúna air ina thír thionscnaimh ag gníomhaithe neamhstáit, is gá nasc a shuíomh idir ceann acu de na fáthanna le géarleanúint dá dtagraítear in Airteagal 10(1) den Treoir sin agus na gníomhartha géarleanúna, i gcás ina bhfuil a leithéid de nasc insuite idir ceann acu de na fáthanna le géarleanúint sin agus an easpa cosanta ar na gníomhartha sin ag gníomhaithe na cosanta, dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Treoir sin.

 An cúigiú ceist

73      Lena cúigiú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá nó nach gá léiriú a dhéanamh ar Airteagal 15(a) agus (b) de Threoir 2011/95 amhail go gclúdaíonn an coincheap ‘díobháil thromchúiseach’ an fhíorbhagairt ar an iarratasóir, go marófaí í nó go ndéanfadh ball dá teaghlach nó dá pobal gníomhartha foréigin di, mar gheall ar shárú líomhainte ar ghnásanna cultúrtha, reiligiúnacha nó traidisiúnta, agus go bhféadfadh an coincheap seo, dá bhrí sin, mar chúinse le stádas cosanta coimhdí a aithint, de réir bhrí Airteagal 2(g) den Treoir sin.

74      Mar réamhphointe, ní mór a lua nach bhfuil an cheist sin ábhartha, chun críocha na díospóide sna príomhimeachtaí, ach amháin i gcás ina dtagann an chúirt a rinne an tarchur ar an gconclúid nach bhfuil na coinníollacha le haghaidh dheonú an stádais dídeanaí á gcomhlíonadh ag WS. Go deimhin, ós rud é, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2011/95, go gceanglaítear ar na Ballstáit stádas a dheonú d’iarratasóir a bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh aige a leagtar síos leis an Treoir sin, gan aon chumhacht lánroghnach a bheith acu ina leith sin [féach, chuige sin, breithiúnais an 24 Meitheamh 2015, T., C‑373/13, EU:C:2015:413, mír 63, agus an 14 Bealtaine 2019, M agus páirtithe eile (Stádas dídeanaí a chúlghairm), C‑391/16, C‑77/17 agus C‑78/17, EU:C:2019:403, mír 89], níl ach sa chás sin nach mór a fhíorú an gá nó nach gá stádas cosanta coimhdí a thabhairt do WS.

75      Foráiltear le hAirteagal 2(f) de Threoir 2011/95 dó gur féidir le duine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach nach bhfuil inmheasta mar dhídeanaí, ach go bhfuil forais thromchúiseacha chruthaithe ann a chreidiúint go rachadh sí, i gcás ina gcuirfí an t‑iarratasóir sin ar ais chun a tíre tionscnaimh, i mbaol dáiríre díobháil thromchúiseach a fhulaingt, rud a shainmhínítear in Airteagal 15 den Treoir sin agus nach féidir leis an duine sin, nó i bhfianaise an bhaoil sin, nach bhfuil sí toilteanach, brath ar chosaint na tíre sin.

76      In Airteagal 15(a) agus (b) de Threoir 2011/95, arna léamh i bhfianaise aithris 34 de, aicmítear ‘pionós an bháis nó bású’ agus ‘céastóireacht nó íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach i leith iarratasóra ina thír thionscnaimh’ mar ‘dhíobháil thromchúiseach’.

77      Déantar tagairt le hAirteagal 15(a) do dhíobháil a bhfuil bás an íospartaigh mar thoradh air, fad a dhéantar tagairt le hAirteagal 15(b) den Treoir sin do ghníomhartha céastóireachta, bíodh nó ná bíodh bás an íospartaigh mar thoradh ar na gníomhartha sin. Os a choinne sin, ní dhéantar aon dealú leis na forálacha sin idir díobháil a dhéanann údaráis stáit agus díobháil a dhéanann gníomhaí neamhstáit.

78      Ina theannta sin, i bhfianaise chuspóir Airteagal 15(a) de Threoir 2011/95 maidir le cosaint a áirithiú do dhaoine a mbeadh a gceart chun na beatha faoi bhagairt i gcás a bhfillte ar a dtír thionscnaimh, ní féidir léiriú a dhéanamh ar an téarma ‘forghníomhú’ san fhoráil sin amhail go n‑eisiatar díobháil don bheatha ar an aon fhoras amháin gur gníomhaithe neamhstáit a dhéanann iad. Mar sin, i gcás ina bhfuil fíorbhaol ann go maróidh duine dá teaghlach nó dá pobal bean ar fhoras gur sháraigh sí gnásanna cultúrtha, reiligiúnacha nó traidisiúnta mar a líomhnaítear, ní mór a leithéid de dhíobháil thromchúiseach a aicmiú mar ‘fhorghníomhú’ de réir bhrí na forála sin.

79      Os a choinne sin, i gcás nach dócha go mbeidh a bás mar thoradh ar na gníomhartha foréigin a bhfuil bean i mbaol go ndéanfaí di toisc gur sháraigh sí gnásanna cultúrtha, reiligiúnacha nó traidisiúnta mar a líomhnaítear, ní mór na gníomhartha sin a aicmiú mar chéastóireacht nó íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach de réir bhrí Airteagal 15(b) de Threoir 2011/95.

80      Thairis sin, maidir le stádas cosanta coimhdí a aithint de réir bhrí Airteagal 2(g) de Threoir 2011/95, le hAirteagal 18 den Treoir sin ceanglaítear ar na Ballstáit, tar éis dóibh measúnú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint choimhdeach i gcomhréir le forálacha Chaibidil II den Treoir sin, a aithint go bhfuil an stádas sin ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil V den Treoir sin.

81      Ós rud é gurb ionann na rialacha i gCaibidil II, atá infheidhme maidir le measúnú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint choimhdeach, agus na rialacha maidir le measúnú ar iarratas ar aitheantas ar stádas dídeanaí, ní mór tagairt a dhéanamh don léiriú ar na rialacha sin, arna nglacadh i míreanna 60 agus 61 den bhreithiúnas seo.

82      I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, is é an freagra ar an gcúigiú ceist ná nach mór léiriú a dhéanamh ar Airteagal 15(a) agus (b) de Threoir 2011/95 amhail go gclúdaíonn an coincheap ‘díobháil thromchúiseach’ an fhíorbhagairt ar an iarratasóir, go marófaí í nó go ndéanfadh ball dá teaghlach nó dá pobal gníomhartha foréigin di, mar gheall ar shárú líomhainte ar ghnásanna cultúrtha, reiligiúnacha nó traidisiúnta, rud a fhágann go bhfuil stádas cosanta coimhdí inaitheanta, de réir bhrí Airteagal 2(g) den Treoir sin.

 Costais

83      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Maidir le hAirteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca leis na coinníollacha atá le comhlíonadh ag na náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát chun cosaint idirnáisiúnta a fháil, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca le hábhar na cosanta sin,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

de réir na ngnáthchúinsí sa tír thionscnaimh, tá baint le ‘grúpa sóisialta áirithe’ ag mná na tíre sin ar an iomlán agus grúpaí ban níos lú a bhfuil comhthréith sa bhreis acu, ar baint í atá ina ‘fáth le géarleanúint’ a bhfuil stádas dídeanaí inaitheanta dá bharr.

2.      Maidir le hAirteagal 9(3) de Threoir 2011/95

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina líomhnaíonn iarratasóir go bhfuil eagla a ghéarleanúna air, ina thír thionscnaimh, ag gníomhaithe neamhstáit, is gá nasc a shuíomh idir ceann acu de na fáthanna le géarleanúint dá dtagraítear in Airteagal 10(1) den Treoir sin agus na gníomhartha géarleanúna, i gcás ina bhfuil a leithéid de nasc insuite idir ceann acu de na fáthanna le géarleanúint sin agus an easpa cosanta ar na gníomhartha sin ag gníomhaithe neamhstáit, dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Treoir sin.

3.      Maidir le hAirteagal 15(1)(a) agus (b) de Threoir 2011/95

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

go gclúdaíonn an coincheap ‘díobháil thromchúiseach’ an fhíorbhagairt ar an iarratasóir, go marófaí í nó go ndéanfadh ball dá teaghlach nó dá pobal gníomhartha foréigin di, mar gheall ar shárú líomhainte ar ghnásanna cultúrtha, reiligiúnacha nó traidisiúnta, agus go bhféadfadh an coincheap seo, dá bhrí sin, mar chúinse le stádas cosanta coimhdí a aithint, de réir bhrí Airteagal 2(g) den Treoir sin.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Bhulgáiris.