Language of document : ECLI:EU:C:2024:46

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

16 Eanáir 2024 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil – Airteagal 16 CFAE – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 2(2)(a) – Raon feidhme – Eisiamh – Gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais – Airteagal 4(2) CAE – Gníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta – Coiste fiosrúcháin de Pharlaimint Bhallstáit – Airteagal 23(1)(a) agus (h), Airteagail 51 agus 55 de Rialachán (AE) 2016/679 – Inniúlacht an údaráis maoirseachta um chosaint sonraí – Airteagal 77 – An ceart chun gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta – Éifeacht dhíreach)

I gCás C‑33/22,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Verwaltungsgerichtshof (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, an Ostair), trí bhreith an 14 Nollaig 2021, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 14 Eanáir 2022, sna himeachtaí idir

Österreichische Datenschutzbehörde

v

WK,

idiragraí:

Präsident des Nationalrates,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan agus N. Piçarra, Uachtaráin Dlísheomraí, M. Ilešič P. G. Xuereb, L. S. Rossi (Rapóirtéir), I. Jarukaitis, A. Kumin, N. Jääskinen, N. Wahl, I. Ziemele agus J. Passer, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Szpunar,

Cláraitheoir: D. Dittert, Ceann Aonaid,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 6 Márta 2023,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        Österreichische Datenschutzbehörde, ag A. Jelinek agus M. Schmidl, i gcáil Gníomhairí,

–        WK, ag M. Sommer, Rechtsanwalt,

–        Präsident des Nationalrates, ag C. Neugebauer agus R. Posnik, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hOstaire, ag A. Posch, J. Schmoll, S. Dörnhöfer agus C. Leeb, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Seice, ag O. Serdula, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag A. Bouchagiar, M. Heller agus H. Kranenborg, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 11 Bealtaine 2023,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú na chéad abairte d’Airteagal 16(2) CFAE agus Airteagal 2(2)(a), Airteagal 51(1), Airteagal 55(1) agus Airteagal 77(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1, ‘RGCS’).

2        Rinneadh an iarraidh in imeachtaí idir Österreichische Datenschutzbehörde (Údarás um Chosaint Sonraí, an Ostair) (‘Datenschutzbehörde’) agus WK maidir le diúltú don ghearán arna thaisceadh ag WK i gcoinne sárú líomhnaithe ar a cheart chun a shonraí pearsanta a chosaint.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais

3        Luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 16, 20 agus 117 de RGCS:

‘(16)      Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le saincheisteanna i ndáil le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha a chosaint ná ar shaorshreabhadh sonraí pearsanta a bhaineann le gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, amhail gníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an bpróiseáil a dhéanann na Ballstáit ar shonraí pearsanta agus iad i mbun gníomhaíochtaí a bhaineann le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais.

[...]

(20)      Cé go bhfuil feidhm ag an Rialachán seo, inter alia, maidir le gníomhaíochtaí cúirteanna agus údarás breithiúnach eile, d’fhéadfaí, le dlí an Aontais Eorpaigh nó le dlí Ballstáit, na hoibríochtaí próiseála agus na nósanna imeachta próiseála a shonrú i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag cúirteanna agus ag údaráis bhreithiúnacha eile. Níor cheart, le hinniúlacht na n‑údarás maoirseachta, an phróiseáil ar shonraí pearsanta a chumhdach nuair a bhíonn na cúirteanna ag gníomhú faoina gcumas breithiúnach féin, d’fhonn neamhspleáchas na mbreithiúna a choimirciú i gcomhlíonadh a gcúraimí breithiúnacha, lena n‑áirítear le linn dóibh a gcuid cinntí a dhéanamh. Ba cheart é a bheith indéanta maoirseacht ar oibríochtaí próiseála sonraí den sórt sin a chur de chúram ar chomhlachtaí sonracha laistigh de chóras breithiúnach an Bhallstáit, córas lenar cheart, go háirithe, comhlíonadh rialacha an Rialacháin seo a áirithiú, feasacht chomhaltaí na mbreithiúnachta maidir lena n‑oibleagáidí faoin Rialachán seo a fheabhsú agus gearáin maidir le hoibríochtaí próiseála sonraí den sórt sin a láimhseáil.

[...]

(117)      Cuid fhíor-riachtanach de chosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta is ea údaráis mhaoirseachta a bhunú sna Ballstáit, ar údaráis iad a bhfuil an chumhacht acu a gcúraimí agus a gcumhachtaí a chomhlíonadh ar shlí atá go hiomlán neamhspleách. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann níos mó ná údarás maoirseachta amháin a bhunú, d’fhonn struchtúr bunreachtúil, eagraíochtúil agus riaracháin an Bhallstáit a léiriú.’

4        Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 2 de RGCS, dar teideal ‘Raon feidhme ábhartha’:

‘1.      Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le sonraí pearsanta, ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, a phróiseáil trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe.

2.      Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna cásanna seo a leanas:

(a)      má dhéantar an phróiseáil mar chuid de ghníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais;

(b)      má dhéanann na Ballstáit an phróiseáil agus iad i mbun gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 2 de Theideal V CAE;

[...]

(d)      má dhéanann údaráis inniúla an phróiseáil ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin.

3.      Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, ag comhlachtaí, ag oifigí agus ag gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 2001 L 8, lch. 1),]. Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais atá infheidhme maidir leis an bpróiseáil sin, déanfar iad a chur in oiriúint do phrionsabail agus do rialacha an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 98.

[...]’

5        Is mar seo a leanas a léifear Airteagal 4 de RGCS, dar teideal ‘Sainmhínithe’:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

(7) ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t‑údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

[...]’

6        Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 23(1) de RGCS, dar teideal ‘Srianta’:

‘Féadfar le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, a bhfuil an rialaitheoir sonraí nó an próiseálaí faoina réir, trí bheart reachtach, srian a chur le raon feidhme na n‑oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagail 12 go 22 agus in Airteagal 34, agus in Airteagal 5 a mhéid a chomhfhreagraíonn a forálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 12 go hAirteagal 22, nuair a urramaíonn an srian sin éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus nuair is beart riachtanach agus comhréireach é, i sochaí dhaonlathach, chun an méid seo a leanas a choimirciú:

(a)      an tslándáil náisiúnta;

(b)      an chosaint;

(c)      an tslándáil phoiblí;

(d)      cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin;

(e)      cuspóirí tábhachtacha eile a bhaineann le leas ginearálta phobal an Aontais nó Ballstáit, go háirithe leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit, lena n‑áirítear ábhair airgeadaíochta, bhuiséadacha agus chánachais, sláinte phoiblí agus slándáil shóisialta;

(f)      neamhspleáchas na mbreithiúna agus imeachtaí breithiúnacha a chosaint;

[...]

(h)      feidhm faireacháin, imscrúdúcháin nó rialála a bhfuil baint aici, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) agus i bpointe (g);

(i)      an t‑ábhar sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint;

[...]’

7        Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 51(1) de RGCS, dar teideal ‘An t‑údarás maoirseachta’:

‘Déanfaidh gach Ballstát foráil go mbeidh údarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta a éascú san Aontas (‘údarás maoirseachta’)’.

8        Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 54 de RGCS dar teideal ‘Rialacha maidir leis an údarás maoirseachta a bhunú’:

‘Forálfaidh gach Ballstát le dlí do gach ceann den mhéid seo a leanas:

(a)       bunú gach údaráis mhaoirseachta;

[...]’

9        Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 55 de RGCS, dar teideal ‘Inniúlacht’:

‘1.      Beidh gach údarás maoirseachta inniúil chun na cúraimí a sannadh dó a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a tugadh dó a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo ar chríoch a Bhallstáit féin.

2.      I gcás inarb iad údaráis phoiblí nó comhlachtaí príobháideacha a bheidh ag gníomhú ar bhonn phointe (c) nó phointe (e) d’Airteagal 6(1) a dhéanfaidh an phróiseáil, is é údarás maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann a bheidh inniúil. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 56.

3.      Ní bheidh údaráis mhaoirseachta inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála cúirteanna atá ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach.’

10      Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 77 de RGCS, dar teideal ‘An ceart chun gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta’:

‘1.      Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh sé de cheart ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi, ina (h)áit oibre nó áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann an t‑ábhar sonraí go sáraíonn an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi an Rialachán seo.

2.      Cuirfidh an t‑údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis an gearánach ar an eolas maidir le dul chun cinn agus toradh an ghearáin, lena n‑áirítear an fhéidearthacht leigheas breithiúnach a fháil de bhun Airteagal 78.’

 Dlí na hOstaire

11      Foráiltear le hAirteagal 53 den Bundes-Verfassungsgesetz (Dlí Bunreachtúil Cónaidhme), arna athfhoilsiú an 2 Eanáir 1930 (BGBl. 1/1930), sa leagan is infheidhme maidir le fíorais na bpríomhimeachtaí (‘B-VG’), an méid seo a leanas:

‘(1) Féadfaidh an Nationalrat [(Tionóil Náisiúnta, an Ostair)] coistí fiosrúcháin a chur ar bun. Ina theannta sin, ní mór coiste fiosrúcháin a chur ar bun ar éileamh ón gceathrú cuid dá chomhaltaí.

(2)      Is é ábhar an imscrúdaithe ná gníomhaíocht áirithe críochnaithe a thagann faoi shainchúram an fheidhmeannais ar an leibhéal cónaidhme. Áirítear leis sin gníomhaíochtaí uile chomhlachtaí feidhmiúcháin nó oifigigh na Cónaidhme trína bhfeidhmíonn an Chónaidhm cearta a bhaineann le leas eacnamaíoch agus cearta maoirseachta a shealbhú beag beann ar chion a leasa. Eisiatar athbhreithniú ar an gcásdlí.

(3)      Cuirfidh gach comhlacht feidhmiúcháin nó oifigigh na Cónaidhme, an Länder (na cúigí), na mbardas agus na gcomhlachas bardasach agus na gcomhlachtaí féinriartha eile faoi bhráid coiste fiosrúcháin, arna iarraidh sin air, a gcomhaid agus a ndoiciméid a mhéid a bhaineann siad le hábhar an fhiosrúcháin agus comhlíonfaidh siad iarraidh coiste fiosrúcháin fianaise a ghlacadh i ndáil le hábhar an fhiosrúcháin. Níl feidhm ag an oibleagáid sin maidir le comhaid agus doiciméid a chur isteach a gcuirfeadh a nochtadh foinsí i mbaol chun críocha Airteagal 52a(2).

(4)      Níl feidhm ag an oibleagáid atá leagtha síos i mír 3 sa mhéid go ndéanann sí difear do phróiseas dlíthiúil Rialtas na Cónaidhme nó a chomhaltaí aonair toil pholaitiúil a fhoirmiú nó d’ullmhú láithreach na huachta sin.

[…]’

12      Déanann B-VG foráil maidir le cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha a scaradh. Tá gá le bonn bunreachtúil má sháraítear an prionsabal sin maidir le deighilt na gcumhachtaí.

13      Foráiltear an méid seo a leanas in Alt 1(1) den Datenschutzgesetz (Dlí maidir le sonraí pearsanta a chosaint) an 17 Lúnasa 1999 (BGBl. I, 165/1999), sa leagan is infheidhme maidir le fíorais na bpríomhimeachtaí, (‘DSG’);

‘Tá an ceart ag gach duine, go háirithe maidir le hurraim dá shaol príobháideach agus teaghlaigh, chun rúndachta sonraí pearsanta a bhaineann leis, sa mhéid gur leas é ar fiú a chosaint. Cuirtear an leas sin as an áireamh i gcás nach n‑eascraíonn ceart chun rúndachta toisc go bhfuil siad ar fáil go ginearálta nó nach féidir iad a rianú siar chuig an duine lena mbaineann.’

14      De bhun Alt 18(1) de DSG:

‘Bunaítear an Datenschutzbehörde mar údarás maoirseachta náisiúnta de bhun Airteagal 51 de RGCS.’

15      Is é seo a leanas atá in Alt 24(1) de DSG:

‘Tá sé de cheart ag gach ábhar sonraí gearán a dhéanamh leis an Datenschutzbehörde má tá an t‑ábhar sonraí den tuairim go sáraítear RGCS nó Alt 1 nó Airteagal 2 den Chéad Chaibidil, le próiseáil na sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí.’

16      Foráiltear an méid seo a leanas in Alt 35 de DSG:

‘(1)      Cosnófar cosaint sonraí leis an Datenschutzbehörde i gcomhréir le forálacha mionsonraithe RGCS agus an dlí cónaidhme seo.

(2)      Feidhmeoidh an Datenschutzbehörde a chumhachtaí freisin i leith chomhlachtaí uachtaracha an fheidhmeannais dá dtagraítear in Airteagal 19 de B-VG agus i leith na gcomhlachtaí uachtaracha i gcomhréir le hAirteagal 30(3) go (6), Airteagal 125, Airteagal 134(8) agus Airteagal 148h(1) agus (2) de B-VG a mhéid a bhaineann le hábhair riaracháin a thagann faoina réim inniúlachta.’

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

17      Le cinneadh an 20 Aibreán 2018, chuir an Tionól Náisiúnta, de bhun Airteagal 53 de B-VG, coiste fiosrúcháin ar bun chun a shoiléiriú an raibh aon tionchar polaitiúil ar an Bundesamt für Verfassungschutz und Terrorismusbekämpfung (an Oifig Cónaidhme um Chosaint an Bhunreachta agus um Fhrithsceimhlitheoireacht, an Ostair) (‘BVT’), ar tháinig Direktion Staatsschutz und Nachrichtendienst (an Stiúrthóireacht um Shlándáil an Stáit agus um Sheirbhísí Faisnéise, an Ostair) ina dhiaidh an 1 Nollaig 2021.

18      An 19 Meán Fómhair 2018, d’éist an coiste fiosrúcháin sin (‘Coiste Fiosrúcháin BVT’) WK mar fhinné ag éisteacht a raibh rochtain ag ionadaithe na meán uirthi. D’ainneoin iarraidh WK ar anaithnidiú, foilsíodh miontuairiscí na héisteachta sin, inar luadh a shloinne iomlán agus a thúsainmneacha iomlána, ar shuíomh gréasáin Parlament Österreich (Parlaimint na hOstaire).

19      An 2 Aibreán 2019, chuir WK gearán isteach leis an Datenschutzbehörde inar mhaígh sé go raibh foilsiú mhiontuairiscí na héisteachta sin, in aghaidh a mhianta, mar aon le tagairt dá chéannacht, contrártha d’fhorálacha RGCS agus d’Alt 1 de DSG. Mar thaca lena ghearán, dúirt sé go raibh sé ag obair mar imscrúdaitheoir faoi cheilt i ngrúpa idirghabhála na bpóilíní atá freagrach as coireacht sráide a chomhrac.

20      Le cinneadh an 18 Meán Fómhair 2019, dhiúltaigh an Datenschutzbehörde don ghearán sin. Cé nár chuir RGCS bac, i bprionsabal, ar údaráis mhaoirseachta faireacháin a dhéanamh ar chomhlachtaí reachtacha, fuarthas amach go raibh cosc air mar sin féin, i gcomhréir le prionsabal dheighilt na gcumhachtaí, go mbeadh an chumhacht reachtach faoi réir grinnscrúdú ag an bhfeidhmeannas. Dá réir sin, sna himthosca sin, agus a mhéid a bhí Coiste Fiosrúcháin BVT ina chuid den chumhacht reachtach, níl sé de chumhacht ag an Datenschutzbehörde, ar comhlacht feidhmiúcháin é, faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an choiste sin agus, dá bhrí sin, níl sé d’inniúlacht aige cinneadh a dhéanamh maidir le gearán WK.

21      Le cinneadh an 23 Samhain 2020, sheas an Bundesverwaltungsgericht (an Chúirt Riaracháin Chónaidhme, an Ostair) leis an gcaingean arna tabhairt ag WK agus chuir sé cinneadh an Datenschutzbehörde ar neamhní. Chinn sí, go bunúsach, go bhfuil RGCS infheidhme maidir le gníomhartha an reachtais agus, dá bhrí sin, maidir le gníomhartha Choiste Fiosrúcháin BVT. Ceaptar raon feidhme ábhartha RGCS, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de, i dtéarmaí uileghabhálacha agus baineann sé le gach próiseáil sonraí, gan beann ar an eintiteas a dhéanann an phróiseáil agus feidhm Stáit an eintitis sin. Ina theannta sin, ní féidir maolú ar infheidhmeacht RGCS a thuiscint ó Airteagal 2(2) de, maidir le feidhmeanna áirithe de chuid an Stáit, amhail an fheidhm reachtach, ós rud é nach mór an maolú dá bhforáiltear i mír (a) den fhoráil sin a léiriú go sriantach. Dá bhrí sin, de réir an Bundesverwaltungsgericht (an Chúirt Riaracháin Chónaidhme), bhí an Datenschutzbehörde inniúil chun cinneadh a dhéanamh maidir le gearán WK, i gcomhréir le hAirteagal 77 den Rialachán sin.

22      Agus í ag éisteacht achomhairc ar phointe dlí a rinne an Datenschutzbehörde i gcoinne an chinnidh sin ón Bundesverwaltungsgericht (an Chúirt Riaracháin Chónaidhme), d’iarr an Verwaltungsgerichtof (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, an Ostair), arb í an chúirt a rinne an tarchur sa chás seo í, ar an gcéad dul síos, an bhfuil gníomhartha coiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint Bhallstáit, beag beann ar ábhar an fhiosrúcháin, fiú, arna eisiamh ó raon feidhme RGCS de bhua Airteagal 2(2)(a) de agus de bhua na chéad abairte d’Airteagal 16(2) CFAE, ar an bhforas gur gníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais é obair an choiste sin, de bharr a chineáil.

23      Sa chomhthéacs sin, chuir an chúirt a rinne an tarchur in iúl, ar an gcéad dul síos, i gcomhréir le cásdlí ábhartha na Cúirte a d’eascair, go háirithe, as breithiúnas an 9 Iúil 2020, Land Hessen (C‑272/19, EU:C:2020:535), nach féidir a cheangal, chun críocha RGCS a chur i bhfeidhm, gur cheart próiseáil na sonraí pearsanta lena mbaineann a dhéanamh go sonrach chun críocha a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, gur de chineál trasteorann a bheadh an phróiseáil sin nó go mbeadh éifeacht shonrach agus dhíreach aici ar shaoirse gluaiseachta idir na Ballstáit. Os a choinne sin, ní fhéadfar cur i bhfeidhm an Rialacháin sin a eisiamh ach amháin má chomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha chun an eisceacht faoi Airteagal 2(2)(a) go (d) den Rialachán sin a chur i bhfeidhm.

24      I ndáil leis sin, meabhraíonn an chúirt a rinne an tarchur nach mór, de réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais, Airteagal 2(2)(a) de RGCS, arna léamh i bhfianaise aithris 16 den Rialachán sin, a mheas mar Airteagal arb é an t‑aon chuspóir atá leis ná próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann údaráis Stáit le linn gníomhaíocht a bhfuil sé mar aidhm léi an tslándáil náisiúnta a chaomhnú nó gníomhaíocht a d’fhéadfaí a aicmiú sa chatagóir chéanna a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin sin. Cuimsítear leis na gníomhaíochtaí a bhfuil sé d’aidhm acu an tslándáil náisiúnta a chaomhnú a bheartaítear in Airteagal 2(2)(a) de RGCS, go háirithe, na gníomhaíochtaí sin a bhfuil sé mar aidhm leo feidhmeanna bunriachtanacha an Stáit agus leasanna bunúsacha na sochaí a chosaint [breithiúnais an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, míreanna 62 go 67 agus an cásdlí dá dtagraítear].

25      Ar an dara dul síos, cuirtear in iúl difríochtaí áirithe idir an coiste parlaiminteach atá i gceist sa chás as ar eascair breithiúnas an 9 Iúil 2020, Land Hessen (C‑272/19, EU:C:2020:535), eadhon Coiste Achainíocha Pharlaimint Land Hessen (Land Hessen, an Ghearmáin), agus Coiste Fiosrúcháin BVT. Go háirithe, ní hamháin go rannchuidíonn obair na cúirte sin go hindíreach le gníomhaíocht pharlaiminteach, ach is í croílár na gníomhaíochta sin í, mar gheall ar an bhfeidhm faireacháin a bhronn an B-VG ar choistí fiosrúcháin a bhunaigh an Tionól Náisiúnta.

26      Ar deireadh, tagraíonn an chúirt a rinne an tarchur do phrionsabal dheighilt na gcumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha, ar prionsabal é atá ina chuid dhílis de dhlí gach Ballstáit agus de dhlí an Aontais araon. Is fíor nach n‑eisiatar le hAirteagal 55(3) de RGCS ach inniúlacht na n‑údarás maoirseachta faireachán a dhéanamh ar phróiseáil sonraí pearsanta ag cúirteanna i bhfeidhmiú a ngníomhaíochtaí breithiúnacha agus nach gcumhdaítear leis próiseáil sonraí a dhéantar i gcomhthéacs chroílár na gníomhaíochta parlaimintí. D’fhéadfaí an tost sin a mhíniú, áfach, toisc nach dtagann an ghníomhaíocht dheireanach sin cheana féin, i gcás reachtas an Aontais, faoi raon feidhme an Rialacháin sin de bhua Airteagal 2(2)(a) de.

27      Ar an dara dul síos, deir an chúirt a rinne an tarchur go mbaineann ábhar imscrúdaithe Choiste Fiosrúcháin BVT le gníomhaíochtaí slándála náisiúnta, i bhfianaise aithris 16 de RGCS, nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais agus a eisiatar, dá bhrí sin, ó raon feidhme ábhartha an Rialacháin sin, i gcomhréir le hAirteagal 2(2)(a) de.

28      Dá bhrí sin, má ghlactar leis go dtagann gníomhaíocht an ghrinnscrúdaithe pharlaimintigh ar choiste fiosrúcháin, i bprionsabal, faoi raon feidhme dhlí an Aontais, de réir bhrí Airteagal 16(2) CFAE, bheadh sé fós riachtanach a fháil amach an bhfuil a ghníomhaíochtaí ar a laghad cumhdaithe leis an eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 2(2)(a) de RGCS, i bhfianaise go mbaineann ábhar an fhiosrúcháin le gníomhaíochtaí ar thaobh an fheidhmeannais, mar atá sa chás seo, nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais.

29      Ar an tríú dul síos, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, ag féachaint go háirithe do phrionsabal bunreachtúil dheighilt na gcumhachtaí san Ostair, an bhfuil dlínse ag an Datenschutzbehörde, an t‑aon údarás maoirseachta náisiúnta de réir bhrí Airteagal 51 de RGCS, ar bhonn an Rialacháin sin amháin, chun cinneadh a dhéanamh maidir le gearán amhail an gearán arna thaisceadh ag WK, in éagmais aon bhunús bunreachtúil sa dlí náisiúnta lena bhféadfaí inniúlacht den sórt sin a bhunú.

30      Sa chomhthéacs sin, chinn an Verwaltungsgerichtshof (an Chúirt Riaracháin Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘(1)      An dtagann gníomhaíochtaí de choiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint Bhallstáit, agus a ceart chun an feidhmeannas a ghrinnscrúdú á fheidhmiú aici, faoi raon feidhme dhlí an Aontais de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 16(2) CFAE, beag beann ar ábhar an fhiosrúcháin sin, agus dá réir sin go bhfuil [RGCS] infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag coiste fiosrúcháin pharlaimintigh de chuid Ballstáit?

Más freagra dearfach a gheofar ar an gcéad cheist:

(2)      An dtagann gníomhaíochtaí de choiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint Bhallstáit, agus a ceart chun an feidhmeannas a ghrinnscrúdú á fheidhmiú aici, ag a bhfuil mar ábhar an fhiosrúcháin sin gníomhaíochtaí de chuid údaráis póilíneachta um chosaint an Stáit, a bhaineann mar sin le gníomhaíochtaí i ndáil le cosaint na slándála náisiúnta de réir bhrí aithris 16 [RGCS], faoi réir raon feidhme na díolúine dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(a) RGCS?

Más freagra diúltach a gheofar ar an dara ceist:

(3)      Mura bhfuil – mar atá sá chás seo – ach údarás maoirseachta amháin curtha ar bun ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 51(1) RGCS, an dtagann inniúlacht an údaráis sin maidir le gearáin a éisteacht, dá dtagraítear i bhforálacha comhcheangailte Airteagal 77(1) agus Airteagal 55(1) de RGCS, go díreach [ó RGCS] cheana?’

 Na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú

 An chéad cheist

31      Lena céad cheist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá an chéad abairt d’Airteagal 16(2) CFAE agus Airteagal 2(2)(a) de RGCS a léiriú amhail go bhfuil gníomhaíocht, ar an gcúis amháin go bhfuil sé á dhéanamh ag coiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint Bhallstáit i bhfeidhmiú a cumhachta grinnscrúdaithe ar an bhfeidhmeannas, go bhfuil sé lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais agus, dá bhrí sin, lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin sin.

32      Foráiltear le hAirteagal 16 CFAE, arb é bunús dlí é do RGCS, i mír 2, go leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh síos rialacha a bhaineann, go háirithe, le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag na Ballstáit agus iad i mbun gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais.

33      I gcomhréir leis an bhforáil sin, tugann Airteagal 2(1) de RGCS sainmhíniú an‑leathan ar raon feidhme ábhartha an Rialacháin sin [breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 61]. Foráiltear leis go bhfuil feidhm ag an Rialachán ‘maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le sonraí pearsanta, ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, a phróiseáil trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe.’

34      Thairis sin, leagtar amach in Airteagal 2 de RGCS, i míreanna 2 agus 3 de, i dtéarmaí uileghabhálacha, na heisceachtaí ón riail lena gcinntear raon feidhme ábhartha an Rialacháin sin a leagtar síos i mír 1 de. Go háirithe, luaitear in Airteagal 2(2)(a) den Rialachán sin nach bhfuil feidhm aige maidir le próiseáil sonraí pearsanta má dhéantar an phróiseáil ‘mar chuid de ghníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais’.

35      Sa chomhthéacs sin, níl an chúirt a rinne an tarchur cinnte an gcumhdaítear próiseáil sonraí pearsanta le linn gníomhaíocht coiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint Bhallstáit i bhfeidhmiú a cumhachta grinnscrúdaithe ar an bhfeidhmeannas, in aon chás agus gan beann ar ábhar an fhiosrúcháin, leis an eisceacht a leagtar síos san fhoráil sin.

36      I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, faoi réir na gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus (3) de, go bhfuil feidhm ag RGCS maidir le próiseáil a dhéanann daoine príobháideacha agus údaráis phoiblí araon (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Márta 2022, Autoriteit Persoonsgegevens, C‑245/20, EU:C:2022:216, mír 25).

37       Is léir ó chásdlí na Cúirte nach mór an eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 2(2) de RGCS a léiriú go docht [breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 62 agus an cásdlí dá dtagraítear). Sa chomhthéacs sin, bhí an deis ag an gCúirt roimhe seo a shoiléiriú go bhfuil Airteagal 2(2)(a) den Rialachán sin, arna léamh i bhfianaise aithris 16 de, ceaptha chun próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann údaráis Stáit le linn gníomhaíocht a bhfuil sé mar aidhm léi an tslándáil náisiúnta a chaomhnú nó gníomhaíocht a d’fhéadfaí a aicmiú sa chatagóir chéanna a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin sin, agus é mar thoradh air sin nach leor gníomhaíocht mar shaintréith ghníomhaíochta de chuid an Stáit nó de chuid údaráis phoiblí chun an eisceacht sin a bheith infheidhme go huathoibríoch maidir le gníomhaíocht den sórt sin [breithiúnais an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 66, agus an 20 Deireadh Fómhair 2022, Koalitsia ‘Demokratichna BulgariaObedinenie’, C‑306/21, EU:C:2022:813, mír 39).

38      Is as Airteagal 4(7) den Rialachán sin, ina sainmhínítear an coincheap ‘rialaitheoir’ mar thagairt do ‘an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t‑údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an chomhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála sin’ a n‑eascraíonn an léiriú sin, rud a fhágann nach ndéanann Airteagal 2(1) de RGCS idirdhealú ag brath ar chéannacht an rialaitheora lena mbaineann.

39      Is trí léiriú a dhéanamh ar an bhforáil dheireanach sin gur chinn an Chúirt, a mhéid a chinneann sí, aisti féin nó le daoine eile, críocha agus modhanna na próiseála, nach mór Coiste um Achainíocha de chuid Parlaiminte Stáit chónaidhmithe de chuid Ballstáit a aicmiú mar ‘rialaitheoir’, de réir bhrí na forála sin, agus mar thoradh air sin go dtagann próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann coiste den sórt sin faoi raon feidhme an Rialacháin sin (breithiúnas an 9 Iúil 2020, Land Hessen, C‑272/19, EU:C:2020:535, mír 74).

40      Ní chiallaíonn an fíoras, dá dtagraítear ag Präsident des Nationalrates (Uachtarán an Tionóil Náisiúnta, an Ostair), murab ionann agus an Coiste um Achainíocha atá i gceist sa chás ba chúis le breithiúnas an 9 Iúil 2020, Land Hessen (C‑272/19, EU:C:2020:535), nár rannchuidigh ach go hindíreach leis an ngníomhaíocht pharlaiminteach, gur comhlacht é Coiste Fiosrúcháin BVT a bhfuil a ghníomhaíocht go díreach agus go heisiach de chineál parlaiminteach, ní chiallaíonn sé go ndéantar a ghníomhaíochtaí a eisiamh ó raon feidhme RGCS.

41      Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 84 dá Thuairim, ní thagraíonn an eisceacht ó raon feidhme RGCS dá bhforáiltear in Airteagal 2(2)(a) den Rialachán sin ach do chatagóirí gníomhaíochtaí a thagann, de réir a gcineáil, lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais, agus ní do chatagóirí daoine, ag brath ar cé acu de chineál príobháideach nó poiblí iad, nó, i gcás inar údarás poiblí é an rialaitheoir, don fhíoras go dtagann a chúraimí agus a dhualgais go díreach agus go heisiach faoi raon feidhme cumhachta poiblí áirithe, gan baint a bheith ag an gcumhacht sin le gníomhaíocht nach dtagann, i gcás ar bith, faoi raon feidhme dhlí an Aontais.

42      Dá réir sin, ós rud é gur coiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint Bhallstáit i bhfeidhmiú a cumhachta grinnscrúdaithe ar an bhfeidhmeannas a dhéanann an phróiseáil ar shonraí pearsanta, ní shuitear, dá réir sin, go ndéantar an phróiseáil sin le linn gníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, de réir bhrí Airteagal 2(2)(a) de RGCS.

43      I bhfianaise an mhéid sin, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór an chéad abairt d’Airteagal 16(2) CFAE agus Airteagal 2(2)(a) de RGCS a léiriú amhail nach féidir a mheas go bhfuil gníomhaíocht lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais agus, dá bhrí sin, nach dtagann sí faoi raon feidhme an Rialacháin sin ar an gcúis go bhfuil sé á dhéanamh ag coiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint Bhallstáit i bhfeidhmiú a cumhachta grinnscrúdaithe ar an bhfeidhmeannas agus ar an gcúis sin amháin.

 An dara ceist

44      Maidir leis an dara ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 2(2)(a) de RGCS, arna léamh i bhfianaise aithris 16 de, a léiriú amhail nach féidir gníomhaíochtaí coiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint Bhallstáit i bhfeidhmiú a cumhachta grinnscrúdaithe ar an bhfeidhmeannas, arb é is cuspóir dó imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí de chuid údaráis póilíneachta um chosaint an Stáit mar gheall ar amhras faoi thionchar polaitiúil ar an údarás sin, a mheas mar ghníomhaíochtaí a bhaineann le slándáil náisiúnta a thagann lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais de réir bhrí na forála sin.

45      Mar a meabhraíodh i mír 37 thuas, ní mór Airteagal 2(2)(a) de RGCS a léiriú go docht agus tá sé ceaptha chun próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann údaráis Stáit le linn gníomhaíocht a bheartaítear chun slándáil náisiúnta a chaomhnú nó gníomhaíocht a d’fhéadfaí a aicmiú sa chatagóir chéanna a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin sin, agus chuige sin amháin.

46      Cuimsítear leis na gníomhaíochtaí a bhfuil sé d’aidhm acu an tslándáil náisiúnta a chaomhnú de réir bhrí Airteagal 2(2)(a) de RGCS, go háirithe, na gníomhaíochtaí sin atá ceaptha feidhmeanna bunriachtanacha an Stáit agus leasanna bunúsacha na sochaí a chosaint [breithiúnais an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 67, agus an 20 Deireadh Fómhair 2022, Koalitsia ‘Demokratichna Bulgaria Obedinenie’, C‑306/21, EU:C:2022:813, mír 40].

47      I gcomhréir le hAirteagal 4(2) CAE, is iad na Ballstáit amháin atá freagrach as na gníomhaíochtaí sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Iúil 2021, Ministrstvo za obrambo, C‑742/19, EU:C:2021:597, mír 36).

48      Sa chás seo, is léir ón gcomhad atá os comhair na Cúirte gur bhunaigh an Tionól Náisiúnta Coiste Fiosrúcháin BVT chun imscrúdú a dhéanamh an raibh aon tionchar polaitiúil ar BVT, arbh é a bhí mar chúram air, le linn na tréimhse atá i gceist sna príomhimeachtaí, cosaint an Bhunreachta a áirithiú agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac.

49      Áitíonn Uachtarán an Tionóil Náisiúnta agus Rialtas na Seice, go bunúsach, ós rud é go n‑áirítear ‘gníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta’ ar chúraimí BVT, gur cumhdaíodh a ghníomhaíochtaí leis an eisceacht a leagtar síos in Airteagal 2(2)(a) de RGCS. Dar leo, tá gníomhaíochtaí coiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint Bhallstáit atá comhdhéanta de ghrinnscrúdú a fheidhmiú ar chomhlachtaí Stáit atá freagrach, mar a tharla i gcás BVT, as an tslándáil náisiúnta a choimirciú cumhdaithe freisin faoi choincheap na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta. Is é is cuspóir do ghníomhaíocht grinnscrúdaithe an choiste fiosrúcháin sin a fháil amach an bhfuil an tslándáil náisiúnta á coimirciú i gceart ag na húdaráis atá faoi ghrinnscrúdú.

50      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé gur faoi na Ballstáit atá sé, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) CAE, a leasanna bunúsacha slándála a shainiú agus bearta iomchuí a dhéanamh chun a slándáil inmheánach agus sheachtrach a áirithiú, ós rud é go ndearnadh beart náisiúnta chun an tslándáil náisiúnta a chosaint, ní féidir dlí an Aontais a fhágáil neamh-infheidhme agus na Ballstáit a dhíolmhú ón ngá atá ann dlí an Aontais a chomhlíonadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Iúil 2021, Ministrstvo za obrambo, C‑742/19, EU:C:2021:597, mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear).

51      Mar a meabhraíodh i mír 41 thuas, tagraíonn an eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 2(2)(a) de RGCS do chatagóirí gníomhaíochtaí amháin a thagann, de réir a gcineáil, lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais, agus ní do chatagóirí daoine, ag brath ar cé acu de chineál príobháideach nó poiblí iad, nó, i gcás inar údarás poiblí é an rialaitheoir, go dtagann a chúraimí agus a dhualgais go díreach agus go heisiach faoi raon feidhme cumhachta poiblí áirithe, gan an chumhacht sin a bheith nasctha le gníomhaíocht nach dtagann, in aon chás, faoi raon feidhme dhlí an Aontais. I ndáil leis sin, ós rud é gur údarás poiblí é an rialaitheoir arb é a phríomhghníomhaíocht an tslándáil náisiúnta a chosaint, ní leor é sin chun próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann an t‑údarás sin le linn gníomhaíochtaí eile a dhéanann sé a eisiamh ó raon feidhme RGCS.

52      Sa chás seo, is léir ón gcomhad atá os comhair na Cúirte gurb é cuspóir an choiste fiosrúcháin atá i gceist sna príomhimeachtaí grinnscrúdú polaitiúil a dhéanamh ar ghníomhaíocht BVT mar gheall ar amhras go bhfuil tionchar polaitiúil aige ar an gcomhlacht sin, gan an grinnscrúdú sin a bheith cosúil gur gníomhaíocht í, sa cháil sin, a beartaíodh chun an tslándáil náisiúnta a chaomhnú nó a d’fhéadfaí a aicmiú sa chatagóir chéanna, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 45 thuas. Dá bhrí sin, faoi réir fíorú na cúirte a rinne an tarchur, ní thagann an ghníomhaíocht sin lasmuigh de raon feidhme RGCS de bhua Airteagal 2(2)(a) de.

53      É sin ráite, féadfaidh coiste fiosrúcháin pharlaimintigh, amhail an ceann atá i gceist sna príomhimeachtaí, rochtain a bheith aige, le linn a chuid oibre, ar fhaisnéis, go háirithe sonraí pearsanta, nach mór, ar chúiseanna slándála náisiúnta, cosaint speisialta a bheith acu, arb é a bheidh inti, mar shampla, teorainn a chur leis an bhfaisnéis atá le soláthar d’ábhair sonraí maidir le bailiú na sonraí sin nó rochtain ag na daoine sin ar na sonraí sin.

54      Maidir leis sin, foráiltear le hAirteagal 23 de RGCS go bhféadfar teorainneacha a leagan síos, trí bhíthin beart reachtach, maidir leis na hoibleagáidí agus na cearta dá bhforáiltear in Airteagail 5, 12 go 22 agus 34 de RGCS chun slándáil náisiúnta nó feidhm faireacháin a bhaineann le feidhmiú an údaráis phoiblí, go háirithe i gcomhthéacs na slándála náisiúnta, a chosaint.

55      Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an ceanglas maidir leis an tslándáil náisiúnta a choimirciú údar cuí a thabhairt, trí bhíthin beart reachtach, le teorainneacha ar na hoibleagáidí agus ar na cearta a eascraíonn as RGCS, go háirithe maidir le sonraí pearsanta a bhailiú, faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí agus an rochtain atá acu ar na sonraí sin, nó nochtadh na sonraí sin, gan toiliú na n‑ábhar sonraí, do dhaoine seachas an rialaitheoir, ar choinníoll go n‑urramaítear, leis na teorainneacha sin, éirim chearta agus shaoirsí bunúsacha na n‑ábhar sonraí agus gur beart riachtanach agus comhréireach iad i sochaí dhaonlathach.

56      Sa chás seo, ní léir ón gcomhad atá os comhair na Cúirte, áfach, gur líomhain Coiste Fiosrúcháin BVT gur ghá sonraí pearsanta WK a nochtadh, a rinneadh nuair a foilsíodh miontuairiscí a éisteachta os comhair an choiste sin ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hOstaire, gan a thoiliú, chun an tslándáil náisiúnta a chosaint agus go raibh a bhunús i mbeart reachtach náisiúnta a leagadh síos chuige sin. Mar sin féin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé, i gcás inarb iomchuí, na fíoruithe is gá a dhéanamh ina leith sin.

57      I bhfianaise an mhéid sin, is é an freagra ar an dara ceist nach mór Airteagal 2(2)(a) de RGCS, arna léamh i bhfianaise aithris 16 de, a léiriú amhail nach féidir gníomhaíochtaí coiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint Bhallstáit i bhfeidhmiú a cumhachta grinnscrúdaithe ar an bhfeidhmeannas, arb é is cuspóir dó imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí de chuid údaráis póilíneachta um chosaint an Stáit mar gheall ar amhras faoi thionchar polaitiúil ar an údarás sin, a mheas mar ghníomhaíochtaí a bhaineann le slándáil náisiúnta a thagann lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais de réir bhrí na forála sin.

 An tríú ceist

58      Maidir leis an tríú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 77(1) agus Airteagal 55(1) RGCS a léiriú amhail, i gcás inar roghnaigh Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 51(1) den Rialachán sin, údarás maoirseachta aonair a bhunú, gan, áfach, an chumhacht a thabhairt dó faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm RGCS ag coiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint an Bhallstáit sin i bhfeidhmiú a cumhachta grinnscrúdaithe ar an bhfeidhmeannas, go dtugann na forálacha sin an chumhacht go díreach don údarás sin scrúdú a dhéanamh ar ghearáin a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta arna ndéanamh ag an gcoiste fiosrúcháin sin.

59      Chun an cheist sin a fhreagairt, ba cheart a mheabhrú, faoin dara fomhír d’Airteagal 288 CFAE, go bhfuil an Rialachán ina cheangal go huile agus go hiomlán agus go bhfuil sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

60      De réir cásdlí socair, faoin bhforáil sin agus de bhua chineál na Rialachán agus a bhfeidhme i gcóras fhoinsí dhlí an Aontais, is iondúil go mbíonn éifeacht láithreach ag forálacha na Rialachán sna córais dlí náisiúnta gan é a bheith riachtanach do na húdaráis náisiúnta bearta cur i bhfeidhm a ghlacadh (breithiúnas an 15 Meitheamh 2021, Facebook Ireland agus páirtithe eile, C‑645/19, EU:C:2021:483, mír 110 agus an cásdlí dá dtagraítear).

61      Ar thaobh amháin, de réir Airteagal 77(1) de RGCS, tá sé de cheart ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta, má mheasann an t‑ábhar sonraí go sáraíonn an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi an Rialachán sin. Ar an taobh eile, faoi Airteagal 55(1) den Rialachán sin, tá gach údarás maoirseachta inniúil chun na cúraimí a sannadh dó a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a tugadh dó a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán sin ar chríoch a Bhallstáit féin

62      Is léir ó fhoclaíocht na bhforálacha sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 132 dá Thuairim, nach gceanglaítear le hAirteagal 77(1) agus Airteagal 55(1) de RGCS, chun iad a chur chun feidhme, bearta náisiúnta cur chun feidhme a ghlacadh agus go bhfuil siad soiléir, beacht agus neamhchoinníollach go leor chun éifeacht dhíreach a bheith acu.

63      Dá bhrí sin, cé go dtugtar corrlach lánroghnach le RGCS, i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de, do na Ballstáit maidir le líon na n‑údarás maoirseachta atá le bunú, cinneann sé, áfach, méid na hinniúlachta nach mór do na húdaráis sin a bheith acu, gan beann ar a n‑uimhir, chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin sin.

64      Chuige sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 137 dá Thuairim, i gcás ina roghnaíonn Ballstát údarás maoirseachta aonair a bhunú, ní mór go mbeadh na cumhachtaí go léir a thugann RGCS do na húdaráis mhaoirseachta ag an údarás sin.

65      Le haon léiriú eile, chaithfí amhras ar éifeachtacht Airteagal 55(1) agus Airteagal 77(1) de RGCS agus bheadh an baol ann go lagófaí éifeachtacht fhorálacha eile go léir den Rialachán sin a d’fhéadfadh a bheith ina n‑ábhar gearáin.

66      Thairis sin, i gcás ina raibh sé beartaithe ag reachtas an Aontais inniúlacht na n‑údarás maoirseachta a theorannú chun maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála a dhéanann údaráis phoiblí, rinne sé amhlaidh go sainráite, mar a léirítear le hAirteagal 55(3) de RGCS, ar dá bhun nach bhfuil na húdaráis sin inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála a dhéanann cúirteanna ag gníomhú dóibh ina gcáil bhreithiúnach.

67      D’áitigh an Datenschutzbehörde, Uachtarán an Tionóil Náisiúnta agus Rialtas na hOstaire go gcuireann forálacha dhlí na hOstaire a bhfuil stádas bunreachtúil acu toirmeasc ar an bhfeidhmeannas aon ghrinnscrúdú a dhéanamh ar an gcumhacht reachtach. I ndáil leis sin, eisiatar leis na forálacha sin an fhéidearthacht go ndéanfadh an Datenschutzbehörde, atá ag brath ar an bhfeidhmeannas, faireachán ar chur i bhfeidhm RGCS ag Coiste Fiosrúcháin BVT, ar comhlacht é a bhaineann leis an gcumhacht reachtach.

68      Sa chás seo, áfach, tá sé go beacht i gcomhréir le struchtúr bunreachtúil na mBallstát nach gceanglaítear le hAirteagal 51(1) RGCS ach ar na Ballstáit údarás maoirseachta amháin ar a laghad a bhunú, agus ag an am céanna an deis a thabhairt dóibh níos mó ná údarás amháin a bhunú. Thairis sin, luaitear in aithris 117 den Rialachán sin gur cheart go mbeadh na Ballstáit a bheith in ann níos mó ná údarás maoirseachta amháin a bhunú, d’fhonn struchtúr bunreachtúil, eagraíochtúil agus riaracháin an Bhallstáit a léiriú.

69      Dá bhrí sin, le hAirteagal 51(1) de RGCS tugtar corrlach lánroghnach do gach Ballstát lena gcuirtear ar a chumas an méid údarás maoirseachta is gá a bhunú, go háirithe i bhfianaise a struchtúir bhunreachtúil.

70      Thairis sin, ní mór a mheabhrú nach féidir ligean do Bhallstát a bheith ag brath ar fhorálacha an dlí náisiúnta chun an bonn a bhaint d’aontacht agus d’éifeachtacht dhlí an Aontais. Tá éifeachtaí phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais ceangailteach ar chomhlachtaí uile Ballstáit, gan, inter alia, forálacha an dlí náisiúnta agus lena n‑áirítear forálacha bunreachtúla, bheith in ann bac a chur orthu [breithiúnas an 22 Feabhra 2022, RS (Éifeacht breithiúnas de chúirt bhunreachtúil), C‑430/21, EU:C:2022:99, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear).

71      Más rud é, faoi chuimsiú a chorrlaigh lánroghnaigh féin, gur roghnaigh Ballstát údarás maoirseachta aonair a bhunú, ní féidir leis brath ar fhorálacha an dlí náisiúnta, bíodh siad de chineál bunreachtúil, chun próiseáil sonraí pearsanta a thagann faoi raon feidhme RGCS a eisiamh ó mhaoirseacht an údaráis sin.

72      I bhfianaise an mhéid sin, is é an freagra ar an tríú ceist nach mór Airteagal 77(1) agus Airteagal 55(1) RGCS a léiriú amhail go gciallaíonn sé, i gcás inar roghnaigh Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 51(1) den Rialachán sin, údarás maoirseachta aonair a bhunú, gan an chumhacht a thabhairt dó, áfach, faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin sin ag coiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint an Bhallstáit sin i bhfeidhmiú a cumhachta grinnscrúdaithe ar an bhfeidhmeannas, tugann na forálacha sin an chumhacht go díreach don údarás sin scrúdú a dhéanamh ar ghearáin a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta arna ndéanamh ag an gcoiste fiosrúcháin sin.

 Costais

73      Ós rud é, sa mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Maidir leis an gcéad abairt d’Airteagal 16(2) CFAE agus Airteagal 2(2)(a) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí),

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní féidir gníomhaíocht a mheas mar ghníomhaíocht atá lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais agus, dá bhrí sin, nach dtagann sí faoi raon feidhme an Rialacháin sin ar an gcúis go bhfuil sé á dhéanamh ag coiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint Bhallstáit i bhfeidhmiú a cumhachta grinnscrúdaithe ar an bhfeidhmeannas, agus ar an gcúis sin amháin.

2.      Maidir le hAirteagal 2(2)(a) de Rialachán 2016/679, arna léamh i bhfianaise aithris 16 den Rialachán sin,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní féidir gníomhaíochtaí coiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint Bhallstáit i bhfeidhmiú a cumhachta grinnscrúdaithe ar an bhfeidhmeannas, arb é is cuspóir dóibh imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí de chuid údaráis póilíneachta um chosaint an Stáit mar gheall ar amhras faoi thionchar polaitiúil ar an údarás sin, a mheas mar ghníomhaíochtaí a bhaineann le slándáil náisiúnta atá lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais de réir bhrí na forála sin.

3.      Maidir le hAirteagal 77(1) agus Airteagal 55(1) de Rialachán 2016/679,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás inar roghnaigh Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 51(1) den Rialachán sin, údarás maoirseachta aonair a bhunú, gan, áfach, an chumhacht a thabhairt dó faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin sin ag coiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint an Bhallstáit sin i bhfeidhmiú a cumhachta grinnscrúdaithe ar an bhfeidhmeannas, tugann na forálacha sin go díreach don údarás sin an chumhacht chun gearáin a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta arna ndéanamh ag an gcoiste fiosrúcháin sin a scrúdú.

Sínithe


*      Bunteanga: an Ghearmáinis.