Caingean arna tabhairt an 15 Lúnasa 2023 – Listan v EUIPO (Silent Loop)
(Cás T-501/23)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Listan GmbH (Glinde, an Ghearmáin) (ionadaithe: S. Pietzcker agus C. Spintig, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach den fhocalmharc “Silent Loop” – Iarratas ar chlárú Uimh. 1 624 519
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 8 Meitheamh 2023 i gCás R 187/2023-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear iad siúd arna dtabhú ag an iarratasóir.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________